Ϸվ

ճܲá - A10-0036/2025ճܲá
A10-0036/2025

MOLADHmaidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua maidir le Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021 - Aibreán 2028, an Chomhaontaithe idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021 - Aibreán 2028, an Phrótacail Bhreise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua agus an Phrótacail Bhreise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn

21.3.2025-(10005/2024 – C10‑0103/2024 – )-***

An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Rapóirtéir: Željana Zovko

Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
A10-0036/2025
Téacsanna arna gcur síos :
A10-0036/2025
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua maidir le Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021 - Aibreán 2028, an Chomhaontaithe idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021 - Aibreán 2028, an Phrótacail Bhreise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua agus an Phrótacail Bhreise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn

(10005/2024 – C10‑0103/2024 – )

(մǾú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10005/2024),

ag féachaint don dréacht-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua maidir le Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse Bealtaine2021–Aibreán2028 (10057/2024),

ag féachaint don dréacht-Chomhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse Bealtaine2021–Aibreán2028 (10146/2024),

ag féachaint don dréacht-Phrótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (10149/2024),

ag féachaint don dréacht-Phrótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn (10148/2024),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal217 agus le hAirteagal218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C10-0103/2024),

ag féachaint do Riail107(1) agus(4), agus do Riail117(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A10-0036/2025),

1.Ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe agus na bprótacal;

2.Ag treorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua.


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ceadaítear don Íoslainn, do Lichtinstéin agus don Iorua a bheith rannpháirteach go hiomlán sa mhargadh aonair. Mar a fhoráiltear sa Chomhaontú, agus ó tháinig sé i bhfeidhm in 1994, tá ranníocaíocht déanta, dá bhrí sin, ag na trí thír sin i leith laghdú éagothroime eacnamaíochta agus éagothroime sóisialta in LEE. Ina theannta sin, ranníoc an Iorua trí bhíthin sásra airgeadais ar leithligh.

Ós rud é go ndeachaigh na sásraí airgeadais is déanaí in éag in 2021, chuir an Coimisiún tús le caibidlíocht in 2022 leis an Íoslann, le Lichtinstéin agus leis an Iorua maidir le comhaontú i ndáil lena ranníocaíochtaí airgeadais amach anseo. I gcomhthráth leis sin, osclaíodh athbhreithniú ar na Prótacail a ghabhann leis na Comhaontuithe idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Íoslainn agus an Iorua maidir le hallmhairiú éisc agus táirgí iascaigh áirithe isteach san Aontas Eorpach, athbhreithniú mar a foráladh dó sna clásail athbhreithnithe a ghabhann leis na Comhaontuithe Saorthrádála leis na tíortha sin.

Tugadh an chaibidlíocht i gcrích ar leibhéal na n-idirbheartaithe, agus tionscnaíodh i mí na Samhna 2023:

Comhaontú idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn, Lichtinstéin, agus an Iorua maidir le Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021 - Aibreán 2028;

Comhaontú idir an Iorua agus an tAontas Eorpach ar Shásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse Bealtaine2021 – Aibreán2028;

Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir CEE agus an Iorua; agus

Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir CEE agus an Íoslainn.

Soláthrófar le Comhaontú LEE ar Shásra Airgeadais agus le Comhaontú na hIorua le chéile ranníocaíocht airgeadais EUR3,268billiún ar chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta in LEE le haghaidh na tréimhse Bealtaine2021 – Aibreán2028. Soláthrófar leis na Prótacail leis an Íoslainn agus leis an Iorua lamháltais nua le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021 – Aibreán 2028. Soláthrófar solúbthacht maidir le cuótaí neamhídithe a thabhairt ar aghaidh ag deireadh na tréimhse sin. Déanfaidh an Iorua athnuachan freisin ar an socrú maidir le hidirthuras éisc le haghaidh shoithí an Aontais a thugann gabhálacha i dtír ina críoch.

Cuireann an rapóirtéir a cuid ábhar imní in iúl maidir le teorainneacha agus míchothromaíochtaí an Phrótacail idir CEE agus an Iorua a bhaineann le hiascaigh, ach mar sin féin tugann sí an toiliú do thabhairt i gcrích na gceithre shocrú in aon phacáiste amháin.

Iarrann an rapóirtéir ar an gCoimisiún a bheith dáiríre faoi na hábhair imní a cuireadh in iúl agus aghaidh a thabhairt go leormhaith agus go mear ar na míchothromaíochtaí in earnáil iascaireachta an Aontais.

An 25 Meitheamh 2024, ghlac an Chomhairle an Cinneadh maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach na gComhaontuithe agus na bPrótacal.


IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINEÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

De bhun Airteagal8 d’IarscríbhinnI a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, dearbhaíonn an rapóirtéir go bhfuair sí ionchur ó na heintitis nó ó na daoine seo a leanas in ullmhú na tuarascála, go dtí go nglacfar sa choiste í:

Eintiteas agus/nó duine

Ministry of Regional Development and European Union Funds of Republic of Croatia

Mission of Norway to the European Union

Déantar an liosta thuas a tharraingt suas faoi fhreagracht eisiach an Rapóirtéara.

I gcás ina sainaithnítear daoine nádúrtha ar an liosta de réir a n-ainm, a bhfeidhme nó an dá cheann, dearbhaíonn an Rapóirtéir go ndearna sí Fógra Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa Uimh. 484 (/data-protect/index.do), a chur faoi bhráid na ndaoine nádúrtha lena mbaineann, lena sainmhínítear na coinníollacha is infheidhme maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus na cearta a bhaineann leis an bpróiseáil sin.


AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

An Comhaontú idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua ar Shásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse Bealtaine2021 - Aibreán2028, an Comhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse Bealtaine2021 - Aibreán2028, an Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua agus an Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn

ղí

10005/2024 – C10-0103/2024 –

Dáta an chomhairliúcháin nó na hiarrata ar thoiliú

18.9.2024

An coiste freagrach/na coistí freagracha

INTA

Ǿí ar iarradh tuairim orthu

Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

PECH

7.10.2024

Gan tuairimí a thabhairt

Dáta an chinnidh

PECH

19.2.2025

鲹óéí

Dáta an cheapacháin

Željana Zovko

30.9.2024

Pléite sa choiste

30.1.2025

20.2.2025

Dáta an ghlactha

20.3.2025

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

33

7

0

𾱲í a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Christophe Bay, Brando Benifei, Anna Bryłka, Udo Bullmann, Benoit Cassart, Markéta Gregorová, Bart Groothuis, Céline Imart, Karin Karlsbro, Bernd Lange, Ilia Lazarov, Thierry Mariani, Javier Moreno Sánchez, Ştefan Muşoiu, Daniele Polato, Majdouline Sbai, Lukas Sieper, Dominik Tarczyński, Francesco Torselli, Kathleen Van Brempt, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler, Bogdan Andrzej Zdrojewski, Juan Ignacio Zoido Álvarez

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mika Aaltola, Nicolas Bay, Markus Buchheit, João Cotrim De Figueiredo, Danilo Della Valle, Borja Giménez Larraz, Vicent Marzà Ibáñez, Marina Mesure, Martin Schirdewan, Kris Van Dijck

𾱲í faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Hildegard Bentele, Mélanie Disdier, Niels Geuking, Chloé Ridel, Romana Tomc, Matthieu Valet

Dáta don chur síos

21.3.2025


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA AG AN gCOISTE FREAGRACH

33

+

ECR

Nicolas Bay, Daniele Polato, Dominik Tarczyński, Francesco Torselli, Kris Van Dijck

ESN

Markus Buchheit

NI

Lukas Sieper

PPE

Mika Aaltola, Hildegard Bentele, Niels Geuking, Ilia Lazarov, Romana Tomc, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler, Bogdan Andrzej Zdrojewski

PfE

Christophe Bay, Anna Bryłka, Mélanie Disdier, Thierry Mariani, Matthieu Valet

Renew

Benoit Cassart, João Cotrim De Figueiredo, Bart Groothuis, Karin Karlsbro

S&D

Brando Benifei, Udo Bullmann, Bernd Lange, Javier Moreno Sánchez, Ştefan Muşoiu, Chloé Ridel, Kathleen Van Brempt

Verts/ALE

Markéta Gregorová, Majdouline Sbai

7

-

PPE

Borja Giménez Larraz, Céline Imart, Juan Ignacio Zoido Álvarez

The Left

Danilo Della Valle, Marina Mesure, Martin Schirdewan

Verts/ALE

Vicent Marzà Ibáñez

0

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+:i bhfabhar

-:i gcoinne

0:staonadh ó vótáil

An nuashonrú is déanaí: 26 Márta 2025
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais