Athchóiriú an dúlra: aire níos fearr a thabhairt do ghnáthóga in AE
Ní hamháin go dteastaíonn ón Aontas Eorpach an dúlra a chaomhnú - ba mhaith leis é a athchóiriú. Tá dlí nua glactha ag Parlaimint chun an sprioc seo a bhaint amach.
Thug feisirí a gcuid tacaíochta do dhlí nua i mí Feabhra 2024 atá mar chuid d'iarrachtaí an Aontais an bhithéagsúlacht a chaomhnú san Eoraip. Cuireann an dlí seo ceangal ar gach tír in AE aghaidh a thabhairt ar ghnáthóga nádúrtha a athchóiriú.
Tuilleadh léitheoireachta maidir le cailliúint na bithéagsúlachta
Cén fáth nach mór dúinn an dúlra a athchóiriú?
Tá an-chuid dár mbithéagsúlacht tar éis dul in éag thar na blianta agus tá feisirí ar aon intinn nach mór d'AE níos mó a dhéanamh chun a mhalairt de threocht a chruthú. Tá drochbhail ar níos mó ná 80% de ghnáthóga Eorpacha faoi láthair agus is é is aidhm don dlí nua seo dul i ngleic leis an bhfadhb seo.
Is foinse bunriachtanach de bhia cothaitheach, oscaigin agus acmhainní nádúrtha é an dúlra. Fiú má táimid ag brath ar na rudaí seo chun maireachtáil, nílimid á gcothú. Is léir ó thuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil in 2020 go bhfuil baol ann go scriosfar an dúlra ag truailliú agus athrú na haeráide, agus go ndíothófar speiceas faoi leith. Is é is aidhm don reachtaíocht nua seo todhchaí níos glaise a chothú tríd athruithe faoi leith a chur i bhfeidhm.
Tuilleadh léitheoireachta maidir le speiceas san Aontas atá i mbaol
Cad iad na hathruithe a dhéanfar?
Cuirfidh an dlí nua seo ceangal ar gach tír in AE gníomhú ina leith. Beidh sé riachtanach do gach tír plean náisiúnta don athchóiriú a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm a dhíríonn ar na fadhbanna is práinní sa tír sin. Ar bhonn náisiúnta, ní mór do na ballstáit obair a dhéanamh ar na spriocanna seo a leanas:
- Plandaí neamhdhúchasacha a bhaint ó thalaimh fhéaraigh, bogaigh agus foraoiseacha
- Talaimh phortaigh a athfhliuchú
- Ceangal níos fearr a chruthú idir ghnáthóga
- Úsáid lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú nó a stopadh
- Caomhnú an fhásaigh a chur chun cinn
Tá sé mar aidhm ag AE feabhas a chur ar bhail gach éiceachóras a bhfuil athchóiriú de dhíth air faoin mbliain 2050. Cuirfear na spriocanna i bhfeidhm i ngach tír san Aontas. Ní mór athchóiriú a dhéanamh ar:
- 20% de thalamh agus farraigí faoin mbliain 2030
- Ar a laghad 30% de ghnáthóga úruisce, talún, cósta a bhfuil drochbhail orthu faoi 2030.
- 60% de ghnáthóga a bhfuil drochbhail orthu faoi 2040 agus 90% faoi 2050.
Beidh sé de dhualgas ar thíortha an Aontais deimhin a dhéanamh de nach dtarlóidh meath suntasach i réimse ar bith a bhfuil athchóiriú de dhíth air.
Is é is aidhm do na rialacha nua feabhas a chur ar an mbithéagsúlacht i dtalamh talmhaíochta, san innéacs féileacán féarthalún agus éin ar thalamh feirme, chomh maith le níos mó spásanna glasa a chruthú i gceantair uirbeacha. Príomhaidhm eile de chuid na rialacha nua seo ná dul i ngleic leis an meath atá tagtha ar líon na bpailneoirí.
3 bhilliún
crann sa bhreis a chaithfear a chur in AE roimh 2030
Le linn idirbheartaíochtaí, chuir Parlaimint brú ar thíortha an Aontais 3 bhilliún crann sa bhreis a chur faoin mbliain 2030.
D'ullmhaigh feisirí plean chun dul i ngleic le géarchéim bhia trí choscán éigeandála a shocrú leis an gComhairle. Is éard is ciall leis seo ná go bhféadfadh le tíortha spriocanna athchóirithe a chur ar fionraí i gcás fadhbanna le táirgeadh bia.
Ghlac an Chomhairle an dlí seo maidir le hathchóiriú an dúlra i mí an Mheithimh 2024.