Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
Nós Imeachta :
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A10-0014/2025

Téacsanna arna gcur síos :

A10-0014/2025

Díospóireachtaí :

PV10/03/2025-18
CRE10/03/2025-18

Vótaí :

PV11/03/2025-6.7
CRE11/03/2025-6.7

Téacsanna arna nglacadh :

P10_TA(2025)0027

Téacsanna atá glactha
PDF189kWORD63k
Dé Máirt, 11 Márta 2025-Strasbourg
Ciste Sóisialta na hEorpa Plus tar éis 2027
P10_TA(2025)0027A10-0014/2025

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2025 ar Chiste Sóisialta na hEorpa Plus tar éis 2027 ()

Tá Parlaimint na hEorpa,

–ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal46(d), Airteagal149, Airteagal153(2)(a), Airteagal164, Airteagal175 agus Airteagal349 de,

–ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)(1),

–ag féachaint do Rialachán (AE)2024/3236 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1057 agus (AE) 2021/1058 a mhéid a bhaineann le Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil (RESTORE)(2),

–ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD), a tháinig i bhfeidhm an 21Eanáir2011, i gcomhréir le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26Samhain2009 maidir le tabhairt i gcrích, ag an gComhphobal Eorpach, Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas(3),

–ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta arna fhógairt agus arna shíniú ag an gComhairle, ag an bParlaimint agus ag an gCoimisiún an 17 Samhain2017,

–ag féachaint do Dearbhú La Hulpe maidir le Todhchaí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta arna shíniú ag an bParlaimint, ag an gCoimisiún, ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ag an gComhairle an 16 Aibreán 2024,

–ag féachaint do Dhearbhú Liège an 5 Márta 2024 dar teideal ‘Tithíocht inacmhainne, chuibhiúil agus inbhuanaithe do chách’,

–ag féachaint do theachtaireacht an27 Márta 2024 ón gCoimisiún maidir leis an 9ú Tuarascáil faoin gComhtháthú (),

–ag féachaint do theachtaireacht an 20 Márta 2024 ón gCoimisiún dar teideal ‘Ganntanais saothair agus scileanna san Aontas: plean gníomhaíochta’,

–ag féachaint do mholtaí ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach(4),

–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta’ () agus do na príomhspriocanna atá beartaithe do 2030 maidir le fostaíocht, oiliúint agus laghdú na bochtaineachta,

–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘A Union of Equality: [Aontas Comhionannais: EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation’ [Creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, ionchuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach] (),

–ag féachaint do thuarascálacha bliantúla Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais do 2019 and 2021,

–ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2023 ar chruthú post – an t-aistriú cóir agus infheistíochtaí tionchair(5),

–ag féachaint do rún uaithi an 21 Samhain 2023 dar teideal ‘Tús Áite do Leanaí – an Ráthaíocht do Leanaí a neartú, dhá bhliain tar éis a glactha’(6),

–ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2022 dar teideal ‘I dtreo cearta comhionanna do dhaoine faoi mhíchumas’(7),

–ag féachaint do rún uaithi an 29Aibreán2021 maidir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí(8),

–ag féachaint do rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir le héagothromaíochtaí a laghdú le béim ar leith á leagan ar bhochtaineacht lucht oibre(9),

–ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le rochtain ar thithíocht chuibhiúil agus inacmhainne do chách(10),

–ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le Straitéis AE um Chomhionannas Inscne(11),

–ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2020 dul i ngleic le rátaí easpa dídine san Aontas(12),

–ag féachaint do rún uaithi an8 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an Ráthaíocht don Aos Óg(13),

–ag féachaint do rún uaithi an 5 Iúil 2022 dar teideal ‘I dtreo comhghníomhaíocht Eorpach ar chúram’(14),

–ag féachaint do rún uaithi an 18Meitheamh2020 maidir leis an Straitéis Eorpach um Míchumas i ndiaidh 2020(15),

–ag féachaint don tuarascáil le Mario Draghi an 9MeánFómhair2024 maidir le the future of European competitiveness [todhchaí iomaíochas na hEorpa],

–ag féachaint don tuarascáil le Enrico Letta an 10 Aibreán 2024 dar teideal Much more than a market [Margadh thar an gCoitiantacht],

–ag féachaint do Riail55 dá Rialacha Nós Imeachta,

–ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A10-0014/2025),

A.de bhrí go dtacaíonn Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) le beartais na mBallstát, go gcomhlánaíonn sé iad agus go gcuireann sé luach leo chun comhionannas deiseanna, rochtain chomhionann ar an margadh saothair, dálaí oibre córa ardcháilíochta, cosaint agus cuimsiú sóisialta, ag díriú go háirithe ar oideachas agus oiliúint ardcháilíochta agus uilechuimsitheach, foghlaim ar feadh an tsaoil, infheistíocht i leanaí agus daoine óga agus rochtain ar sheirbhísí bunúsacha, a áirithiú.

B.de bhrí gurb é CSE+ an t-aon chiste de chuid an Aontais atá dírithe go príomha ar bheartais shóisialta, agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé uathúil ann féin agus go bhfuil sé an-éifeachtach agus riachtanach chun cuimsiú sóisialta a bhaint amach, mar aon leis an mbeartas comhtháthaithe; de bhrí nach mór CSE+ a úsáid sa tslí is éifeachtúla chun athruithe sistéamacha a bhaint amach trí athchóirithe struchtúracha, ag díriú ar a chomhlántacht le buiséid na mBallstát chun na Ballstáit a spreagadh chun an ciste a úsáid le haghaidh na n-athchóirithe sin, d’ainneoin go bhfuil sé ríthábhachtach chomh maith beartais shóisialta níos iomlánaíche a fhorbairt ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le héagothromaíochtaí agus le heisiamh;

C.de bhrí gur uirlisí láidre iad an beartas comhtháthaithe, Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus, go háirithe, CSE+, don chomhtháthú idir na Ballstáit, réigiúin agus ceantair, lena n-áirítear ceantair uirbeacha agus thuaithe;

D.de bhrí go bhfuil staid agus riachtanais gach réigiúin san Aontas éagsúil le chéile; de bhrí gurb iad pobail áitiúla tairbhithe díreacha CSE+, agus gur réamhchoinníoll é go mbeidh baint dhíreach ag geallsealbhóirí réigiúnacha agus áitiúla le linn an ionstraim sin a mhúnlú; de bhrí gur uirlis í forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail chun saoránaigh a rannpháirtiú ar an leibhéal áitiúil i bhforbairt freagairtí ar na dúshláin shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha atá ann inniu agus, dá bhrí sin, gur uirlis thábhachtach í chun cur chun feidhme CSE+ a éascú; de bhrí gur minic ualaí riaracháin neamhriachtanacha agus rialacha casta nó neamhéifeachtacha ag gabháil le cur chun feidhme CSE+ ar an leibhéal náisiúnta;

E.de bhrí go bhfuil riachtanais éagsúla ag daoine éagsúla i staideanna leochaileacha, amhail leanaí, tuismitheoirí aonair agus teaghlaigh mhóra, mná bochta, daoine dífhostaithe agus iad siúd atá i bpoist threallacha, imircigh, imircigh saothair agus íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, daoine faoi mhíchumas, daoine óga agus scothaosta, daoine gan dídean agus Romaigh; de bhrí go bhfuil géarghá leis an aistriú digiteach agus glas agus go dtugann sé go leor deiseanna ach dúshláin chomh maith do chách, amhail an bhearna scileanna digiteacha agus an deighilt dhigiteach inscne, agus an gá leis an lucht saothair a athsciliú, agus de bhrí, chun go n-éireoidh leis an iarracht sin, nach mór don Aontas aistriú cóir a áirithiú nach bhfágfaidh aon duine ar lár; de bhrí go bhfuil daoine i ndroch-chás san Aontas a fhágtar ar imeall beartas sóisialta agus clár arna gcistiú ag CSE+; de bhrí gur gá iarrachtaí urghnácha agus athruithe struchtúracha chun teagmháil a dhéanamh le gach duine atá i ndroch-chás agus chun cosc a chur ar mhéadú ar líon na ndaoine sna cásanna sin;

F.de bhrí go bhfuil thart ar 100 milliún duine san Aontas faoi mhíchumas de shaghas éigin; de bhrí nach bhfuil ach leath na ndaoine faoi mhíchumas fostaithe; de bhrí go bhfuil 288% de dhaoine faoi mhíchumas i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta(16); de bhrí go mbíonn ar dhaoine faoi mhíchumas atá ina gcónaí san Aontas déileáil le cineálacha iomadúla agus trasnacha idirdhealaithe i ngach réimse dá saol, lena n-áirítear cóiríocht chuibhiúil a dhiúltú; de bhrí go bhfuil daoine faoi mhíchumas i dteideal a gcearta bunúsacha a úsáid ar bhonn comhionann agus go bhfuil siad i dteideal rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach i ngach réimse den saol agus den tsochaí;

G.de bhrí go bhfuil 22,3% de mhná bocht, i gcomparáid le 20,3% d’fhir, agus de bhrí go bhfuil tionchar níos mó fós ag an mbochtaineacht agus ag baol an eisiaimh shóisialta ar mhná ná ar fhir(17); de bhrí go dtuilleann mná san Aontas 12,7% níos lú ná fir ar an meán agus go bhfuil bearna phinsin 29,5% idir na hinscní mar thoradh ar an mbearna phá sin thar na blianta, rud a chruthaíonn leibhéal éagothrom neamhspleáchais eacnamaíoch idir mná agus fir scothaosta; de bhrí go bhfuil leath de mháithreacha aonair bocht nó go bhfuil siad i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta;

H.de bhrí, in 2023, go raibh 94,6 milliún duine san Aontas, thart ar 21,4% den daonra, ina gcónaí i dteaghlaigh a bhí i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, agus ráta riosca na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta 24,8% ann do AE-27(18); de bhrí gur tuismitheoirí aonair a bhí i dtuairim is 14% de theaghlaigh a raibh leanaí acu (7,8 milliún teaghlach) in 2020; de bhrí go bhfuil beagnach leath (48%) de mháithreacha aonair agus an tríú cuid (32%) d’aithreacha aonair i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta(19); de bhrí go bhfuil beagnach leanbh amháin as gach ceathrar san Aontas ina iomláine i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta mar sin; de bhrí go bhfuil beagnach 15% den aos óg san Aontas dífhostaithe; de bhrí gur féidir le fadhbanna airgeadais, chomh maith le leithlisiú sóisialta, saincheisteanna meabhairshláinte agus níos lú sonas a bheith mar thoradh ar a bheith dífhostaithe, go háirithe ag aois óg;

I.de bhrí go bhfuil méadú foriomlán na hEorpa ar ionchas saoil agus ar aosú déimeagrafach ag cur le héileamh ar chúram i ngach aoisghrúpa; de bhrí gur cúramóirí neamhfhoirmiúla, is mná den chuid is mó, a sholáthraíonn 80% den chúram fadtéarmach; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an easpa oibrithe in earnáil an chúraim sna Ballstáit uile; de bhrí gurb í aidhm straitéis cúraim na hEorpa seirbhísí cúraim ardcháilíochta, inacmhainne agus inrochtana a áirithiú le dálaí oibre níos fearr agus cothromaíocht oibre is saoil do chúramóirí ar fud an Aontais; de bhrí go dtacaítear le cláir, tionscadail agus gníomhaíochtaí a chuireann aosú gníomhach agus naisc idirghlúine chun cinn trí CSE+; de bhrí gurb é CSE+ príomhionstraim chistiúcháin an Aontais chun tacú leis na Ballstáit i gcur chun feidhme na rialacha uile-Aontais maidir leis an gcothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí;

J.J. de bhrí go bhfuil infhaighteacht agus inacmhainneacht tithíochta cuibhiúla ag laghdú; de bhrí gur inniúlacht de chuid na mBallstát go príomha í an tithíocht, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta; de bhrí go bhféadfaidh difríocht a bheith idir na cúiseanna atá leis an staid reatha tithíochta ó Bhallstát go chéile,, amhail ró-léirscaoileadh an mhargaidh, amhantraíocht eastáit réadaigh, cíosanna gearrthéarmacha neamhrialáilte, an laghdú ar chumhacht ceannaigh daoine bochta gus an easpa tithíochta sóisialta agus poiblí, agus go bhfuil sé ar cheann de na mórdhúshláin atá roimh mhuintir na hEorpa sa lá atá inniu ann; de bhrí go bhfuilimid i bhfad ón sprioc deireadh a chur leis an easpa dídine faoi 2030 a bhaint amach; de bhrí, den chéad uair riamh, go mbeidh Coimisinéir ag an Aontas chun dul i ngleic leis na géarchéimeanna tithíochta, táthar ag súil leis an gcéad phlean tithíochta inacmhainne agus inbhuanaithe san Eoraip riamh in 2025; de bhrí gur cheart díriú go sonrach ar leanaí gan dídean sa phlean sin; de bhrí gur gá na tograí sin, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a bheith fite fuaite le bearta náisiúnta chun rochtain ar thithíocht inbhuanaithe agus inacmhainne agus cáilíocht an tsaoil laethúil a fheabhsú, amhail bearta a bhaineann le cíosanna gearrfhanachta nó idirghabhálacha eile margaidh i limistéir ina bhfuil an-strus;;

K.de bhrí go bhfuil leanbh amháin as ceathrar fós i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta san Aontas20, agus de bhrí nach mbainfidh an treocht reatha an sprioc amach chun líon na leanaí bochta a laghdú 5 mhilliún ar a laghad faoi 2030; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí bochtaineacht agus eisiamh sóisialta leanaí i ngátar a chosc agus a chomhrac trí rochtain éifeachtach agus saor in aisce a ráthú ar oideachas agus cúram luath-óige ar ardchaighdeán, ar oideachas, gníomhaíochtaí scoilbhunaithe, béile sláintiúil amháin saor in aisce ar a laghad gach lá scoile, chomh maith le cúram sláinte, agus rochtain éifeachtach ar chothú sláintiúil agus ar thithíocht leormhaith; de bhrí go bhfuil Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin um Chearta Sóisialta agus Scileanna, Poist Ardchaighdeáin agus Ullmhacht freagrach as an Ráthaíocht do Leanaí a neartú; de bhrí nach leor acmhainní CSE+ amháin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán bhochtaineacht na leanaí san Aontas agus, mar sin, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, gur cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an ábhar sin mar ábhar tosaíochta agus gur cheart malartú agus comhordú dea-chleachtas a fheabhsú, agus é á chomhlánú ag CSE+ ar leibhéal an Aontais;;

L.de bhrí gur cheart lánpháirtiú sóisialta agus eacnamaíoch imirceach, imircigh saothair, dídeanaithe agus íospartaigh na gáinneála ar dhaoine san áireamh, a fheabhsú chun a áirithiú go mbeidh siad san inár sochaithe; de bhrí gur gá ní hamháin rochtain chomhionann ar mhargadh an tsaothair i gcuimsiú rathúil, ach rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí chomh maith; de bhrí gur cheart aird ar leith a thabhairt ar imircigh ó thríú tíortha agus ar imircigh gan doiciméid; de bhrí go bhfuil a ról féin ag cistí éagsúla an Aontais, lena n-áirítear CSE+ agus an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, i ndáil leis sin;

M.de bhrí go bhfuil daonra an Aontais ag dul i laghad; de bhrí go bhfuil dídhaonrú ag tarlú i roinnt réigiún agus go bhfuil comhchruinniú an daonra ag méadú i gceantair uirbeacha áirithe; de bhrí gur cheart iarrachtaí a dhéanamh chun forbairt agus comhtháthú a mhéadú sna limistéir sin; de bhrí go mbeidh lucht saothair níos lú mar thoradh ar athruithe déimeagrafacha, inar gá uas-sciliú, athsciliú agus leathnú an lucht saothair;

N.de bhrí go dtugtar rabhadh sa tuarascáil ó Mario Draghi ar thodhchaí iomaíochas na hEorpa faoin mbearna shuaithinseach scileanna atá roimh an Aontas, agus 77% de chuideachtaí an Aontais ag tuairisciú nach bhfuil na scileanna riachtanacha ag fiú fostaithe nua-earcaithe, agus nach bhfuil bunscileanna digiteacha ag 42% de mhuintir na hEorpa; de bhrí gur saoth leis an tuarascáil líon neamhleor na n-oibrithe a bhaineann tairbhe as oiliúint agus an easpa dul chun cinn sa réimse sin, agus go bhfuil oiliúint de dhíth ar níos mó ná 50 milliún oibrí chun príomhsprioc na ndaoine fásta a ghlacann páirt in oiliúint gach bliain a bhaint amach; de bhrí go bhfuil gairmithe gairmoilte agus daoine a bhfuil scileanna praiticiúla acu ríthábhachtach do shochaithe na hEorpa; de bhrí nach féidir iomaíochas na hEorpa a fhorbairt tuilleadh gan an caipiteal daonna a neartú; de bhrí gur féidir le hinfheistíochtaí tráthúla in athsciliú agus uas-sciliú oibrithe atá i mbaol a bpost a chailleadh nó a bhfuil a scileanna imithe i léig, i measc nithe eile, cabhrú leo gan bheith i ngreim ag an mbochtaineacht;

O.de bhrí gur cheart aird ar leith a thabhairt, lena n-áirítear bearta sonracha ina ndírítear ar na riachtanais ar an láthair i gcás inarb ábhartha, ar limistéir thuaithe, ar limistéir atá buailte leis an aistriú tionsclaíoch, ar na réigiúin is forimeallaí agus ar na réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha, eacnamaíocha nó déimeagrafacha acu, amhail réigiúin inar tearc an daonra, oileáin, limistéir shléibhtiúla agus réigiúin trasteorann;

P.de bhrí gur mhol an Coimisiún spriocanna íosta do 2030 chun dul chun cinn a áirithiú i dtreo chomhionannas, chuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach faoin bplean 10 mbliana chun tacú leis na Romaigh san Aontas; de bhrí go n-áirítear ar na spriocanna sin, i measc nithe eile, an bhearna sa díothacht tithíochta a laghdú aon trian ar a laghad, cion na leanaí Romacha a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna deighilte a laghdú faoina leath ar a laghad sna Ballstáit ina bhfuil daonra suaithinseach Romach, agus an bhearna bochtaineachta idir Romaigh agus an pobal i gcoitinne a laghdú faoina leath ar a laghad; de bhrí go mbeidh CSE+ fós ar an bpríomhuirlis airgeadais chun spriocanna 2030 na Romach a bhaint amach;

Prionsabail CSE+ tar éis 2027

1.á áitiú nach mór do CSE+ leanúint de bheith ina phríomhionstraim chun tacú leis na Ballstáit, na réigiúin, na pobail áitiúla agus na daoine le linn gné shóisialta an Aontais a neartú agus le linn forbairt shocheacnamaíoch a shaothrú nach bhfágann aon duine taobh thiar;

2.á chur i bhfáth nach mór do CSE+ aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta amhail iarmhairtí an athraithe aeráide agus an digitithe, rannchuidiú leo agus dul in oiriúint dóibh, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar dhúshláin shóisialta amhail an costas maireachtála agus pá nach méadaíonn ar an luas céanna, athléimneacht shóisialta a chur chun cinn, neamhionannais a laghdú agus na daoine is leochailí a chosaint; á áitiú gur cheart do CSE+ infheistíocht agus fás fadtéarmach a spreagadh, ina ndírítear ar chomhtháthú sóisialta agus críochach, agus ag an am céanna tacú le claochlú struchtúrach ar fud an Aontais agus cóineasú idir na Ballstáit a fheabhsú;

3.á áitiú nach mór do CSE+ leanúint de chóineasú sóisialta aníos a fheabhsú, go háirithe do na daoine is díothaí, agus infheistiú i gcaipiteal daonna, i bhfostaíocht, i bhforbairt scileanna agus i gcuimsiú sóisialta, fad a chuirtear borradh faoin bhfiontraíocht agus faoin nuálaíocht shóisialta, infheistiú i leanaí, aghaidh a thabhairt ar an aistriú digiteach agus glas, ar dhúshláin dhéimeagrafacha agus ar réigiúin atá buailte le géarchéimeanna, i measc nithe eile cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

4.á áitiú nach mór do CSE+ leanúint de dheiseanna fostaíochta a fheabhsú, de shoghluaisteacht chóir an lucht saothair a éascú, de chruthú post ardcháilíochta a chothú, de dhálaí oibre cuibhiúla a áirithiú agus den ráta rannpháirtíochta fostaíochta a fheabhsú, go háirithe do mhná, do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine eile atá i ndrochstaid, chun athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch a fheabhsú agus, sa tslí sin, cabhrú le hoiriúnú d’athruithe tionsclaíocha, agus trí oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú chomh maith;

5.á chur i bhfios go láidir gur gá CSE+ a bhunú ar straitéis infheistíochta sóisialta agus ar chur chuige ar feadh an tsaoil trí thacú le bearta inar féidir réitigh mheántéarmacha agus fhadtéarmacha a chur ar fáil do dhaoine;

6.á áitiú gur cheart gurb iad cuspóirí CSE+ cuimsiú sóisialta, ardleibhéil fostaíochta le poist ardchaighdeáin agus inbhuanaithe a bhaint amach, pá leordhóthanach, dálaí oibre cuibhiúla, lena n-áirítear leas na n-oibrithe, timpeallachtaí oibre sláintiúla córais chothroma leasa shóisialaigh sna Ballstáit, chomh maith le deiseanna gairmoideachais agus oiliúna, agus foghlaim ar feadh an tsaoil do chách, agus sainriachtanais daoine i staideanna leochaileacha á gcur i gcuntas, chun lucht saothair oilte, iomaíoch agus athléimneach a fhorbairt, a bheidh réidh don aistriú dúbailte agus don saol oibre amach anseo, agus chun cosaintí sóisialta cothroma agus sochaithe cuimsitheacha agus comhtháite a thógáil, agus é mar aidhm leis sin an bhochtaineacht a dhíothú, neamhionannais a chomhrac agus na prionsabail agus na príomhspriocanna a leagtar amach in CECS a bhaint amach;

7.á iarraidh go mbeadh CSE+ láidir, treisithe agus ar leithligh ann le tacaíocht phoiblí mhéadaithe shuaithinseach d’ionstraimí sna Ballstáit agus é mar aidhm leis sin soláthar do dhaoine atá i ndrochstaid agus dóibh siúd is mó atá i ngátar inár sochaithe, infheistiú i ndaoine agus i scileanna, cabhrú le daoine éalú ón mbochtaineacht agus ón eisiamh sóisialta, agus borradh a chur faoin infheistíocht shóisialta agus faoin bhfiontraíocht shóisialta; á áitiú, mar sin, gur ghá méadú tábhachtach agus cuí-réasúnaithe ar bhuiséad CSE+ in imchlúdach airgeadais CSE+2028-2034 chun cuspóirí CSE+ a bhaint amach tar éis 2027;

8.á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú méadaithe, tiomnaithe agus dea-leithdháilte a chur ar fáil chun cuspóirí CSE+ agus cuspóirí CECS, a phlean gníomhaíochta agus a phríomhspriocanna a bhaint amach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hiarrachtaí chun CSE+ láithreach a roinnt nó a chumasc le cistí eile, ó chruthódh sin rioscaí tromaí do chur chun feidhme a chuspóirí agus cinn CECS, a phlean gníomhaíochta agus a phríomhspriocanna; ag tabhairt rabhaidh go bhféadfaidh sé nach bhfeabhsódh aontú, sruthlíniú, lárú nó cumasc cistí a n-éifeachtacht; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, nach mór d’aon athmhúnlú féideartha an chiste éifeachtacht agus cuspóir CSE+ a chaomhnú trí fhreastal ar na cuspóirí chun fostaíocht, cuimsiú sóisialta, oideachas, oiliúint agus forbairt scileanna a chur chun cinn, agus nach mór iad a bhainistiú chomh gar agus is féidir do na tairbhithe;

9.á chreidiúint gur cheart do CSE+ fanacht i samhail rialachais bainistíochta comhroinnte agus gur gá, mar sin, a sheachaint go gcaillfeadh rialachas éagsúil CSE+ an tosaíocht a thugtar do ghnéithe sóisialta, lena n-áirítear fostaíocht, oideachas, scileanna, oiliúint agus tionscadail cuimsithe shóisialta, caillteanas fócais féideartha, agus don chistiú nach sroicheann an leibhéal áitiúil, daoine i ndrochstaid agus iad siúd is mó atá i ngátar, agus an baol go ndéanfaí na cistí a ath-leithdháileadh chun críocha eile á mhéadú ag an am céanna;

10.á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rannpháirtíocht comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta faisnéis a sholáthar do (ESSanna) lena n-áirítear seirbhísí sóisialta neamhbhrabúis, fiontair shóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna, agus ionadaithe na spriocghrúpaí a áirithiú agus dul i gcomhairle leo sa chéim deartha, cur chun feidhme, faireacháin agus meastóireachta de CSE+, cistiú leormhaith a leithdháileadh chun na críche sin agus eisiamh gníomhaithe beaga a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún prionsabal na comhpháirtíochta a urramú ar leibhéal an Aontais, ó tá sé ríthábhachtach chun go mbeidh rath ar CSE+ agus nach mór é a choinneáil faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile; á iarraidh go mbeadh ESSanna rannpháirteach i gCoiste CSE+, ós iad príomh-chomhpháirtithe cur chun feidhme an chiste iad;

11.á thabhairt chun suntais gur gá go lamhálfaí le samhail rialachais CSE+, agus ardleibhéal trédhearcachta á choinneáil ag an am céanna, sainiúlachtaí agus dúshláin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a léiriú go maith i gcláir oibríochtúla, go háirithe trí aird chuí a thabhairt ar shaineolas na ngeallsealbhóirí náisiúnta agus réigiúnacha, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, agus trína áirithiú go rachaidh an cistiú chun eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a dhíríonn ar dhaoine atá i ngátar;

12.á thabhairt chun suntais gur coinníollacha riachtanacha iad infhaighteacht agus rochtain uilíoch ar sheirbhísí poiblí ardcháilíochta amhail oideachas agus cúram luath-óige, oideachas agus sláinte, chomh maith le rochtain ar thithíocht leormhaith, inacmhainne agus chuibhiúil agus ar sheirbhísí bunriachtanacha amhail fuinneamh inacmhainne, sláintíocht, uisce agus cothú sláintiúil, chun comhdheiseanna a áirithiú agus chun leibhéil fostaíochta a fheabhsú, chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú agus chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac; á chur i bhfios go láidir an ról is féidir a bheith ag CSE+ ina leith sin; ag tarraingt aird ar leith ar staid na ndaoine scothaosta atá, mar gheall ar chostais mhaireachtála atá ag méadú agus an laghdú ar chumhacht ceannaigh a bpinsean, atá beo bocht nó is baol dóibh é, rud a fhágann go minic nach mbíonn bunriachtanais acu, amhail bia, tithíocht agus rochtain ar shaoráidí cúraim, arb é a thoradh go gcailltear dínit shóisialta;

13.ag tabhairt dá haire gur glacadh an clár reatha CSE+ sular tharla géarchéimeanna a raibh boilsciú ard agus costais mhaireachtála mhéadaithe mar thoradh orthu, agus, mar sin, gur gá infheistíocht phoiblí agus shóisialta níos airde ionas nach féidir le CSE+ láithreach freastal ar na riachtanais reatha; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar sin, a áirithiú go ndéanfar buiséad bunaithe ar riachtanais agus ar chearta atá cuimsitheach, cobhsaí agus ar mhórscála, a chuirfidh i gcuntas boilsciú, an costas méadaithe maireachtála, rátaí bochtaineachta agus an gá le rochtain ar thithíocht inacmhainne, a ráthú do CSE+ sa chéad CAI eile;

14.á chur i bhfios go láidir gur cheart do CSE+ tar éis 2027 infheistiú chun dul i ngleic le buandúshláin shóisialta agus fanacht gar do na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in CSE+ reatha, agus a bheith ábalta freagairt d’imthosca socheacnamaíocha atá ag athrú agus oiriúnú dóibh ag an am céanna; ag cur béim ar a thábhachtaí atá prionsabail bainistíochta comhroinnte an chiste, cuspóirí soiléire agus comhchruinnithe téamacha, agus gur cheart an chuid is mó den chiste a chaitheamh chomh gar agus is féidir dóibh siúd a úsáideann an ciste i ndlúthchomhar le húdaráis agus le heagraíochtaí áitiúla agus réigiúnacha; á thabhairt chun suntais gur gá dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le cur chun feidhme CSE+ sa tslí is éifeachtúla agus is trédhearcaí; á thabhairt chun suntais gur gá measúnú leanúnach a dhéanamh ar thionchar agus ar éifeachtacht thionscnaimh CSE;

15.á chur i bhfáth gur cheart do CSE+ tar éis 2027 aghaidh a thabhairt ar dhúshláin struchtúracha shóisialta agus eacnamaíocha i dtús báire; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur úsáideadh CSE+ arís agus arís eile mar uirlis phráinnfhreagartha agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil baol sa chur chuige sin do chuspóirí beartais agus infheistíochta níos fadtéarmaí an bheartais chomhtháthaithe agus go bhfuil baol ann chomh maith nach féidir na daoine dá mbeartaítear an beartas comhtháthaithe a bhaint amach go leordhóthanach;

16.á iarraidh ar an gCoimisiún, mar sin, leithdháileadh buiséid CSE+ a chosaint ionas gur féidir é a úsáid le haghaidh a phríomhchuspóirí agus a thairbhithe agus ionstraim cúlchiste airgeadais a mholadh ina gcumasófar don Aontas freagairt go tapa agus ar shlí sholúbtha d’éigeandálaí sóisialta agus do ghéarchéimeanna, lena gcomhlánófar CSE+ agus cistí comhtháthaithe eile, bíodh sé bunaithe ar an rath a bhí ar ionstraim shealadach an Aontais a seoladh in 2020, dar teideal ‘Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE)’, nó bíodh sé ina scéim athárachais dífhostaíochta de chuid an Aontais, nó bunaithe ar Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais, a ceapadh lena shlógadh chun damáiste a tharla de dheasca tubaistí nádúrtha nó éigeandálaí sláinte poiblí a dheisiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar sin, a chistiú leordhóthanach a áirithiú d’fhonn na rioscaí méadaithe sna réimsí sin mar gheall ar an athrú aeráide;

Cuspóirí, tosaíochtaí agus buiséad

17.á chur i bhfios go láidir gur cheart prionsabail chothrománacha, amhail comhionannas inscne, frith-idirdhealú, bunaithe ar ghnéas, inscne, claonadh gnéasach, aois, reiligiún nó creideamh, náisiúntacht, nó bunús ciníoch nó eitneach(20), agus saoirse gluaiseachta, a bheith ina gcuid lárnach de CSE+ á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cur chuige trasnach trí fhorbairt, chur chun feidhme, fhaireachán agus mheastóireacht ar fad an chiste;

18.á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cuimsiú sóisialta daoine faoi mhíchumas agus á áitiú, mar sin, go dtacaíonn CSE+ le daoine faoi mhíchumas a fhostú trí shocrúcháin oibre agus oiliúna, go háirithe le linn aistrithe ó cheardlanna foscúla chun an mhargaidh saothair oscailte a éascú;

19.á chur i bhfáth gur gá tuilleadh iarrachtaí chun a áirithiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar thacaíocht ardcháilíochta agus leas a bhaint as a gcearta mar a thuairiscítear in UNCRPD; á chur i bhfáth gur cheart do CSE+ atá le teacht leanúint de thosaíocht a thabhairt don mhaireachtáil neamhspleách agus don aistriú ó chúram institiúideach go cúram pobalbhunaithe, agus tacaíocht bhaile agus scéimeanna cúnaimh phearsanta a éascú; á iarraidh ar CSE+ an straitéis Eorpach um chearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030 a bhaint amach, agus go háirithe cur chun feidhme Threoir AE maidir le Maireachtáil Neamhspleách agus Cuimsiú sa Chomhphobal atá le teacht, an Chreata maidir le Seirbhísí Sóisialta Barr Feabhais do Dhaoine faoi Mhíchumas atá le teacht, agus an Phacáiste Fostaíochta le haghaidh daoine faoi mhíchumas a éascú;

20.á áitiú gur cheart do CSE+ díriú ar dhaoine faoi mhíbhuntáiste inár sochaithe, go háirithe daoine agus pobail imeallaithe amhail leanaí i ndrochstaid agus daoine scothaosta, mionlaigh eitneacha, Romaigh, daoine faoi mhíchumas nó ar a bhfuil galair ainsealacha, daoine gan dídean, grúpaí ar ioncam íseal, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, chomh maith leo siúd atá ina gcónaí i gceantair thuaithe, oileáin nó réigiúin iargúlta a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha uathúla rompu; á chur i bhfios go láidir nach mór do CSE+ a bheith cuimsitheach, agus aird ar leith á tabhairt ar gach cineál teaghlaigh, daoine agus teaghlach i limistéir bhánaithe inar bhfuil rochtain ar sheirbhísí agus ar dheiseanna níos teoranta, agus ar leanaí a bhfuil cúram tuismitheora bainte díobh; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart do CSE+ glacadh beart a spreagadh a choisceann scaradh teaghlaigh i gcás teaghlach i ndrochbhail, lena n-áirítear cláir oideachais tuismitheoireachta, teiripe atá dírithe ar theaghlaigh agus oiliúint fostaíochta;

21.á chur i bhfáth gur cheart do CSE+ infheistiú i dtionscadail ina ndírítear ar fhostaíocht ban agus ar chuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch na mban, agus aird ar leith á tabhairt ar mháithreacha aonair agus ar theaghlaigh faoi cheannas ban; á áitiú go dtacaíonn CSE+ le mná atá i ndrochstaid agus a bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth orthu chun lánpháirtiú/athlánpháirtiú i sochaithe agus i margadh an tsaothair, lena n-áirítear mná ar íospartaigh foréigin inscnebhunaithe iad, lena n-áirítear foréigean eacnamaíoch; á iarraidh go mbeadh cur chuige inscne trasearnálach(21) ann feadh CSE+;

22.á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise na ndúshlán reatha, a áireamh i gcuspóirí sonracha CSE+ cur chun cinn an aistrithe chóir, deireadh a chur le heaspa dídine, fiontair shóisialta a chur chun cinn sa gheilleagar sóisialta agus lánpháirtiú socheacnamaíoch daoine i ndrochstaid, lena n-áirítear imircigh, daoine óga, daoine scothaosta agus iad siúd atá ina gcónaí i gceantair atá buailte le meath déimeagrafach agus daoine faoi mhíchumas nó a bhfuil galair ainsealacha orthu, chomh maith leo siúd atá ag filleadh ar mhargadh an tsaothair tar éis neamhláithreacht níos faide;

23.á chur i bhfáth go bhfuil sé dúshlánach spriocanna CECS maidir leis an mbochtaineacht a shroicheadh, mura bhfuil tacaíocht shonrach tiomnaithe d’fhorbairt réiteach meántéarmach/fadtéarmach chun go n-éalóidh daoine ón anás agus chun dul i ngleic le bunchúiseanna neamhionannas, chun iad a neartú i leith dúshláin atá le teacht, chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí reatha sna córais náisiúnta cosanta sóisialta agus, mar sin, chun córais leasa a threisiú, agus chun tionchar sóisialta géarchéimeanna a mhaolú ar shlí spriocdhírithe; á áitiú go dtabharfaí tacaíocht chun dálaí maireachtála cuibhiúla a áirithiú gan aon duine a fhágáil laistiar, le rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha ardcháilíochta poiblí; á iarraidh go rachadh straitéis frithbhochtaineachta an Aontais, a leagtar amach i dtreoirlínte polaitiúla Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen do théarma 2024-2029, níos faide ná tograí beartais agus chun cistiú níos fearr a leithdháileadh in CAI le teacht atá tiomnaithe don cheartas sóisialta ar fud na gcistí, agus seachadadh CSE+ ar an láthair a éascú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag CSE+ sa straitéis a chur chun feidhme;

24.á chur i bhfáth gur gá bearta cuimsitheacha agus comhtháite a chistítear go hiomchuí, mar aon le cur chun feidhme éifeachtach na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí ar an leibhéal náisiúnta, chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí, agus á áitiú ar an ngá, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, go dtabharfaidh na Ballstáit aghaidh ar an ní seo go práinneach le hacmhainní buiséadacha stóinsithe agus go bhfuil sí réidh chun comhordú agus malartú na gcleachtas is fearr ar leibhéal an AE a fheabhsú agus leanúint de thacaíocht chomhlántach a sholáthar trí CSE+; á áitiú, thairis sin, gur cheart do gach Ballstát 5% ar a laghad dá n-acmhainní CSE+ a leithdháileadh ar dhul i ngleic le bochtaineacht leanaí agus gur cheart do na Ballstáit sin ina bhfuil ráta leanaí atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta os cionn mheán an Aontais méid breise a leithdháileadh chun dul i ngleic leis an bhfadhb ar shlí níos éifeachtaí; á áitiú go mbainfí úsáid thrédhearcach agus éifeachtúil as buiséad na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí chomh gar agus is féidir do na spriocghrúpaí agus i gcomhar le speictream iomlán na ngeallsealbhóirí agus na n-eagraíochtaí áitiúla;

25.ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhréir le dhá chuspóir ghinearálta an chiste agus lena dtábhacht a léiriú ar chomhchéim, an cur in áirithe don chuimsiú sóisialta a ardú thar an 25% reatha agus an cur in áirithe do chúnamh bia agus do chúnamh ábhartha bunúsach do na daoine is díothaí a ardú go 5%, mar fhreagairt ar chostais mhaireachtála agus bhia atá ag ardú;

26.á chur in iúl gur geal léi an fógra ó Uachtarán an Choimisiúin go gcuirfear plean tithíochta Eorpach inacmhainne ar fáil agus gur seoladh ardán infheistíochta uile-Eorpach maidir le tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe; ag teacht leis an uaillmhian tosaíocht a thabhairt do dhul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, agus á áitiú gur cheart do CSE+ tar éis 2027 rochtain thráthúil agus chomhionann a fheabhsú ar sheirbhísí inacmhainne, cuibhiúla, inrochtana, cuimsitheacha, inbhuanaithe agus ardcháilíochta lena gcuirtear rochtain ar thithíocht, lena n-áirítear bearta amhail tithíocht shóisialta agus scéimeanna cíosa inacmhainne chun cinn; á chreidiúint nach mór do gach Ballstát méid leordhóthanach dá n-acmhainní CSE+ a infheistiú chun dul i ngleic leis an easpa dídine agus á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh go gcuirfí i leataobh go suaithinseach é sin;

27.ag cur béim ar an bhfíoras gur gá maoiniú leordhóthanach CSE+ tar éis 2027 a áirithiú chun oideachais agus oiliúna poiblí ardcháilíochta agus inrochtana do chách, chomh maith leis an gceart sóisialta d’oibrithe páirt a ghlacadh i bhforbairt scileanna, in uas-sciliú, in athsciliú agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, agus chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus ar imirce daoine oilte, lena n-áirithítear gur féidir le daoine aonair dul i ngleic go rathúil le haistrithe i margadh an tsaothair gan déileáil le haon chineál idirdhealaithe, go háirithe oibrithe atá buailte leis an aistriú digiteach agus glas orthu, agus gníomhaíochtaí sonracha a chur chun cinn d’oibrithe scothaosta chun an leas is fearr is féidir a bhaint as tallann agus taithí shinsearach; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go mbeadh dlúthchomhar ann idir príomhghníomhaithe, lena n-áirítear institiúidí oideachais, fostóirí, oibrithe, rialtais agus údaráis áitiúla;

28.á chur i bhfios go láidir acmhainneacht CSE+ i nuálaíocht agus scileanna digiteacha a chothú, fad a thacaítear le hoibrithe atá buailte leis an aistriú digiteach agus glas trí chláir oideachais agus oiliúna a ailíniú ar shlí spriocdhírithe le riachtanais athraitheacha na bpríomhearnálacha agus rochtain ar dheiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a áirithiú, ionas gur féidir le hoibrithe de gach aois a scileanna a oiriúnú go leanúnach chun freastal ar riachtanais nua fostaíochta geilleagair atá ag athrú go tapa; á chur i bhfáth gur gá tuilleadh fóirdheontas agus cláir a fhorbairt a thacaíonn le hoibrithe san aistriú digiteach agus glas, lena n-áirítear athoiliúint oibrithe;

29.á áitiú gur cheart go ndearfar bearta lena ndírítear ar rochtain ar mhargadh an tsaothair a fheabhsú agus sealbhú scileanna a chur chun cinn ar shlí a chuireann neamhspleáchas daoine aonair chun cinn agus a aithníonn an neamhspleáchas sin, a thuarann na riachtanais scileanna sa todhchaí agus a dhíríonn ar fhostaithe atá i mbaol caillteanas poist sa todhchaí; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, an raon leathan tionscnamh feabhsaithe scileanna a dhéantar ar leibhéal an Aontais lenar féidir treoir úsáideach a chur ar fáil d’fhorbairt clár oideachais agus oiliúna ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach;

30.á iarraidh go neartófaí na hiarrachtaí chun tacú le cur chun feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg; ag tathant ar an gCoimisiún chun cur in áirithe méadaithe a mholadh thar an 12,5% reatha dá n-acmhainní CSE+ do gach Ballstát chun tacú leis na gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus na hathchóirithe struchtúracha chun tacú le fostaíocht ardcháilíochta don aos óg, le gairmoideachas agus gairmoiliúint, go háirithe sealanna oiliúna agus printíseachtaí agus leis an aistriú ón scoil go dtí an obair, le slite chun ath-lánpháirtiú san oideachas nó san oiliúint agus san oideachas athdheise; á iarraidh an athuair, sa chomhthéacs sin, ar na Ballstáit cleachtais dúshaothraithe, lena n-áirítear tréimhsí oiliúna gan íocaíocht a thoirmeasc; ag cur béim ar an ngá atá le sásraí faireacháin agus meastóireachta chun a thionchar agus éifeachtacht fhadtéarmach a áirithiú;

31.á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá CSE+ chun díriú ar ghrúpaí éagsúla a bhfuil riachtanais éagsúla acu; á chur i bhfáth, mar sin, a thábhachtaí atá tacaíocht a leithdháileadh, i measc nithe eile, ar thionscadail maidir le cuimsiú sóisialta daoine faoi mhíchumas, na Romach, an daonra atá ag dul in aois sa tsochaí, mná agus leanaí, agus teaghlaigh faoi cheannas ban agus teaghlaigh mhóra, agus lánpháirtiú socheacnamaíoch imirceach, imircigh saothair san áireamh, agus aird ar leith ar mhná imirceacha; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart do CSE+ tacú le tionscadail chun cuspóirí sóisialta agus oideachais agus chun scileanna a fheabhsú i réigiúin ina bhfuil dídhaonrú suaithinseach; á áitiú go n-ionchorprófar in CSE+ tar éis 2027 gnéithe eile den chuimsiú sóisialta, amhail tithíocht, sláinte agus imthosca teaghlaigh agus tacaíocht do sheirbhísí poiblí agus pobalbhunaithe; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil aon réiteach ann ‘a d’oirfeadh do chách’ agus go bhféadfadh slite éagsúla a bheith ann ó réigiún go réigiún chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin;

32.á chur i bhfáth gurb amhlaidh, le sraith Fostaíochta agus Nuálaíochta Sóisialta in CSE+, a thacaíonn le tionscnaimh ina dtugtar aghaidh ar oibrithe taistil agus a chinntíonn cistiú i gcás comhairleoireacht a bhaineann le ceardchumainn, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá ionadaithe oibrithe sa chómhargáil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú cobhsaí a sholáthar do sheirbhísí comhairleoireachta ceardchumainn náisiúnta agus trasnáisiúnta do na hoibrithe sin chun soghluaisteacht chóir lucht saothair a fheabhsú;

33.á mheabhrú gur cheart é a bheith d’aidhm agCSE+ chomh maith timpeallacht oibre fholláin dea-oiriúnaithe a sholáthar chun dul i ngleic le rioscaí sláinte a bhaineann le hathrú ar shaghsanna oibre agus chun riar ar riachtanais dhul in aois an lucht saothair. á chur i bhfáth go bhfuil dlús curtha ag an bpaindéim le réaltachtaí nua agus leis an méadú ar chineálacha nua oibre mar thoradh ar an digitiú, lena n-áirítear an intleacht shaorga (IS), a rinne difear do shábháilteacht agus sláinte cheirde oibrithe; á iarraidh, i bhfianaise an mhéid sin, go dtabharfaí tacaíocht agus cistiú leordhóthanach chun obair éifeachtach a áirithiú ar oibrithe a chosaint ar shubstaintí contúirteacha agus díobhálacha;

34.á iarraidh ar CSE+ borradh a chur faoi chur chun feidhme éifeachtach straitéis cúraim na hEorpa i ngach Ballstát trí infheistiú i seirbhísí agus i mbonneagar ardcháilíochta pobalbhunaithe agus cúraim baile, i gcúram fadtéarmach agus i dtacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta a bhfuil riachtanais tacaíochta acu, agus in oideachas agus cúram luathóige ar ardchaighdeán trí chórais cúraim phoiblí phobalbhunaithe, leanbhlárnacha agus duinelárnacha, ardcháilíochta, inacmhainne agus inrochtana a chuireann chun cinn neamhspleáchas daoine a bhfuil cúram de dhíth orthu chomh maith lena ndínit agus dínit cúramóirí; á iarraidh go n-infheisteofaí tuilleadh chun tacú le cúramóirí, idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, agus dálaí oibre cuibhiúla á n-áirithiú ag an am céanna d’oibrithe in earnáil an chúraim, lena n-áirítear tuarastail leormhaithe, trí Chomhaontú Cúraim; á iarraidh ar na Ballstáit cistí CSE+ a úsáid go hiomlán chun an próiseas dí-institiúidithe a threisiú agus a thabhairt chun críche chun a áirithiú gur féidir le gach duine maireachtáil i dtimpeallacht teaghlaigh nó pobail;

35.á mheabhrú gur gá caiteachas poiblí chun cóineasú sóisialta aníos a áirithiú; á chur i bhfáth go mbraitheann cur chun feidhme CECS agus na hathchóirithe faoi na moltaí tírshonracha ábhartha sa Seimeastar Eorpach ar thacaíocht láidir CSE+ do bhearta beartais áirithe, go háirithe na bearta sin a bhaineann le córais leasa shóisialta a neartú, lena n-áirithítear oideachas agus oiliúint phoiblí atá cuimsitheach, inrochtana agus ar ardchaighdeán, córais chúraim agus seirbhísí cúraim sláinte, lena n-áirítear don mheabhairshláinte, bochtaineacht leanaí a laghdú agus an easpa dídine a dhíothú agus na bearta sin a bhaineann le cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna do mhná agus d’fhir, nach mór a ráthú agus a neartú i ngach réimse, lena n-áirítear rannpháirtíocht i margadh an tsaothair, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta agus dul chun cinn gairme;

36.á mheabhrú gur féidir le beartais an Aontais dul i bhfeidhm go mór nuair a dhéantar iad a chomhordú le hionstraimí cistiúcháin agus le creataí straitéiseacha eile, amhail an Seimeastar Eorpach agus a mholtaí tírshonracha; á thabhairt dá haire go mbraitheann éifeachtacht na n-idirghabhálacha arna gcistiú ag CSE+ ar chur chun feidhme rathúil na n-athchóirithe;

37.á chur i bhfios go láidir go bhfuil an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil ríthábhachtach don dea-bhail ag an obair agus don laghdú ar bhochtaineacht san obair, ar eisiamh sóisialta agus ar neamhionannas pá; á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní airgeadais comhsheasmhacha agus leordhóthanacha a leithdháileadh ar fhothú acmhainneachta, agus é mar aidhm leis sin comhpháirtithe sóisialta a chumhachtú chun ról ábhartha a bheith acu i réimsí a n-inniúlachta, a n-acmhainneacht chun dul i mbun idirphlé sóisialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon a neartú agus gníomhaíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta a fheabhsú le hoibleagáid íosta iomchuí i ngach Ballstát, agus cúnamh teicniúil a áireamh chun na trí chuspóir sin; á áitiú, thairis sin, gur cheart íosrochtain ar chistiú a ráthú do ESSanna agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, ar bhonn comhionann, chun rannchuidiú le cuspóirí CSE+ sna Ballstáit agus chun iad a shaothrú; á chur i bhfios go láidir, ag an am céanna, gur gá acmhainneacht institiúideach a fhorbairt trí riarachán láidir agus gairmiúil agus nuálaíocht a chothú i mbainistíocht na hearnála poiblí;

38.á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comharchumainn faoi úinéireacht fostaithe, fiontair shóisialta agus samhlacha gnó malartacha eile le linn spriocanna iomchuimsithe an Aontais a shroicheadh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag fiontair shóisialta bheaga, seirbhísí sóisialta neamhbhrabúis agus ESSanna ar gach gné de CSE+; á iarraidh go mbeadh ráta cómhaoinithe 90% ar a laghad ann do bhearta atá dírithe ar na daoine is díothaí, agus 70% ar a laghad do gach gníomhaíocht eile arna cur chun feidhme ag eintitis bheaga a bhfuil acmhainneacht theoranta acu, amhail ESSanna, seirbhísí sóisialta neamhbhrabúis agus fiontair shóisialta, chun go mbeidh rochtain acu ar chistiú agus líon íosta rátaí cómhaoinithe éagsúla á gcaomhnú ag an am céanna;

Feidhmiú an chiste

39.á iarraidh ar na Ballstáit comhordú a áirithiú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí réigiúnacha agus áitiúla agus a rannpháirtíocht i dtionscadail arna maoiniú ó bhuiséid náisiúnta agus á áitiú gur gá cur chuige comhpháirtíochta CSE+ reatha a choinneáil, rud atá ríthábhachtach chun cáilíocht na gclár arna maoiniú faoi CSE+ a neartú á athdhearbhú gur gá rialacha a ghlacadh chun an ciste a bhainistiú i gcomhar leis na gníomhaithe áitiúla is gaire do riachtanais daoine agus ar féidir leo réitigh áitbhunaithe a fhorbairt is fearr a oireann dá gcríocha sonracha á thabhairt chun suntais gur gá gníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme an chiste

40.á áitiú nach mór do na rialacha lena rialaítear úsáid agus cur chun feidhme CSE+ comhlíonadh an smachta reachta, acquis an Aontais, caighdeáin shóisialta is airde an Aontais, cearta sóisialta agus prionsabail dhaonlathacha a áirithiú agus a fheabhsú, agus a bheith ailínithe le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus le cearta bunúsacha an duine agus na n-oibrithe, mar atá san áireamh chomh maith i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais;

41.á iarraidh, leis na rialacha lena rialaítear CSE+, nach lamhálfar airgead poiblí a leithdháileadh ach ar na fostóirí sin a urramaíonn cearta oibrithe agus na rialacha is infheidhme maidir le dálaí oibre; ag moladh don Choimisiún bunachar sonraí cuimsitheach a chruthú, lena bhforlíontar sonraí Eurostat, chun go lamhálfar faireachán tráthúil agus iontaofa a dhéanamh ar fhorbairtí san fhostaíocht, i ndálaí maireachtála agus sa chaidreamh tionsclaíoch;

42.á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur minic a bhacann na rialtais náisiúnta cur chun feidhme éifeachtúil CSE+ trí ualaí riaracháin nach gá a fhorchur nó trí chosc a chur ar ghníomhaithe áitiúla tacaíocht faoin gciste nó deiseanna cistiúcháin a bhainistiú; á iarraidh go laghdófaí an t-ualach riaracháin agus maorlathas, go háirithe trí shimpliú a dhéanamh ar na próisis iarratais chun rochtain a fháil ar chistí agus ar na nósanna imeachta tuairiscithe d’eagraíochtaí, go háirithe d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus an gheilleagair shóisialta, agus dóibh siúd atá níos lú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart dul i gcomhairle le tairbhithe, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí sóisialta neamhbhrabúis, chun na bearta simpliúcháin a dhearadh; ag tathant go seasfadh an simpliú le bunphrionsabail na bainistíochta comhroinnte, na trédhearcachta, na cuntasachta agus an ghrinnscrúdaithe neamhspleách, chomh maith le prionsabail na comhpháirtíochta, lena n-áirithítear riarachán cuí cistí poiblí;

43.á aithint go bhféadfadh ualach riaracháin níos mó a bheith mar thoradh ar spleáchas iomarcach ar mhéadracht amhail an ráta earráide; á thabhairt dá haire go bhféadfadh méadrachtaí éagsúla, lena n-áirítear tomhais ar ionchuir, aschuir, bearta feidhmíochta nó cáilíochtúla, a bheith oiriúnach do chuspóirí agus d’idirghabhálacha éagsúla;

44.á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht agus cumarsáid chomhsheasmhach a chur ar fáil do na Ballstáit chun cabhrú leo tionscadail aonair a chur ar bun go héifeachtach agus go trédhearcach, lena n-áirítear dálaí trédhearcacha agus intuartha, a chuireann soiléireacht dhlíthiúil agus intuarthacht ar fáil d’iarratasóirí, agus do thairbhithe deiridh an chistithe;

45.á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht níos críochnúla ar éifeachtacht na n-idirghabhálacha aonair a áirithiú gan ualaí móra nua a fhorchur ar sholáthraithe, mar shampla tríd an malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún a shimpliú agus trí dheasca meastóireachta a chruthú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon;

46.á athdhearbhú go bhfuil an digitiú ar cheann de na huirlisí tábhachtacha chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus chun iarratais ar dheiseanna cistithe a chuíchóiriú, agus gur cheart, dá réir sin, é a chur chun cinn agus scileanna digiteacha daoine a neartú; ag tabhairt rabhaidh, áfach, nach bhfuil gach duine ullamh don digitiú agus go bhféadfadh grúpaí áirithe daoine, go háirithe na daoine is leochailí, amhail daoine scothaosta agus iad siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantair bhánaithe ina bhféadfadh rochtain ar sheirbhísí agus ar dheiseanna a bheith níos teoranta, agus na tionscadail atá dírithe orthu, chomh maith le ESSanna, seirbhísí sóisialta neamhbhrabúis agus fiontair shóisialta, deiseanna cistiúcháin a chailleadh mar thoradh air sin;

47.á mheas gur gá níos mó oibre a dhéanamh chun go mbeidh eagraíochtaí agus daoine ar an eolas faoi na deiseanna uile is féidir a bheith ag gabháil le CSE+; á áitiú go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit aird eagraíochtaí a tharraingt, iad a chur ar an eolas agus comhairle a chur orthu faoi na deiseanna a chuirtear ar fáil le CSE+ trí fheachtais faisnéise a chur i gcrích; á mheas go bhfuil bearna shuaithinseach eolais agus scileanna fós ann, go háirithe i gcás seirbhísí sóisialta, chun rochtain a fháil ar CSE+ reatha agus tionscadail arna gcistiú ag an Aontas a reáchtáil; á mheas, go háirithe, gur cheart buiséad cúnaimh theicniúil a fhorchoimeád le rialachán CSE+ sa todhchaí chun líonra de dheasca cabhrach náisiúnta nó pointí faisnéise ísealtairsí a bhunú a thairgeann seirbhísí amhail comhairleoireacht siúl isteach i bpoist, arna gcomhordú ar an leibhéal tras-Eorpach chun an oiliúint, an treoir agus an tacaíocht a chur ar fáil go héifeachtach d’eagraíochtaí ar an láthair;

48.á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sineirgí a neartú ar gach leibhéal idir tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó CSE+ agus ó chistí eile an Aontais;

o
oo

49.á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún.

(1) IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj.
(2) IOL, 2024/3236, 23.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3236/oj.
(3) IO L 23, 30.6.2021, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/48(1)/oj.
(4) IO L 93, 19.3.2021, lch. 1.
(5) IO C, C/2024/4224, 24.7.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/C/2024/4224/oj.
(6) IO C, C/2024/4212, 24.7.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/C/2024/4212/oj.
(7) IO C177, 17.5.2023, lch.13.
(8) IO C 506, 15.12.2021, lch. 94.
(9) IO L 465, 17.11.2021, lch. 62.
(10) IO L 456, 10.11.2021, lch. 145.
(11) IO L 456, 10.11.2021, lch. 208.
(12) IOC425, 20.10.2021, lch.2.
(13) IO L 395, 29.9.2021, lch. 101.
(14) IO C47, 7.2.2023, lch.30.
(15) IO C 362, 8.9.2021, lch.8.
(16) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Disability_statistics_-_poverty_and_income_inequalities
(17) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Gender_pay_gap_statistics.
(18) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Living_conditions_in_Europe_-_poverty_and_social_exclusion
(19) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/edn-20210601-2
(20) Airteagal 10 CFAE.
(21) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal A Union of Equality: [Aontas Comhionannais: Gender Equality Strategy 2020-2025 Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025], .

An nuashonrú is déanaí: 13 Márta 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais