éú an Aontais Eorpaigh: conas a théann tíortha nua isteach ann?
Foghlaim faoin tslí a tharlaíonn méadú agus conas is féidir le tíortha nua a bheith mar bhaill den Aontas Eorpach.
Deis atá i meadú AE chun síocháin agus seasmhacht a chothú san Eoraip, borradh a chur faoin rathúnas dá shaoránaigh agus deiseanna a chruthú dá chuideachtaí.
Tá buntáistí ann do thíortha atá ar tí teacht isteach chomh maith – tá nasc níos láidre acu le AE, tugtar tacaíocht níos fearr dá gcearta bunúsacha agus is féidir leo leas a bhaint as maoiniú agus saineolas AE chun próiséas níos éifeachtúlaí a chruthú.
D'fhógair ceannairí AE i mí na Nollag 2023 go naithneofar an tSeoirsia mar thír is iarrthóir agus go dtósnódh cainteanna ballraíochta leis an Úcráin agus an Mholdóiv. Cuireadh tús leis na cainteanna ballraíochta leis an Mholdóiv agus an Úcráin ar an 25 Meitheamh 2024. I Márta 2024, d'aontaigh ceannairí thíortha an Aontais ar chainteanna ballraíochta a thosú leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin.
Cad iad na tíortha a theastaíonn uathu dul isteach in AE?
Is iad an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Úcráin agus an Tuirc na tíortha iarrthóra do bhallraíocht AE, ach cuireadh stad le hidirbheartaíochtaí aontachais leis an Tuirc in 2018. Toisc go bhfuil siad buartha faoin méid atá ag dul ar aghaidh sa Tuirc, go háirithe i gcás riail an dlí agus saoirse na meán, tá feisirí tar éis an méid seo a lorg le fada.
Is iarrthóir féideartha í an Chosaiv.
Cad iad na critéir cháilitheacha a bhaineann le stádas tír is iarrthóir AE?
Chun cur isteach ar bhallraíocht AE, ní mór don tír a bheith Eorpach agus meas a bheith aici ar luachanna daonlathacha AE. Tá institiúidí seasmhacha a dheimhníonn an daonlathas agus forlámhas an dlí ag teastáil freisin; geilleagar margaidh atá ag feidhmiú mar is ceart; agus a bheith in ann glacadh leis na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht AE agus iad a chomhlíonadh.
Cén tacaíocht atá ar fáil do thíortha agus iad ag déanamh iarratais?
Baineann tíortha iarrthóra tairbhe as maoiniú AE agus mionchomhairle maidir le beartas, chomh maith le Comhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais, rud a chuireann margadh inmheánach an AE ar fáil dóibh.
Conas a oibríonn an próiseas méadaithe?
Is féidir iarrthóir oifigiúil a dhéanamh de thír a luaithe agus a chomhlíonann sé na critéir ó thaobh polaitíochta de, ó thaobh eacnamaíochta de agus ó thaobh an leasaithe de. Ansin, is féidir leis dul i mbun idirbheartaíochta maidir leis na , rud a chlúdaíonn go leor réimsí beartais éagsúla ó thaobh an AE de. Agus na cainteanna agus na leasuithe críochnaithe, cuirtear Comhaontú maidir le hAontachas i gcrích, agus caithfidh gan aon bhallstát AE, chomh maith leis an tír féin, é seo a dhaingniú.
Conas atá an tAontas Eorpach ag leathnú amach sa lá atá inniu ann?
Rinne an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin iarratas a bheith mar bhaill AE toisc ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin in 2022. Chuir an tAontas tús le cainteanna ballraíochta leis an Mholdóiv agus an Úcráin i mí an Mheithimh 2024 agus aithníodh an tSeoirsia mar thír is iarrthóir i mí na Nollag 2023.
Ina theannta sin, tá sé ar intinn ag AE ballraíocht a dheonú do , ar mhaithe leis an réigiún a chobhsú, leasuithe bunriachtanacha a chur chun cinn agus dea-chaidreamh a chothú.
Cén ról atá ag an bParlaimint?
Déanann feisirí plé ar caitheann siad vóta maidir le tuairiscí bliantúla ar dhul chun cinn do gach aon thír, rud a thugann deis dóibh ábhair imní a aithint.
Tá ceadú na Parlaiminte ag teastáil freisin sula bhfuil tír in ann ballraíocht AE a ghlacadh.
Tugann an Pharlaimint lántacaíocht don phróiséas méadaithe. In oráid a rinne sí i mí Dheireadh Fómhair 2023, dúirt Roberta Metsola, Uachtarán na Parlaiminte, gurb é an méadú an Aontais an uirlis gheopholaitiúil is tábhachtaí atá ann. “Is í seo an chúis go bhfuil stádas iarrthóra AE á lorg ag an bParlaimint don Úcráin agus don Mholdóiv,” a dúirt sí. “Tugann an stádas seo dearcadh Eorpach soiléir do na náisiúin seo agus spreagadh dóibh leasuithe daonlathacha a chur chun cinn. Ní gá ach féachaint siar ar an 20 bliain atá díreach caite chun tuiscint a fháil ar dheathionchar an mhéadaithe. Is fiú dúinn iarracht ar leith a dhéanamh fáilte a chur roimh na hiarrthóirí nua roimh dheireadh na bliana, fad is go bhfuil siad réidh glacadh leis an dtairiscint seo.”
Tá an Pharlaimint ag éileamh bhallraíocht na hÚcráine agus na Moldóive in AE le fada. Chuir feisirí fáilte roimh chinneadh Chomhairle na hEorpa ballraíocht a thairiscint dóibh i mí Iúil 2022.
I gcás tíortha sna Balcáin Thiar, tá an Pharlaimint fós ag tacú lena mballraíocht. Ghlac feisirí le rún i mí an Mheithimh 2020 chun cabhair a thabhairt dóibh leis an bpróiséas méadaithe seo.
I rún arna glacadh i mí na Nollag 2023, d'éiligh an Pharlaimint ar an Aontas cainteanna ballraíochta a thosú leis an Mholdóiv agus an Úcráin, chomh maith leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, fad agus go gcomhlíonann sí céimeanna athchóirithe faoi leith. Ina theannta sin, tá amchlár soiléir á lorg ag feisirí ionas go dtiocfadh deireadh le hidirbheartaíochtaí roimh dheireadh na deich mbliana amach romhainn agus chun go n-aithneofar an tSeoirsia mar thír is iarrthóir.