Rialú buiséadach
Déanann gach institiúid de chuid an Aontais agus na Ballstáit grinnscrúdú ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Déanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus Parlaimint na hEorpa seiceálacha mionsonraithe ar leibhéil éagsúla. Gach bliain, déanann an Pharlaimint grinnscrúdú ar chur chun feidhme an bhuiséid d’fhonn urscaoileadh a dheonú don Choimisiún, d’institiúidí eile an Aontais agus do ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais.
An bunús dlí[1]
- Airteagail287, 317, 318, 319, 322agus325 den (CFAE);
- (féach go háirithe Teideal II, Caibidil7, maidir le prionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais agus an fheidhmithe, agus TeidealXIV, maidir le hiniúchóireacht sheachtrach agus urscaoileadh);
- maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, CuidIII;
- Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, TeidealII, Caibidil6 agus Caibidil 7, Rialacha99, 100 agus104; TeidealV, Caibidil2, Riail134; IarscríbhinnV.
ܲóí
Dlíthiúlacht, beachtas agus bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú i leith oibríochtaí buiséid agus córais rialaithe airgid, chomh maith le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad AE (geilleagar, éifeachtúlacht agus éifeachtacht), agus, maidir le ról Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus Pharlaimint na hEorpa, a áirithiú go mbaintear amach na cuspóirí sin (critéir feidhmíochta).
An méid atá bainte amach
A. Rialú ar an leibhéal náisiúnta
Is iad na húdaráis náisiúnta a dhéanann, a bheag nó a mhór, rialú tosaigh ar ioncam agus ar chaiteachas. Choimeád siad a gcumhachtaí, go háirithe maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (1.4.1), ar réimse é inar féidir leo na nósanna imeachta is gá a dhéanamh chun na méideanna lena mbaineann a bhailiú agus a fhíorú. Déantar rialú buiséadach a fheidhmiú freisin trí neamhrialtachtaí agus calaois a chomhrac (1.4.6). Déanann údaráis na mBallstát grinnscrúdú ar an gcéad dul síos ar chaiteachas oibríochtúil ionstraimí atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, amhail an Ciste Eorpach um Fhorbairt Réigiúnach, Ciste Sóisialta na hEorpa (arb iad na Cistí Struchtúracha iad le chéile), mar aon leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (EAGF) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (EAFRD).
B. Rialú ar leibhéal AE
1. ԳáԲ
I ngach institiúid, is iad na hoifigigh agus na cuntasóirí údarúcháin agus, ina dhiaidh sin, iniúchóir inmheánach na hinstitiúide, a dhéanann an rialú a fheidhmiú.
2. Seachtrach: ag an gCúirt Iniúchóirí (1.3.12)
Déanann na hinstitiúidí náisiúnta iniúchóireachta agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) rialú seachtrach, agus gach bliain cuireann an Chúirt Iniúchóirí tuarascálacha mionsonraithe faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal287 CFAE, i.e.:
- an ‘ráiteas dearbhaithe maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo’ (a dtugtar ‘DAS’ air);
- an tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme an bhuiséid ghinearálta, lena n-áirítear buiséid na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí satailíte uile;
- tuarascálacha bliantúla sonracha ar ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí AE;
- tuarascálacha speisialta ar shaincheisteanna sonracha (iniúchtaí feidhmíochta agus comhlíontachta);
- tuairimí (maidir le dlíthe nua nó leasaithe a bhfuil tionchar suntasach acu ar bhainistíocht airgeadais AE);
- athbhreithnithe a chumhdaíonn beartais agus topaicí bainistíochta, a dhéanann anailís ar réimsí nó ar shaincheisteanna nár iniúchadh go fóill nó a bhunaíonn bonn fíorasach maidir le hábhair áirithe;
- Do na blianta airgeadais 2019, 2020 agus 2021, d’fhoilsigh CIE tuarascáil maidir le feidhmíocht fhoriomlán bhuiséad an Aontais. Chuir sí deireadh le foilsiú na tuarascála seo ón mbliain airgeadais 2022.
Tugann CIE tuairiscí freisin ar oibríochtaí chun iasachtaí a thabhairt agus a fháil agus ar an gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF). Chumhdaigh an CEF deireanach an tréimhse 2014-2020 agus rinneadh é a chomhtháthú ansin i mbuiséad an Aontais le creat airgeadais ilbhliantúil2021-2027[2].
3. Rialú ar an leibhéal polaitiúil: ag an bParlaimint
Laistigh den Pharlaimint, tá an Coiste um Rialú Buiséadach freagrach as seasamh na Parlaiminte a ullmhú agus go háirithe as an méid seo a leanas:
- Cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus bhuiséad CEF a rialú;
- na cinntí maidir le hurscaoileadh a ullmhú, an nós imeachta urscaoilte inmheánach san áireamh;
- dúnadh, tíolacadh agus iniúchadh chuntais agus chláir chomhardaithe an Aontais, a chuid institiúidí agus aon chomhlachtaí a ndéanann sé maoiniú orthu;
- gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta a rialú (1.3.15);
- faireachán a dhéanamh ar chost-éifeachtacht chineálacha éagsúla maoinithe an Aontais agus beartais an Aontais á gcur chun feidhme;
- baill CIE a ainmniú, agus a dtuarascálacha a mheas;
- breithniú a dhéanamh ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, bearta a ghlacadh chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc agus ionchúisimh a thionscnamh i gcásanna den sórt sin, agus as leasanna airgeadais an Aontais i gcoitinne a chosaint;
- caidreamh le CIE, leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus leis an Ionchúisitheoir Poiblí Eorpach;
An nós imeachta um urscaoileadh
Uair sa bhliain, ar mholadh ón gComhairle, deonaíonn Parlaimint na hEorpa urscaoileadh don Choimisiún (agus d’institiúidí agus do chomhlachtaí eile) i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain n-2, tar éis di scrúdú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar thuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí de chuid Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin (agus de chuid na n-institiúidí eile), ar an tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht de chuid an Choimisiúin, ar an tuarascáil mheastóireachta (faoi Airteagal318CFAE, dírítear sa tuarascáil seo ar na torthaí arna mbaint amach ag cláir an Aontais, agus na moltaí a rinne an Pharlaimint agus an Chomhairle sna blianta roimhe sin á gcur san áireamh), ar thuarascáil bhliantúil CIE agus ar fhreagraí ón gCoimisiún agus ó na hinstitiúidí eile ar cheisteanna na Parlaiminte (Airteagal319CFAE). Tugtar ‘grinnscrúdú parlaiminteach ar chur chun feidhme an bhuiséid’ ar an bpróiseas sin, agus tá sé dírithe ar chomhlíonadh na gceanglas dlíthiúil agus rialála, chomh maith le bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú. Déanann an Coiste um Rialú Buiséadach seasamh na Parlaiminte a ullmhú maidir leis na tuarascálacha thuasluaite. Tá rún ag gabháil leis na cinntí maidir le hurscaoileadh a thagann astu, ina bhfuil barúlacha agus moltaí na Parlaiminte maidir le cur chun feidhme an bhuiséid.
Tá sé de cheangal ar an gCoimisiún agus ar na hinstitiúidí eile gníomhú de bhun na mbarúlacha a thugann an Pharlaimint ina rúin maidir le hurscaoileadh (Airteagal319(3) CFAE agus Airteagal262 den Rialachán Airgeadais).
Mar riail ghinearálta, déanann an Pharlaimint na tuarascálacha ar urscaoileadh a mheas ag páirtseisiún roimh an 15 Bealtaine (Airteagal260 den Rialachán Airgeadais). Dá bhrí sin, seachas i gcásanna eisceachtúla, déantar na vótaí ar urscaoileadh a chaitheamh ag páirtseisiún mhí Bealtaine nó, i gcás cur siar, ag páirtseisiún mhí Dheireadh Fómhair. Mura bhfaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, nó má bheartaíonn an Pharlaimint a cinneadh maidir le hurscaoileadh a chur siar (san earrach), cuireann an Pharlaimint na hinstitiúidí nó na gníomhaireachtaí lena mbaineann ar an eolas faoi na cúiseanna. Tá sé de cheangal ar na gníomhaireachtaí gníomhú gan mhoill chun na bacainní ar chinneadh maidir le hurscaoileadh a bhaint. Ansin, tíolacann an Coiste um Rialú Buiséadach tuarascáil úrnua, laistigh de 6 mhí, ina mbíonn togra úrnua chun urscaoileadh a dheonú nó a dhiúltú.
Cé nach ndéantar tagairt in CFAE ach d’urscaoileadh don Choimisiún amháin, ar chúiseanna trédhearcachta agus formhaoirseachta daonlathaí, deonaíonn an Pharlaimint freisin urscaoileadh ar leithligh do na hinstitiúidí agus na comhlachtaí agus do gach gníomhaireacht nó eintiteas comhchosúil (tá forálacha maidir le hurscaoileadh do na gníomhaireachtaí díláraithe agus do na comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha leagtha amach ina rialacháin bhunaidh). Dhiúltaigh an Pharlaimint d’urscaoileadh a dheonú d’Ardrúnaí na Comhairle ó2009 i leith, mar gheall ar an easpa comhair ón gComhairle sa nós imeachta um urscaoileadh. Ar deireadh, dírítear cinntí ar urscaoileadh na Parlaiminte, agus a rúin maidir le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta AE, RoinnI — Parlaimint na hEorpa, chuig Uachtarán na Parlaiminte.
Ról Pharlaimint na hEorpa
A. Forbairt na gCumhachtaí
Ó1958 go1970, níor coimeádadh an Pharlaimint ar an eolas ach maidir le cinntí i leith urscaoileadh arna dtabhairt ag an gComhairle don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid. In1971, mar aon leis an gComhairle, fuair sí an chumhacht chun urscaoileadh a dheonú. Ón 1Meitheamh1977 i leith, nuair a tháinig Conradh an22 Iúil1975 i bhfeidhm, is aici amháin atá an chumhacht chun urscaoileadh a dheonú, a luaithe is a thugann an Chomhairle a moladh. Trína coistí ábhartha, reáchtálann an Pharlaimint éisteachtaí na gCoimisinéirí ainmnithe, agus reáchtálann an Coiste um Rialú Buiséadach éisteachtaí do Chomhaltaí ainmnithe na Cúirte Iniúchóirí, do na hiarrthóirí atá ar an ngearrliosta do phost an Ard-Stiúrthóra in Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do chomhaltaí Choiste Maoirseachta OLAF. Ní féidir na poist sin a líonadh go dtí go dtionólfar na héisteachtaí sin. Ba cheart a thabhairt faoi deara, ar deireadh, gurb é an Coimisiún a cheapann Ard-Stiúrthóir OLAF, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bParlaimint agus leis an gComhairle, agus gurb iad an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún a cheapann, de chomhthoil, comhaltaí Choiste Maoirseachta OLAF.
B. Úsáid an urscaoilte
Féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh urscaoileadh a chur siar i gcás ina bhfuil sí míshásta le gnéithe áirithe de bhainistíocht an Choimisiúin ar an mbuiséad. Féadfar a mheas gurb ionann diúltú urscaoileadh a dheonú agus ceangal a chur ar an gCoimisiún éirí as. Cuireadh an bhagairt sin in éifeacht i mí na Nollag1998: tar éis vóta sa suí iomlánach maidir le diúltú don rún urscaoilte, bunaíodh grúpa cúigear saineolaithe agus rinne siad tuairisciú ar chalaois, míbhainistíocht agus finíochas a cuireadh i leith an Choimisiúin. D’éirigh na Coimisinéirí as en bloc an 16Márta1999.
Maidir le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta AE ag an gCoimisiún, thug an Pharlaimint isteach dhá ghné nua le linn an nós imeachta urscaoilte do2011 agus do2012: dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a fhíorú, ar nithe iad a bhfuil dlúthcheangal acu le meastóireacht ar fheidhmíocht (Airteagal318 CFAE); tuarascáil mheastóireachta ar airgeadas an Aontais ar bhonn na dtorthaí arna mbaint amach, agus leis an bhforáil lena sonraítear go bhféadfar cinneadh maidir le hurscaoileadh a ‘fhrithchothromú’ trí fhorchoimeádais a bhaineann le réimsí beartais faoi leith. Le linn an nós imeachta urscaoilte do2019, bhí ar CIE, den chéad uair le ceithre bliana anuas, tuairim chodarsnach a eisiúint maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais is bun leis na cuntais. Mar sin féin, sa chéad tuarascáil uaithi maidir le feidhmíocht fhoriomlán bhuiséad AE, chinn CIE go raibh nósanna imeachta sásúla i bhfeidhm. Sheas an Pharlaimint leis an moladh ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa gur cheart cáilíocht faisnéise an Choimisiúin a fheabhsú tuilleadh, agus chuir sí in iúl go láidir go bhfuil táscairí toraidh agus tionchair níos oiriúnaí do thomhas feidhmíochta ná do tháscairí ionchuir agus aschuir.
Le linn an nós imeachta urscaoilte do2019, scrúdaigh an Pharlaimint freisin easnaimh i mbainistiú buiséadach agus airgeadais na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), agus chuir sí in iúl nach raibh na mínithe a thug an ghníomhaireacht leordhóthanach. Chinn an Pharlaimint urscaoileadh Frontex a chur siar ó earrach 2021 go dtí an 21Deireadh Fómhair2021, nuair a vótáil an seisiún iomlánach i bhfabhar urscaoileadh na gníomhaireachta a dheonú, ach chuir sé EUR90milliún – nó thart ar 12% de bhuiséad iomlán na gníomhaireachta – faoi chúlchiste. Ní féidir na cistí sin a scaoileadh ach amháin má chomhlíonann Frontex coinníollacha áirithe, eadhon 20 monatóir ar chearta bunúsacha, atá ar iarraidh faoi láthair, agus triúr leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin nach mór a bheith cáilithe go leordhóthanach chun na poist sin a líonadh, chomh maith le sásra le haghaidh teagmhais thromchúiseacha ar theorainneacha seachtracha an Aontais a thuairisciú agus córas feidhmiúil faireacháin ar chearta bunúsacha a chur ar bun. Le linn an nós imeachta um urscaoileadh ina dhiaidh sin (do bhuiséad 2020) chuir an Pharlaimint a cinneadh maidir le cuntais Frontex siar toisc gur mheas sí nár chomhlíon Frontex na coinníollacha a leag an Pharlaimint síos i mí Dheireadh Fómhair 2021. Ina theannta sin, bhí ar an ngníomhaireacht aghaidh a thabhairt fós ar thorthaí imscrúdaithe de chuid OLAF ar chiapadh, mí-iompar agus brú siar imirceach, agus tuairisc a thabhairt don Pharlaimint maidir lena dul chun cinn. Sna nósanna imeachta um urscaoileadh is déanaí, dhírigh ábhair imní na Parlaiminte ar cheanglais rialaithe na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, rátaí arda earráide do chláir chaiteachais, thrédhearcacht in úsáid chistí AE (lena n-áirítear faisnéis faoi thairbhithe deiridh), rochtain eagraíochtaí neamhrialtasacha ar chistí AE agus treisiú leis an gcreat rialaithe agus faireacháin chun cistí AE a rianú i gcriosanna éagobhsaí nó coinbhleachta.
Mar atá luaite thuas, ní mór don Choimisiún, do na hinstitiúidí eile agus do na gníomhaireachtaí díláraithe eile tuarascáil a thabhairt ar an ngníomh a dhéantar de bhun na mbarúlacha a thugann an Pharlaimint i rúin maidir le hurscaoileadh. Ní mór do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas maidir leis na bearta atá déanta acu mar fhreagairt ar bharúlacha na Parlaiminte, agus ní mór don Choimisiún iad a chur san áireamh ina thuarascáil leantach féin (Airteagal262 den Rialachán Airgeadais).
Cuidíonn sainchoistí de chuid na Parlaiminte chun a áirithiú go ndéantar cistí an Aontais a chaitheamh go héifeachtúil agus ar mhaithe le leas cháiníocóirí an Aontais. Roinnt uaireanta, rinne comhaltaí an Choiste um Rialú Buiséadach plé a reáchtáil le hionadaithe na gcoistí comhionanna i bparlaimintí na mBallstát, le húdaráis náisiúnta iniúchóireachta agus le hionadaithe gníomhaireachtaí custaim.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach an suíomh gréasáin don Choiste um Rialú Buiséadach (CONT).
Diána Haase