Míniú ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais
Conas a mhaoinítear an tAontas Eorpach agus conas a dhéantar a chuid airgid a infheistiú? Léigh tuilleadh maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais agus mar a roghnaítear é.
Cuidíonn buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh leis na milliúin mac léinn, na mílte taighdeoirí, gnólachtaí, réigiúin agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha. Cuireann sé bia níos sláintiúla agus níos sábháilte ar fáil, chomh maith le bóithre, iarnróid agus aerfoirt nua, comhshaol níos glaine, agus slándáil níos fearr ag teorainneacha seachtracha an Aontais.
Trí hacmhainní a roinnt ar leibhéal Eorpach, déantar an Eoraip a neartú, agus cuirtear le rathúnas.
Céard atá i gceist le buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh?
Is é an creat airgeadais ilbhliantúil (MFF) buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh lena leagtar síos na teorainneacha do chaiteachas an Aontais. Mhair na creataí airgeadais ilbhliantúla a bhí ann le déanaí seacht mbliana go hiondúil agus is é is cuspóir leo caiteachas AE a ailíniú le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais agus smacht buiséadach a chinntiú.
Leis an mbuiséad fadtéarmach, cinntítear go bhfuil intuarthacht ann do na cláir a chistíonn an tAontas Eorpach. Mar shampla, braitheann taighdeoirí ar an intuarthacht seo agus iad ag obair ar thionscadail eolaíocha a mhaireann na blianta.
Agus an buiséad fadtéarmach á ullmhú, bíonn gá le roinnt mhaith solúbthachta d’fhonn a chinntiú go mbeifear in ann deileáil le géarchéimeanna nó éigeandálaí gan choinne, paindéim an choróinvíris cuir i gcás.
Mar shampla, trí Chiste Dlúthpháirtíochta AE, cuirtear ar chumas an Aontais tacaíocht airgeadais a thabhairt do bhallstát sa chás ina dtarlaíonn mórthubaiste nádúrtha. Leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tugtar tacaíocht do dhaoine a chailleann a bpost mar gheall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin trádála de bharr an domhandaithe, mar shampla má dhruidtear cuideachta mhór nó má dhéantar cinneadh monarú táirge éigin a aistriú go tír lasmuigh den Aontas, nó mar gheall ar ghéarchéim airgeadais.
Murab ionann is buiséad na mballstát, buiséad infheistíochta atá i gceist le buiséad an Aontais Eorpaigh, mar shampla ní dhéanann sé bunscoileanna ná cosaint náisiúnta a mhaoiniú. Ina ionad sin, díríonn an buiséad ar roinnt réimsí a chuireann “breisluach Eorpach” ar fáil agus a chuireann borradh faoin bhfás eacnamaíoch agus faoin iomaíochas.
Conas a chaitear buiséad AE?
Tacaíonn buiséad an Aontais le taighde agus le nuálaíocht, déanann sé líonraí tras-Eorpacha a mhaoiniú, chomh maith le forbairt gnólachtaí beaga agus meánmhéide a bhfuil ról riachtanach acu ó thaobh na fostaíochta de san Aontas Eorpach.
Sa bhuiséad fadtéarmach reatha, cuirtear an chuid is mó den airgead ar fáil don chomhbheartas talmhaíochta chomh maith leis an gcomhbheartas iascaigh agus caiteachas comhshaoil. Ag barr an tábla chomh maith, tá an beartas comhtháthaithe a bhfuil sé mar aidhm aige na difríochtaí idir réigiúin ó thaobh na forbartha de a laghdú. Leis an mbuiséad fadtéarmach, maoinítear chomh maith cabhair dhaonnúil agus tionscadail fhorbartha.
Tá tuilleadh faisnéise anseo maidir leis agus maidir le .
Conas a mhaoinítear buiséad fadtéarmach AE?
Déantar buiséad fadtéarmach an Aontais a mhaoiniú trí:
- ranníocaíochtaí na mballstát
- dleachtanna iompórtála ar tháirgí neamh-AE
- fíneálacha ar chuideachtaí a sháraíonn rialacha AE maidir le hiomaíochas
- beidh ar thíortha an Aontais ranníocaíocht nua a dhéanamh ón 1 Eanáir 2021 bunaithe ar a ndramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte
Féadfar foinsí eile ioncaim do bhuiséad AE a chuir leis go luath sa todhchaí. Thug an Pharlaimint a cuid tacaíochta do thogra de chuid an Choimisiúin i mí na Samhna lena dtugtar isteach trí fhoinse nua: ioncam ó thrádáil astaíochtaí, ioncam ó thobhach carbóin ar earraí allmhairithe agus ranníocaíocht bunaithe ar bhrabúis chorporáide.
Ní mór don togra a bheith formhuinithe d'aon toil ag Comhairle an AE agus ansin daingnithe ag na 27 mBallstát le go mbeidh sé in ann teacht i bhfeidhm.
Conas a dhéanfar cinneadh ar an mbuiséad fadtéarmach?
Maireann an buiséad fadtéarmach reatha ó 2021 go 2027. Sula dtéann sé in éag, molfaidh an Coimisiún Eorpach an chéad bhuiséad eile. Meastar go dtarlóidh sé seo sa bhliain 2025.
Tá a cuid tosaíochtaí don bhuiséad fadtéarmach nua á leagadh amach ag Parlaimint na hEorpa cheana. Nuair a chruthaíonn an Coimisiún tograí nua, déanfaidh feisirí measúnú orthu chun a seasaimh chaibidlíochta a réiteach. Ón bpointe sin ar aghaidh, tosóidh siad ag labhairt le tíortha an Aontais sa Chomhairle chun teacht ar chomhaontú roimh dheireadh 2027.
Glactar buiséad fadtéarmach AE d'aon toil ag na ballstáit sa Chomhairle. Roimhe sin, ní mór do Pharlaimint na hEorpa a toiliú a thabhairt dó.