Ϸվ

Tairiscint i gcomhair rúin - B9-0277/2023Tairiscint i gcomhair rúin
B9-0277/2023

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚINmaidir le hatógáil inbhuanaithe agus lánpháirtiú na hÚcráine sa chomhphobal Eora-Atlantach

12.6.2023-()

chun an díospóireacht maidir leis na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún a thabhairt chun críche
de bhun Riail132(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Helmut Scholz
thar ceann an Ghrúpa The Left

Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
B9-0277/2023
Téacsanna arna gcur síos :
B9-0277/2023
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

9‑0277/2023

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hatógáil inbhuanaithe agus lánpháirtiú na hÚcráine sa chomhphobal Eora-Atlantach

()

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile[1], agus don Limistéar Domhain agus Cuimsitheach Saorthrádála idir an tAontas agus an Úcráin a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais sin, a síníodh in 2014,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17Meitheamh2022 dar teideal Commission Opinion on Ukraine’s application for membership of the European Union () [Tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach] agus na Conclúidí ón gComhairle Eorpach ina dhiaidh sin an 23 agus an 24Meitheamh2022,

ag féachaint do na ráitis uile maidir le dlí an tsaothair agus cearta oibrithe san Úcráin, lena n-áirítear rún ó Pharlaimint na hEorpa an 2Feabhra2023 maidir le hullmhú an Chruinnithe Mullaigh idir AE agus an Úcráin[2],

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 11Deireadh Fómhair2022 maidir le ról chathracha agus réigiúin an Aontais i dtaca le hatógáil na hÚcráine,

ag féachaint do Riail132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.de bhrí go bhfuil caillteanais mhóra dhaonna agus eacnamaíocha fulaingthe ag an Úcráin ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise; de bhrí go mbeidh dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta agus tacaíocht ghníomhach ag teastáil chun an tír a atógáil;

B.de bhrí go meastar sa mheasúnú comhpháirteach a d’eisigh Rialtas na hÚcráine, Grúpa an Bhainc Dhomhanda, an Coimisiún agus na Náisiúin Aontaithe an 23Márta2023 go bhfuil costas na hatógála agus an téarnaimh san Úcráin méadaithe go USD$411bhilliún (coibhéiseach le EUR383bhilliún); de bhrí go bhfionntar sa dara Mear-Mheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais na hÚcráine nach mór do chostas measta iomlán na hatógála agus an téarnaimh a bheith cothrom le USD$411bhilliún, 2.6oiread OTI measta na tíre do2022; de bhrí go bhfuil na riachtanais mheasta is airde san iompar (22%), i dtithíocht (17%), i bhfuinneamh (11%), i gcosaint shóisialta agus i slite beatha (10%), i mbainistiú guaise pléascaí (9%), agus sa talmhaíocht (7%); de bhrí gurb iad na réigiúin atá ag túslíne an chogaidh na limistéir gheografacha ina bhfuil an méadú is mó ar riachtanais, eadhon Donetska, Kharkivska, Luhanska agus Khersonska;

C.de bhrí gur mó atá i gceist le hatógáil iarchogaidh ná atógáil fhisiciúil amháin nó athmhúnlú gheilleagar na tíre, go háirithe atógáil an bhonneagair agus dímhianú agus dí-éilliú na limistéar talmhaíochta, ós rud é go bhfuil athmhuintearas, daonlathú, agus urraim don smacht reachta agus do chearta an duine i gceist leis freisin; de bhrí gur cuireadh brú ar chearta daonlathacha agus saothair, dílárú, saoirse na meán agus saoirse reiligiúnach, cearta mionlaigh, trédhearcacht an phróisis cinnteoireachta agus cuntasachta le dlí míleata na hÚcráine le linn an chogaidh, a raibh údar maith leis i bhfianaise ionradh na Rúise, ina ndearnadh an chumhacht a lárnú in oifig na huachtaránachta agus an fheidhmeannais;

D.de bhrí go bhfuil an Úcráin anois ina tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas agus nach mór di critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh sular féidir léi tús leis an gcaibidlíocht aontachais;

E.de bhrí go bhfuil a haibíocht léirithe ag sochaí shibhialta na hÚcráine mar mhaoirseoir agus cnámh droma dhul chun cinn daonlathach na hÚcráine agus gur cuid ríthábhachtach í anois d’athléimneacht na hÚcráine i gcoinne fhogha na Rúise; de bhrí gur geal le rialtas na hÚcráine ról na sochaí sibhialta san fhaoiseamh daonnúil agus sa téarnamh sóisialta, ach go mainníonn sé go leanúnach rannpháirtíocht na sochaí shibhialta agus na n-údarás áitiúil a áireamh i réimsí atá níos conspóidí, go háirithe an phleanáil atógála tar éis an chogaidh; de bhrí go bhfuil rathúlacht atógáil iarchogaidh na hÚcráine ag brath ar rannpháirtíocht shochaí shibhialta na hÚcráine sa phróiseas atógála agus téarnaimh;

F.de bhrí gur toisc thábhachtach gurb ea na chéad chéimeanna sna próisis díláraithe réamhchogaidh ar cuireadh fáilte mhór rompu i gcumhachtú méadaitheach na n-údarás réigiúnach agus áitiúil; de bhrí gur príomhshásra gurb ea na céimeanna sin lena gcuirtear ar a gcumas do phobail iomadúla maireachtáil a dhéanamh agus seasamh buan a thógáil le linn an chogaidh; de bhrí, leis an dílárú sin, go bhfuil tús curtha le tionchar agus cumhacht na n-olagarcach réigiúnach a theorannú ó thaobh na cinnteoireachta réigiúnaí agus náisiúnta de araon; de bhrí go mbeidh úinéireacht áitiúil agus réigiúnach agus rannpháirtíocht an phobail ríthábhachtach chun torthaí na hatógála, an nuachóirithe agus an téarnaimh a dhéanamh inbhuanaithe;

G.de bhrí, an 26Eanáir2023, go ndearnadh an tArdán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí don Úcráin a sheoladh, faoi chomhstiúir an Choimisiúin agus rialtas na hÚcráine, chun tacú le próiseas deisithe, téarnaimh agus atógála na hÚcráine; de bhrí nach bhfuil aon suíochán ag sochaí shibhialta na hÚcráine ná ag na páirtithe polaitiúla éagsúla in Verkhovna Rada ag an mbord cinnteoireachta áit ina ndéanann Rialtas na hÚcráine, Ballstáit an Aontais Eorpaigh, na hinstitiúidí Eorpacha agus institiúidí idirnáisiúnta airgeadais na chéad chéimeanna eile dá rannpháirtíocht agus dá dtacaíocht don Úcráin a shainiú; de bhrí go ndearnadh na pleananna atá déanta ag na geallsealbhóirí sin maidir le hatógáil agus coinníollacht a dhréachtú gan trédhearcacht ná rannpháirtíocht phoiblí;

H.de bhrí go bhfuil pleananna le haghaidh atógála agus coinníollachta déanta ag Rialtas na hÚcráine agus ag deontóirí idirnáisiúnta gan trédhearcacht ná rannpháirtíocht phoiblí; de bhrí gur cheart go mbeadh bonn daonlathach níos láidre ag na pleananna sin chun an easpa tacaíochta daonlathaí a sheachaint, rud a bhí mar shaintréith den easpa rannpháirtíochta daonlathaí i bhforbairt na tíre roimh 2014 agus ina dhiaidh sin araon;

I.de bhrí go ndearna an mhórchuideachta cistí infheistíochta ó na Stáit Aontaithe, BlackRock, Ciste Forbraíochta na hÚcráine a sheoladh in éineacht le Rialtas na hÚcráine chun caipiteal poiblí agus príobháideach a mhealladh ar mhaithe le hatógáil na hÚcráine; de bhrí gur cheap Aireacht Geilleagair na hÚcráine comhairleoirí a bhí á n-íoc ag BlackRock chun comhairle a thabhairt maidir le seoladh an chiste; de bhrí go bhfuil sé ráite ag ceann Ghrúpa Institiúidí Airgeadais BlackRock, Charles Hatami, go gcruthófar deiseanna suntasacha d’infheisteoirí leis an iarracht atógála;

J.de bhrí, an 21 agus an 22Meitheamh, go dtiocfaidh deontóirí agus infheisteoirí an iarthair le chéile i Londain do Chomhdháil2023 maidir le Téarnamh na hÚcráine, a bhfuil sé ar intinn acu na struchtúir, na hionstraimí agus na straitéisí is gá a chur i dtoll a chéile chun infheistíocht eachtrach a mhealladh;

K.de bhrí go bhfuil an Úcráin, an tír is mó i gComharsanacht Oirthear na hEorpa, thar a bheith tarraingteach d’infheisteoirí idirnáisiúnta mar gheall ar a suíomh uathúil geografach, a hacmhainní nádúrtha, a calafoirt, agus a pobal ardcháilithe; de bhrí gur chruthaigh rialtas Zelenskyy na coinníollacha do príobháidiú seasta san Úcráin ó 2019 i leith; de bhrí go bhfuil an próiseas sin luathaithe go mór ó thús an chogaidh; de bhrí go ndearna institiúidí airgeadais idirnáisiúnta an próiseas sin a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as na hionstraimí coinníollachta le haghaidh tacaíocht airgeadais; de bhrí nach bhfuil cruthúnas curtha i láthair ag an gCoimisiún maidir leis na bealaí ina bhfuil úsáid á baint as deontais agus iasachtaí cúnaimh mhacra-airgeadais an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha atá iarrtha ag Parlaimint na hEorpa;

L.de bhrí go n-óstálann an Úcráin 35% de bhithéagsúlacht na hEorpa agus de bhrí go mbeidh tábhachtach leis an dúlra a athbhunú in atógáil na hÚcráine tar éis an chogaidh; de bhrí go n-áirítear díghrádú an éiceachórais, truailliú aeir agus uisce, agus éilliú páirceanna arúla agus féaraigh ar an damáiste don chomhshaol i ngeall ar an gcogadh; de bhrí, ó thosaigh an cogadh, go bhfuil dochar déanta ag dóiteáin do 200000heicteár ar a laghad d’fhoraoisí, go bhfuil 680000tona de bhreoslaí iontaise imithe suas i lasracha, agus go bhfuil 180000méadar ciúbach ithreach éillithe ag muinisin; de bhrí go bhfuil díghrádú déanta ar limistéir faoi chosaint díghrádaithe agus gléasraí cóireála uisce scriosta ag an gcogadh; de bhrí go bhfuil talamh feirme na hÚcráine ríthábhachtach don soláthar bia domhanda; de bhrí go bhfuil an talmhaíocht i gcroílár ár gcóras bia; de bhrí go bhfuil géarghá lenár ngeilleagar a dhícharbónú agus an talmhaíocht a aistriú ina córas atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid, agus atá inbhuanaithe; de bhrí go gcuireann an nasc atá idir daoine sláintiúla, sochaithe sláintiúla agus pláinéad sláintiúil córais bhia inbhuanaithe i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

M.de bhrí, ó 2014 i leith, gur príomhchoinníoll é le haghaidh maoiniú a fháil ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Banc Domhanda, go ndéanfadh an Úcráin deireadh a chur leis an moratóir ar dhíol talún talmhaíochta ar mhaithe le margadh talún a chruthú; de bhrí, in ainneoin go raibh líon ollmhór daoine ina choinne sa tír, i mí an Mhárta2020, gur chuir rialtas Zelenskyy deireadh le moratóir na tíre ar dhíolachán talún talmhaíochta, moratóir a mhair 19mbliana; de bhrí gurb é an toradh atá air sin gur meascán d’olagarcaí agus d’infheisteoirí eachtracha éagsúla – ón Eoraip agus ó Mheiriceá Thuaidh iad na sealbhóirí talún is mó – lena n-áirítear ciste cothromais phríobháidigh atá bunaithe sna Stáit Aontaithe agus ciste infheistíochta stáit na hAraibe Sádaí;

N.de bhrí, cé go meastar go ginearálta go bhfuil an Úcráin ar chonair dhearfach ó thaobh éilliú a rialú de ó 2014 i leith, tá cúiseanna suntasacha an éillithe fós ann; de bhrí go leanann olagarcaí de chodanna móra de gheilleagar na hÚcráine a rialú, lena n-áirítear earnáil na talmhaíochta; de bhrí go bhfuil imní ar anailísithe idirnáisiúnta agus ar shochaí shibhialta na hÚcráine go dtiocfaidh ardú ar theagmhais an éillithe de réir mar a aistrítear cúnamh idirnáisiúnta ó chabhair mhíleata go hatógáil an bhonneagair scriosta: de bhrí go bhféadfadh treochtaí rialachais le gairid atá forbartha nó luathaithe ó cuireadh tús le hionradh na Rúise difear a dhéanamh do bhaol an éillithe le linn atógála, amhail lárú méadaitheach, filleadh na n-olagarcach, agus easpa comhleanúnachais sna hiarrachtaí frith-éillithe;

O.de bhrí, faoin dlí míleata, go bhfuil bearta déanta ag an rialtas náisiúnta chun níos mó smachta a chur ar thírdhreach na meán, go háirithe trí mhonaplú na nuachta teilifíse agus trí chainéil a mheastar a bheith ar son na Rúise a dhúnadh agus trí ionstraimí a thabhairt isteach le haghaidh cinsireacht stáit; de bhrí go gcuireann na bearta sin srian ar chumas asraonta neamhspleácha agus tuairisceoirí imscrúdaitheacha mí-úsáidí féideartha cumhachta agus éillithe a nochtadh;

1.á athdhearbhú go ndéanann sí an cáineadh is géire is féidir ar an ionsaí ar iomláine chríochach agus ar cheannasacht na hÚcráine a d’eascair as ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin; ag cáineadh an ionraidh sin mar chogadh foghach arb ionann é agus sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta, go háirithe Cairt na Náisiún Aontaithe, agus nach bhfuil aon údar maith leis; á chur in iúl go bhfuil sí ag seasamh i ndlúthpháirtíocht iomlán le muintir na hÚcráine; á chur i bhfáth go bhfuil gá le dianiarrachtaí taidhleoireachta práinneacha agus leanúnacha chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin láithreach agus chun deireadh a chur le fulaingt mhuintir na hÚcráine;

2.á áitiú go nglacfaidh an Rúis a freagracht as an damáiste atá déanta aici san Úcráin; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil roghanna á mbreithniú ag an Aontas chun cistí reoite na Rúise atá i seilbh na ndaoine sin atá freagrach as an gcogadh a threorú i dtreo iarrachtaí atógála na hÚcráine; ag tabhairt dá haire gur iarracht gan fasach é sin agus á áitiú gur cheart aon chinneadh ina leith sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta; á iarraidh go gcruthófaí creat dlíthiúil idirnáisiúnta uilíoch leormhaith a bheadh infheidhme maidir le limistéir chogaidh agus choinbhleachta eile ar domhan;

3.á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an comhphobal idirnáisiúnta ag ullmhú cheana do phróiseas atógála na hÚcráine tar éis an chogaidh; á áitiú gur cheart go mbeadh sé sin ina eiseamláir do limistéir eile chogaidh agus choinbhleachta ar fud an domhain agus riachtanais na sochaithe sibhialta sna tíortha lena mbaineann á gcur san áireamh go díreach agus go hindíreach agus freagairt do na cúraimí práinneacha chun na hiarrachtaí sin a chomhcheangal leis an riachtanas atá le hathstruchtúrú práinneach a dhéanamh ar an ngeilleagar domhanda chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta;

4.á mheabhrú gur cheart go rachadh an próiseas atógála iarchogaidh chun tairbhe do gach saoránach de chuid na hÚcráine agus do shochaí il-eitneach na tíre ina hiomláine; á chur i bhfáth nach mór don phróiseas atógála cur chuige ón mbun aníos a leanúint agus á áitiú go mbeadh saoránaigh ó gach cuid de shochaí na hÚcráine, mar aon le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus na ceardchumainn, rannpháirteach sna próisis chinnteoireachta lena gcinntear todhchaí na tíre;

5.á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurb é an rialtas reatha a chinnfidh samhail eacnamaíoch na hÚcráine amach anseo gan comhairliúcháin pharlaiminteacha nó comhairliúcháin rannpháirtíochta daonlathaí; á iarraidh ar an Úcráin agus ar a deontóirí idirnáisiúnta leas a bhaint láithreach as na hionstraimí is gá chun a ráthú go mbeidh guth cuí ag muintir na hÚcráine maidir leis an gcaoi a ndéanfar an atógáil agus maidir leis an gcuma a bheidh uirthi; á iarraidh ar eagraithe Chomhdháil Téarnaimh na hÚcráine i Londain i mí an Mheithimh, a fhógairt go mbunófar bord ar a mbeidh saineolaithe ceannródaíocha ón tsochaí shibhialta chun comhairle a chur ar an Ardán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí; á iarraidh ar an Ardán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí, atá ag comhordú an mhaoinithe uile ó dheontóirí chun an Úcráin a atógáil, rannpháirtíocht iomlán a thabhairt do Chomhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine mar chomhpháirtí lániomlán ag gach céim dá pleanáil agus dá cur chun feidhme;

6.á áitiú go mbeidh athmhuintearas iar-chogaidh, atógáil agus lánpháirtiú na hÚcráine bunaithe ar an daonlathas, ar an smacht reachta, ar urraim do chearta bunúsacha an duine, ar chomhionannas sibhialta, ar chearta sóisialta, ar chaoinfhulaingt idir-eitneach agus reiligiúnach, ar chomhionannas inscne agus ar urraim do cheartas comhshaoil agus aeráide;

7.á áitiú gur cheart go leagfaí síos leis an bpróiseas atógála an bonn don fhás inbhuanaithe fadtéarmach, bunaithe ar straitéis um phleanáil chríochach chomhtháite, agus tairbhe á baint as cineálacha cur chuige córasacha le haghaidh críocha inbhuanaithe, glasa, cliste agus cuimsitheacha agus ar phrionsabal ‘atógáil ar bhealach níos fearr’ de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta; á áitiú gur cheart do na cistí idirnáisiúnta a chuirtear ar fáil don Úcráin rannchuidiú a dhéanamh leis an gcuspóir arna leagan síos ag Rialtas na hÚcráine chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa uile a laghdú 65% faoi2030; á iarraidh ar Rialtas na hÚcráine agus ar dheontóirí idirnáisiúnta a ráthú go rannchuideoidh infheistíochtaí san earnáil fuinnimh le dícharbónú agus le spleáchas na hÚcráine ar bhreoslaí iontaise a laghdú;

8.ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go ndéanann na pleananna atógála iar-chogaidh atá molta ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus a fhaigheann tacaíocht ón Aontas faillí ar na bunphrionsabail sin agus go ndéantar deontóirí agus infheisteoirí eachtracha agus olagarcaí na hÚcráine a chumhachtú trí bheartais phríobháidithe agus léirscaoilte a mholadh; á iarraidh go práinneach go ndéanfaí ionadaithe na sochaí sibhialta agus ionadaithe na n-údarás áitiúil a tharmligean chuig grúpaí comhairleacha in aireachtaí éagsúla de chuid na hÚcráine agus go ndéanfaí iad a ionchorprú san Ardán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí;

9.á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht saineolaithe ón tsochaí shibhialta agus ionadaithe na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a áirithiú i gComhdháil Théarnaimh na hÚcráine atá beartaithe a reáchtáil i Londain, agus in aon phlé a dhéanfar amach anseo maidir le hatógáil na hÚcráine; á iarraidh ar an gCoimisiún a thoil pholaitiúil a léiriú chun ról a thabhairt do shochaí shibhialta na hÚcráine sa phróiseas téarnaimh agus atógála trí thacaíocht airgeadais d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla a chomhtháthú sna sásraí cistiúcháin do thionscadail téarnaimh ábhartha;

10.á chur i bhfios go láidir go bhfuil atógáil agus téarnamh rathúil ag brath go bunúsach ar acmhainneacht na bpobal áitiúil agus réigiúnach a neartú chun a dtionscadail téarnaimh féin a phleanáil agus a chur chun feidhme, maoiniú a mhealladh ó dheontóirí idirnáisiúnta agus ó fhoinsí náisiúnta cistiúcháin agus gnólachtaí príobháideacha a spreagadh i gcomhpháirtíochtaí don téarnamh; ag tarraingt aird ar Chomhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine, a seoladh an 30Meitheamh2022, mar mhodh chun riachtanais áitiúla agus réigiúnacha san Úcráin a mhapáil, iarrachtaí a chomhordú le cathracha agus réigiúin an Aontais atá réidh chun acmhainní a chur ar fáil chun tacú le hatógáil éifeachtach agus inbhuanaithe na hÚcráine, chun comhar a éascú idir a croí-chomhpháirtithe agus institiúidí an Aontais, laistigh den Ardán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí, agus i measc údaráis agus comhlachais áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus na hÚcráine agus chun tionscadail atógála arna ndéanamh ag údaráis áitiúla na hÚcráine a chur os comhair an phobail;

11.á chur in iúl gur saoth léi go mór mainneachtain an Choimisiúin dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa i gceart maidir lena gníomhaíochtaí ullmhúcháin chun an Úcráin a atógáil; ag athdhearbhú a tuisceana maidir le nósanna imeachta meara a úsáid in aimsir an chogaidh, ach á áitiú go ndéanfar a comhchinnteoireacht agus a cearta formhaoirseachta a mhéid a bhaineann le cúnamh macra-airgeadais do thríú tíortha, lena n-áirítear an Úcráin; á áitiú, go háirithe, go rachfaí i gcomhairle léi maidir le coinníollacht an chúnaimh airgeadais agus ag cur béim ar a cearta faireacháin;

12.á chur i bhfáth nach mór tosaíocht a thabhairt, le tacaíocht airgeadais idirnáisiúnta, d’atógáil suíomhanna cónaithe, neamhchónaithe agus bonneagair a scrios arm na Rúise, agus gur cheart go gcuirfí deiseanna ar fáil do ghnólachtaí na hÚcráine agus poist do mhuintir na hÚcráine; ag diúltú d’aon chás ina dtacaíonn deontóirí idirnáisiúnta le hatógáil na hÚcráine ar an mbonn nach mór iasachtaí a chaitheamh ar sholáthróirí ina dtíortha féin, seachas san Úcráin;

13.á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh atógáil na hÚcráine i gcomhréir leis na prionsabail ar a bhfuil an Comhaontú Glas don Eoraip bunaithe agus go rannchuideoidh sí le tabhairt faoin ngéarchéim thríthaobhach phláinéadach atá os comhair an chine dhaonna faoi láthair, eadhon an t-athrú aeráide, an truailliú agus cailliúint na bithéagsúlachta, atá idirnasctha agus idirspleách;

14.á chur in iúl gur cúis bhuartha di comhchruinniú na talún i lámha agra-ghnónna, olagarcaí agus leasanna cumhachtacha airgeadais, toisc go n-ardaíonn an cás ceisteanna maidir le cothromas agus ceartas eacnamaíoch i dtír ina bhfuil acmhainní carntha ag líon beag daoine; á iarraidh ar Rialtas na hÚcráine agus ar a chomhpháirtithe atógála rochtain chothrom agus chothrom ar thalamh agus ar mhaoiniú a áirithiú chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus dea-bhail ocht milliún d’fheirmeoirí na tíre a áirithiú;

15.á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil pleananna téarnaimh agus atógála Rialtas na hÚcráine bunaithe ar smaointe nualiobrálacha maidir le príobháidiú, léirscaoileadh agus infheistíocht eachtrach; ag tabhairt rabhaidh nár cheart go gcuirfí borradh faoi olagarcachtaí atá cheana san Úcráin mar thoradh ar an atógáil agus nár cheart an bhunobair a leagan síos do chomhchruinniú breise na talún i lámha olagarcaí, leasanna eachtracha agus agra-ghnónna móra; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur gá trédhearcacht, cuntasacht agus rialú poiblí ar dháileadh cistí atógála a áirithiú;

16.ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, cé go bhfuil an tír faoin dlí míleata i measc ionradh na Rúise, go bhfuil rialtas Zelenskyy agus an páirtí atá i gceannas, Servant of the People, tar éis dul ar aghaidh le hathchóirithe beartais saothair agus sóisialta atá i gcontrárthacht le acquis communautaire an Aontais; ag tathant ar institiúidí agus geallsealbhóirí polaitiúla agus eacnamaíocha uile na hÚcráine a áirithiú go mbeidh an próiseas téarnaimh agus atógála i gcomhréir le acquis sóisialta an Aontais agus le coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair; á iarraidh ar an gCoimisiún a shoiléiriú do Rialtas na hÚcráine nach mór an próiseas aontachais a bheith bunaithe ar ailíniú le bunluachanna an Aontais, leis an smacht reachta, le geilleagar sóisialta margaidh, le hidirphlé sóisialta agus le ról na gcomhpháirtithe sóisialta, agus nach mór lánurraim do cheardchumainn agus do chearta sóisialta a áireamh ann; á iarraidh ar Rialtas na hÚcráine stop a chur láithreach le hionsaithe ar chearta oibrithe agus ceardchumainn agus na leasuithe a glacadh le déanaí ar a dhlí saothair a tharraingt siar; á áitiú go rachfaí i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir leis na hathchóirithe uile ar dhlí an tsaothair agus go mbeadh ceardchumainn rannpháirteach i ngach clár atá dírithe ar théarnamh agus ar atógáil na hÚcráine; á iarraidh ar fhostóirí na hÚcráine agus ar infheisteoirí eachtracha cearta oibrithe a urramú, lena n-áirítear pá cóir, dálaí oibre sábháilte agus cearta cómhargála;

17.á iarraidh ar an gCoimisiún ról leathan a thabhairt do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste Eorpach na Réigiún araon i gcéimeanna ullmhúcháin agus cur chun feidhme na tacaíochta téarnaimh agus atógála don Úcráin agus cur ar a gcumas freisin ionchur a chur ar fáil maidir leis na hathchóirithe sin;

18.á iarraidh ar Rialtas na hÚcráine agus ar an gCoimisiún trédhearcacht agus cuntasacht i mbainistiú na gcistí a fheabhsú chun go mbeidh muintir na hÚcráine agus cáiníocóirí an Aontais in ann tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil an t-airgead á úsáid, trí na pleananna agus na hacmhainní téarnaimh do shochaí na hÚcráine agus an dul chun cinn atá déanta aici a nochtadh agus a chur in iúl go mion; á iarraidh ar Rialtas na hÚcráine iolrachas na meán a fheabhsú go suntasach agus faireachán criticiúil ar úsáid cistí ag na meáin agus ag an tsochaí shibhialta a cheadú, lena n-áirítear chun an comhrac i gcoinne an éillithe agus an finíochais a chumasú;

19.ag tathant ar an Aontas, ar a Bhallstáit agus ar institiúidí airgeadais idirnáisiúnta deontais seachas iasachtaí a chur ar fáil, ós rud é gur dócha nach mbeidh an Úcráin in ann fiacha breise a sheirbheáil agus a aisíoc sa ghearrthéarma; á chur i bhfáth go méadódh iasachtaí an baol go mbeadh géarchéim fiachais ann amach anseo, i bhfianaise go raibh fiachas seachtrach de thart ar EUR130billiún ar an Úcráin cheana féin, arb ionann é agus 80% dá OTI. á iarraidh ar an Aontas agus ar institiúidí airgeadais idirnáisiúnta iasachtaí gan rátaí úis ar bith nó rátaí úis an-íseal a chur ar fáil, go háirithe do thionscadail atá dírithe ar chúnamh a thabhairt do bhardais; á iarraidh go gcuirfí fiachas na hÚcráine ar ceal chun cabhrú léi na costais phráinneacha atá uirthi faoi láthair a íoc agus an bonneagar straitéiseach a scriosadh le linn an chogaidh a atógáil;

20.á chur i bhfáth nach féidir dlús a chur le ballraíocht san Aontas, agus gur próiseas casta agus struchtúrtha, atá bunaithe ar fhiúntas agus atá ag brath ar chur chun feidhme éifeachtach athchóirithe agus ar thrasuí an acquis, atá i bpróiseas an aontachais fós; á chur i bhfáth gur gá an tAontas a ullmhú i gcomhair méadú breise, lena n-áirítear trí athchóirithe a dhéanamh chun go mbeidh sé níos uaillmhianaí ar bhonn sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil de;

21.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus chuig Rialtais agus Parlaimint na hÚcráine.

An nuashonrú is déanaí: 14 Meitheamh 2023
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais