Cad iad na grúpaí polaitiúla agus conas a dhéantar iad a bhunú?
Tar éis na dtoghchán, rachaidh an chuid is mó de na FPEnna isteach i ngrúpa polaitiúil nó cruthóidh siad grúpaí nua. Tagann FPEnna ó Bhallstáit éagsúla le chéile sna grúpaí de réir a gcleamhnachtaí polaitiúla. Is féidir grúpaí a bhunú níos déanaí sa sainordú parlaiminteach. Faoi láthair tá seacht ngrúpa pholaitiúla i bParlaimint na hEorpa.
Caithfidh 23 FPE ar a laghad – agus iad as an gceathrú cuid ar a laghad de na Ballstáit (i.e. seachtar feisirí, ar a laghad) – a bheith i ngrúpa a aithnítear go foirmiúil. Ní fhéadfaidh na í a bheith bainteach ach le haon ghrúpa polaitiúil amháin. Tá roinnt FPEnna ann nach mbaineann le grúpa polaitiúil ar bith agus tugtar í ‘neamhcheangailte’ orthu siúd.
Chun grúpa a chur ar bun, ní mór fógra a thabhairt d’Uachtarán na Parlaiminte i ráiteas ina sonraítear ainm an ghrúpa, a Fheisirí agus a cheannaireacht.
Agus grúpa á bhunú acu, glacann na FPEnna le cleamhnacht pholaitiúil mar réamhshocrú agus ní dhéanann an Pharlaimint measúnú de ghnáth ar chomhtháthú polaitiúil idir comhaltaí an ghrúpa. I gcás ina ndéanann na FPEnna féin lena mbaineann é a bhréagnú, agus sa chás sin amháin, glacfaidh an Pharlaimint páirt chun a mheas ar bunaíodh grúpa i gcomhréir leis na rialacha.
Grúpaí polaitiúla
Is féidir le grúpaí polaitiúla foireann a fhostú agus spás oifige a fháil agus cistiú á fháil acu trí bhuiséad na Parlaiminte. Leagann Biúró na Parlaiminte síos rialacha i dtaobh an chaoi a ndéantar na cistí agus na saoráidí sin a bhainistiú agus a iniúchadh. Cumhdaíonn na cistí a chuirtear ar fáil do ghrúpaí costais riaracháin agus oibriúcháin fhoirne na ngrúpaí, chomh maith le speansais a thabhaítear mar gheall ar fheachtais pholaitiúla agus faisnéise a bhaineann leis an Aontas.
Ní féidir maoiniú a thabhairt ón mbuiséad d’aon chineál feachtais toghcháin Eorpaigh, náisiúnta, réigiúnaigh nó áitiúil ná d’aon pháirtí polaitiúil ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach ná dá gcomhlachtaí cleithiúnacha.
Is féidir le FPEnna neamhcheangailte comhairleoirí a fhostú atá inchomparáide leo siúd i ngrúpaí polaitiúla agus a bhfuil cearta acu faoi na rialacha atá leagtha amach ag an mBiúró.