Ϸվ

Trí chomharsa ó Chomhpháirtíocht an Oirthir: an Úcráin, an Mholdóiv agus an Bhealarúis

Le beartas an Aontais maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir, arna bhunú in 2009, cumhdaítear sé Stát iar-Shóivéadacha: an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin. Cruthaíodh é chun tacú le hiarrachtaí athchóirithe polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha sna tíortha sin, arb é is aidhm dó daonlathú, dea-rialachas, slándáil fuinnimh, cosaint an chomhshaoil, agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a mhéadú. Tá na comhaltaí go léir seachas an Bhealarúis rannpháirteach sa Tionól Parlaiminteach Euronest.
I mí an Mheithimh 2023, tugadh stádas tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas don Mholdóiv agus don Úcráin, agus ina dhiaidh sin cinneadh an Chomhairle Eorpach an 14 Nollaig 2023 tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an dá thír a luaithe a chuirfear na céimeanna reachtacha deireanacha atá fós gan réiteach chun feidhme go sásúil.

An Úcráin

Le deich mbliana anuas, is comhpháirtí lárnach don Aontas í an Úcráin, a bhfuil tábhacht ollmhór gheopholaitiúil ag baint léi mar aon le tionchar nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar bheartais an Aontais. Thacaigh Parlaimint na hEorpa go diongbháilte le conair na hÚcráine i dtreo an Aontais agus tá dlúthcheangal láidir aici lena contrapháirt Úcránach, an Verkhovna Rada.

An agóid ar son an Aontais a reáchtáladh i gcoinne Victor Yanukovych, a bhí ina Uachtarán ag an am, ba chúis, den chuid is mó, leis na himeachtaí atá ar siúl san Úcráin ó mhínaSamhna2013, nuair a chinn sé gan an comhaontú comhlachais leis an Aontas a shíniú. Lean athrú rialtais agus olltoghchán as gluaiseacht Euromaidan ar deireadh i míDheireadhFómhair2014, toghchán inar éirigh leis na páirtithe a bhí ar son na hEorpa agus ar son an athchóirithe teacht i gcumhacht.

Ghabh an Rúis seilbh ar an gCrimé go mídhleathach i míanMhárta2014, agus bhris coinbhleacht armtha amach go tobann in oirthear na hÚcráine, coinbhleacht a bhí á saighdeadh ag scaúaithe le tacaíocht na Rúise.

D’ainneoin chomhaontuithe Mhionsc a socraíodh in2015, agus na bhformáidí caibidlíochta a bunaíodh, amhail an Grúpa Teagmhála Tríthaobhach (an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), an Rúis agus an Úcráin) agus formáid na Normainne (an Rúis, an Úcráin, an Ghearmáin agus an Fhrainc), tá amhras faoi inbhuanaitheacht an tsosa cogaidh de bharr na gcaismirtí troda a tharlaíonn ó am go chéile. Bhí ceangal idir smachtbhannaí eacnamaíocha an Aontais i gcoinne na Rúise le comhlíonadh iomlán Mhoscó le comhaontuithe Mhionsc agus rinneadh iad a athnuachan go tréimhsiúil.

I míanMheithimh2017, tháinig taisteal gan víosa chuig an Aontas ar feadh suas le 90lá i bhfeidhm do shaoránaigh na hÚcráine a raibh pasanna bithmhéadracha ina seilbh acu, toisc gur comhlíonadh tagarmharcanna an phlean gníomhaíochta um léirscaoileadh víosaí.

ճáԾ an idir an tAontas agus an Úcráin i bhfeidhm an 1MeánFómhair2017, tar éis é a bheith i bhfeidhm go sealadach agus go comhpháirteach ón 1Samhain2014. An 1Eanáir2016, tháinig an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA) i bhfeidhm ina iomláine, ceann de chlocha coirnéil an chomhaontaithe.

Sa bhreis ar thacaíocht pholaitiúil, idir2014 agus Feabhra2022, rinne AE agus a institiúidí airgeadais a leithdháileadh chun tacú leis an bpróiseas athchóirithe san Úcráin. Faoi chlár oibre athchóirithe atá curtha ar bun go comhpháirteach, tá AE i mbun faireachán géar ar an dul chun cinn i sraith réimsí tosaíochta: an comhrac i gcoinne an éillithe, athchóiriú ar chóras na mbreithiúna, athchóirithe bunreachtúla agus toghcháin, éifeachtúlacht fuinnimh, athchóiriú ar an riarachán poiblí, chomh maith leis an timpeallacht ghnó a fheabhsú.

Sna toghcháin uachtaránachta a reáchtáladh i mí Aibreáin 2019, fuair Volodymyr Zelenskyy an ceann is fearr ar an Uachtarán Petro Poroshenko, rinne sé an pharlaimint a lánscor agus toghchán tobann a ghairm, inar bhuaigh a pháirtí, Servant of the People, trí thromlach glan. Mar thoradh air sin, ghlac comhaltaí an pháirtí seilbh ar phost Spéicéir na Parlaiminte agus ar phost an Phríomh-Aire araon. I míanMhárta2020, thug an tUachtarán Zelenskyy faoi atheagrú suntasach a dhéanamh ar an rialtas inar ndeachaigh Denys Shmyhal i mbun dualgais mar Phríomh-Aire.

Sheol an rialtas nua clár oibre uaillmhianach maidir le hathchóiriú reachtach, ach ag an am céanna bhí air aghaidh a thabhairt ar an gcoinbhleacht armtha in oirthear na tíre, a bhfuil leibhéil éagsúla déine ag baint léi ó 2014 i leith.

An 21Feabhra2022, thug Dúma Stáit na Rúise aitheantas oifigiúil do neamhspleáchas ‘Daon-Phoblachtaí’ féinfhógartha Donetsk agus Luhansk, tar éis méadú seasta ar láithreacht thrúpaí na Rúise feadh theorainneacha na hÚcráine. Trí lá ina dhiaidh sin, rinne trúpaí na Rúise ionradh ar an Úcráin, agus ionsaithe á ndéanamh acu ó roinnt treonna. Mar gheall ar an ionradh iomlán agus ar an mbombardú agus na hionsaithe aeir a tharla ina dhiaidh sin, lena n-áirítear ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar criticiúil, maraíodh líon mór daoine agus tá fulaingt ollmhór daoine agus oll-easáitiú daoine mar thoradh air.

Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) go bhfuil thart ar 3.7 milliún duine easáitithe ina dtír féin san Úcráin faoi láthair agus go bhfuil 5.9 milliún dídeanaí agus iarrthóir tearmainn – mná agus leanaí den chuid is mó – scaipthe ar fud na hEorpa. In 2024, beidh cúnamh daonnúil de dhíth ar 14.6 milliún duine san Úcráin, lena n-áirítear pobail atá neamhchosanta ar leochaileachtaí iomadúla.

Ó cuireadh tús leis an ionradh, cháin an tAontas go neamhbhalbh arís agus arís eile fogha míleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin agus d’éiligh sé go n-urramófaí iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine laistigh dá teorainneacha, ar teorainneacha iad a aithnítear go hidirnáisiúnta. An 23Feabhra2022, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh pacáiste nua smachtbhannaí mar fhreagairt don aitheantas a thug an Rúis do réigiúin Donetsk agus Luhansk mar eintitis neamhspleácha agus fórsaí armtha na Rúise a ordú chun na limistéar sin. Ón 24 Feabhra 2022 i leith, tá bearta sriantacha leathnaithe go mór ag an Aontas in earnálacha éagsúla, agus i gcoinne daoine aonair agus eintiteas, trí comhleanúnacha a ghlacadh (13phacáiste smachtbhannaí ó mhí Aibreáin 2024 ar aghaidh). Is é aidhm fhoriomlán na mbeart sin bonn eacnamaíoch na Rúise a lagú, teicneolaíochtaí agus margaí criticiúla a bhaint di, agus srian suntasach a chur lena cumas cogadh a fhearadh. I mí na Nollag 2022, cheap an tAontas David O’Sullivan mar thoscaire speisialta idirnáisiúnta um smachtbhannaí AE a chur chun feidhme. Is é an cúram atá ar an toscaire speisialta for-rochtain agus plé leanúnach ardleibhéil a áirithiú le tríú tíortha chun seachaint smachtbhannaí i gcoinne na Rúise nó fiú teacht timpeall orthu a sheachaint agus chun a áirithiú nach dtiocfaidh earraí íogaire de thionscnamh na hEorpa ón láthair chatha chun na Rúise.

Thíolaic an Úcráin a hiarratas oifigiúil ar bhallraíocht san Aontas an 28Feabhra2022 agus di an 23Meitheamh2022 tar éis cinneadh d’aon toil ó cheannairí 27mBallstát an Aontais. Bhí an cinneadh stairiúil sin bunaithe ar an a foilsíodh an 17Meitheamh2022, inar moladh stádas mar iarrthóir a thabhairt don Úcráin ar an tuiscint go ndéanfadh sí seacht n-athchóiriú shonracha. Lean an Coimisiún Eorpach d’fhaireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na hÚcráine i leith chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos sa tuairim uaidh ar an iarratas ar bhallraíocht agus chuir sé eatramhach ó bhéal ar fáil maidir leis an dul chun cinn i mí an Mheithimh2023. An 8Samhain2023, d’eisigh an Coimisiún a don Chomhairle Eorpach, atá mar chuid dá ghnáthphacáiste um méadú. I bhfianaise na dtorthaí a bhain an Úcráin amach maidir leis na seacht moladh shonracha, mhol an Coimisiún go gcuirfeadh an Chomhairle tús le caibidlíocht aontachais. Thairis sin, mhol an Coimisiún go nglacfadh an Chomhairle an creat caibidlíochta a luaithe a bheadh príomhbhearta áirithe i gceithre réimse shonracha déanta ag an Úcráin. Chuir an Coimisiún ԳܲDz԰ú ó bhéal ar fáil don Chomhairle i mí an Mhárta 2024 maidir leis an dul chun cinn a bhaineann leis na bearta sin agus chuig an gComhairle, i gcomhthráth leis an b a dhéanamh.

Chuir Comhairle an Aontais Eorpaigh an Treoir um Chosaint Shealadach an 4Márta2022 chun cúnamh tapa agus éifeachtach a chur ar fáil do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus chun a ráthú go mbeadh na caighdeáin agus na cearta céanna ag dídeanaithe ón Úcráin i ngach Ballstát, lena n-áirítear an ceart chun cóiríochta, cúram leighis, oibre agus oideachais. Cuireadh síneadh leis an mbeart sin go dtí an 4 Márta 2025 ar bhonn togra go foirmiúil agus an 28Meán Fómhair2023. I mínaBealtaine2022, seoladh an tionscnamh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin chun cur ar chumas na hÚcráine táirgí talmhaíochta a onnmhairiú agus na hearraí atá de dhíth uirthi a allmhairiú. Thairis sin, thacaigh AE agus Parlaimint na hEorpa go comhsheasmhach le , arna stiúradh ag na Náisiúin Aontaithe, a chruthaíonn creat do mhéideanna suntasacha stoc gráin agus bia ó thrí phríomhchalafort de chuid na hÚcráine ar an Muir Dhubh chun margaí domhanda a bhaint amach trí chonair chomhaontaithe na Mara Duibhe. Cé gur dhiúltaigh Cónaidhm na Rúise an comhaontú a athnuachan i mí Iúil 2023, d’éirigh leis an Úcráin cabhlach na Rúise a choinneáil ar shiúl ón gcuid Thiar den Mhuir Dhubh agus conair mhuirí faoi chosaint a chur ar bun i mí Lúnasa 2023, rud a d’fhág gur féidir tús a chur le onnmhairiú gráin arís.

Ó thosaigh fogha na Rúise, tá an tAontas agus a Bhallstáit ag tacú leis an Úcráin ar scála nach bhfacthas riamh roimhe seo, agus níos mó ná EUR98mbilliún (Aibreán2024) curtha ar fáil acu trí thacaíocht airgeadais, dhaonnúil, eacnamaíoch, mhíleata agus trí thacaíocht do dhídeanaithe.

In 2022 agus 2023, bhain an Úcráin tairbhe as clár cuimsitheach cúnaimh macrairgeadais an Aontais, ar fiú EUR25.2billiún é i bhfoirm deontas agus iasachtaí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha na hÚcráine agus chun cobhsaíocht airgeadais na hÚcráine a áirithiú.

Ó mhí an Mhárta 2024 ar aghaidh, faoin t, cuirfidh an tAontas tacaíocht leanúnach chobhsaí ar fáil don Úcráin faoi ionstraim airgeadais thiomnaithe do na blianta 2024 go 2027 le haghaidh suas le EUR50billiún (EUR17mbilliún i ndeontais agus EUR33bhilliún in iasachtaí). Is é is aidhm don tSaoráid tacú le hiarracht na hÚcráine cobhsaíocht mhacrairgeadais a chothú, chomh maith le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine a chur chun cinn, nasctha le clár agus coinníollacha athchóirithe dea-shainithe faoi ‘Phlean na hÚcráine’. Leagtar amach i b, arna fhorbairt agus arna thíolacadh ag údaráis na hÚcráine, clár oibre mionsonraithe athchóirithe agus infheistíochta don Úcráin do na ceithre bliana amach romhainn. An 15 Aibreán 2024, rinne an Coimisiún ar Phlean na hÚcráine agus ghlac sé an togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle chun é a fhormheas. an Úcráin EUR 4.5 billiún faoi íocaíocht airgeadais idirlinne speisialta an 20 Márta 2024 sular féidir tús a chur le híocaíochtaí rialta bunaithe ar mheasúnuithe tréimhsiúla faoin tSaoráid.

I míEanáir2023, sheol an tAontas Ardán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí chun a áirithiú go dtéann deontóirí idirnáisiúnta i gcomhar go dlúth le chéile agus go dtugtar tacaíocht do phróiseas téarnaimh agus atógála na hÚcráine ar bhealach comhleanúnach, trédhearcach agus cuntasach.

Tá EUR33.1billiún de slógtha ag an Aontas agus a Bhallstáit don Úcráin, lena n-áirítear EUR11.1billiún faoin t. Thairis sin, bunaíodh Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin() an 17DeireadhFómhair2022 chun cumas míleata Fhórsaí Armtha na hÚcráine a fheabhsú trí oiliúint a chur ar 40000 pearsanra míleata, arna mhaoiniú le EUR 362 mhilliún go dtí seo.

Chuir an tAontas na dleachtanna allmhairiúcháin uile ar onnmhairí na hÚcráine chuig an Aontas ar fionraí ar feadh bliana (a chiallaíonn rochtain iomlán, saor ó tharaifí agus ó chuótaí), ag tosú an 30 Bealtaine 2022, rinne sé bearta frithdhumpála agus coimirce uile an Aontais a bhí i bhfeidhm maidir le honnmhairí cruach na hÚcráine a chur ar fionraí ar feadh bliana freisin. an bhfabhar trádála tairbhiúil sin, dá ngairtear ‘beart trádála uathrialach’ freisin, ina dhiaidh sin go dtí mí an Mheithimh 2024. I mí Eanáir 2024 an Coimisiún an beart sin a athnuachan go ceann bliain eile go dtí mí an Mheithimh 2025, agus ag an am céanna cosaint do roinnt táirgí talmhaíochta íogaire de chuid an Aontais a threisiú, tar éis an mhéadaithe shuntasaigh ar allmhairí ón Úcráin agus na n-agóidí a rinne feirmeoirí ina dhiaidh sin, mar aon le himshuí teorann. Thángthas ar chomhréiteach idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, a formheasadh ar deireadh i mí Aibreáin 2024.

Thosaigh ag obair sa tír i íԲDZ2014 agus comhordaíonn sé tacaíocht idirnáisiúnta d’earnáil na slándála sibhialta. Sa bhreis ar a ghníomhaíochtaí oibríochtúla, cuireann sé comhairle straitéiseach ar fáil, lena n-áirítear oiliúint, d’údaráis na hÚcráine maidir le conas seirbhísí slándála inbhuanaithe, cuntasacha agus éifeachtúla a fhorbairt lena neartaítear an smacht reachta. Tar éis ionradh na Rúise, mhodhnaigh an Chomhairle Eorpach sainordú EUAM chun go mbeidh sí in ann tacú leis an Úcráin agus coireanna idirnáisiúnta á n-imscrúdú agus á n-ionchúiseamh aici.

Thacaigh an tAontas go comhsheasmhach leis na hiarrachtaí uile chun an ceartas agus an chuntasacht a bhaint amach i leith na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus i leith imscrúdú a dhéanamh ar choireanna idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann (coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna) a rinneadh mar thoradh ar fhogha na Rúise.

An 2 Feabhra 2023, an tUachtarán von der Leyen ag preasagallamh comhpháirteach leis an Uachtarán Zelenskyy i gCív go gcruthófar Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha (ICPA) sa Háig, a chomhordóidh bailiú na fianaise agus a bheidh comhtháite san Fhoireann Chomhpháirteach um Imscrúdú a dtugann Eurojust tacaíocht di. an lárionad an 3 Iúil 2023. An 23 Feabhra 2023, bunaíodh Bunachar Sonraí Fianaise i leith na gCoireanna Idirnáisiúnta is Tromchúisí (CICED). I g, cuireadh clár ar bun le haghaidh damáiste a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a d’fhéadfadh a bheith ar cheann de na chéad chéimeanna i dtreo sásra cúitimh idirnáisiúnta d’íospartaigh chogadh foghach na Rúise.

An 17 Márta 2023, d’eisigh Dlísheomra Réamhthrialach II na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta i gcoinne Vladimir Putin, Uachtarán Chónaidhm na Rúise, agus Maria Lvova-Belova, Coimisinéir um Chearta Leanaí in Oifig Uachtarán Chónaidhm na Rúise, lena ndeimhnítear go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil freagracht choiriúil ar an Uachtarán Putin agus ar Maria Lvova-Belova as leanaí Úcránacha a dhíbirt agus a aistriú go neamhdhleathach ó limistéir atá faoi fhorghabháil san Úcráin chuig Cónaidhm na Rúise. An 5 Márta 2024, d’eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i gcoinne beirt cheannasaithe mhíleata ardchéimiúla de chuid na Rúise.

An 2 Aibreán 2024, tionóladh Aireachta maidir le ‘Ceartas a Thabhairt ar Ais don Úcráin’ (arna comheagrú ag an Úcráin, ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an Ísiltír) sa Háig le rannpháirtíocht 60 tír. Ba é cuspóir na Comhdhála breithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh go dtí seo maidir le coireanna a imscrúdú, ciontóirí a ionchúiseamh agus iarrachtaí idirnáisiúnta a chomhordú chun na críche sin.

Tá comhar fairsing earnála forbartha ag an Aontas leis an Úcráin freisin, go háirithe i réimse an fhuinnimh. An 16Márta2022, rinneadh eangacha leictreachais na hÚcráine agus na Moldóive a shioncrónú le hEangach Mhór-Roinn na hEorpa. Tá roinnt céimeanna glactha ag an Aontas chun a chinntiú go mbeidh soláthar cobhsaí fuinnimh ag an Úcráin. Mar shampla, a bhuí leis an gcur chuige céanna bhíothas in ann gás a sheachadadh chuig an Úcráin trí acmhainn fhisiciúil sreafa cúltreo agus chuir sé ar chumas na hÚcráine leas a bhaint as ceannach comhpháirteach an Aontais i ndáil le gás, gás nádúrtha leachtaithe agus hidrigin.

Sna a glacadh an 17-18 Aibreán 2024, cháin an Chomhairle Eorpach go láidir ionsaithe leanúnacha aeir agus diúracán na Rúise ar dhaonra sibhialtach na hÚcráine agus ar a bonneagar sibhialtach agus criticiúil, lena n-áirítear na hionsaithe ar mhórscála a rinneadh le déanaí ar earnáil an fhuinnimh. Dúirt ceannairí an Aontais freisin go gcuirfidh an tAontas agus a Bhallstáit dlús le soláthar cúnaimh dhaonnúil agus cúnaimh cosanta sibhialta, go háirithe gineadóirí cumhachta agus claochladáin chumhachta. Leag an Chomhairle Eorpach béim ar an ngá atá le haerchosaint a chur ar fáil go práinneach don Úcráin, dlús a chur le seachadadh an chúnaimh mhíleata uile is gá, lena n-áirítear armlón airtléire agus diúracáin, agus cur leis an seachadadh sin. Ba dhíol sásaimh freisin sna DzԳúí ón gComhairle Eorpach an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis na tograí chun ioncaim urghnácha ó shócmhainní blocáilte na Rúise a úsáid ar mhaithe leis an Úcráin agus iarradh iontu go nglacfaí na tograí go pras.

A. Seasamh Pharlaimint na hEorpa

Agus an bhagairt á cur san áireamh, le linn2021, ghlac Parlaimint na hEorpa rúin maidir le méadú míleata na Rúise feadh theorainn na hÚcráine (ceann amháin i agus ceann eile i íԲDZ2021). Chomh maith leis sin, sheol sé toscaireacht de chomhaltaí den Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus a Fhochoiste um Shlándáil agus um Chosaint chun cuairt a thabhairt ar an Úcráin ag deireadh mhíEanáir2022.

Tar éis thús chogadh iomlán foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine an 24Feabhra2022, thionóil Parlaimint na hEorpa seisiún iomlánach urghnách an 1Márta2022 agus ghlac sí ú lárnach ina leagtar amach a seasamh:

  • ag géarcháineadh ionsaí míleata neamhdhleathach gan chúis agus gan údar Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, agus rannpháirtíocht na Bealarúise san ionsaí sin;
  • á éileamh go ndéanfadh Cónaidhm na Rúise deireadh a chur láithreach le gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin, agus na fórsaí míleata agus paraimíleata uile agus an trealamh míleata uile a tharraingt siar gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine, ar críoch í a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus go n-urramódh sí iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine laistigh dá teorainneacha, ar teorainneacha iad a aithnítear go hidirnáisiúnta;
  • á chur i bhfios go láidir gur sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta iad an t-ionsaí míleata agus an t-ionradh míleata, agus go sáraíonn siad go háirithe Cairt na Náisiún Aontaithe, agus á iarraidh ar Chónaidhm na Rúise filleadh ar chomhlíonadh na bhfreagrachtaí atá ar bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i ndáil leis an tsíocháin agus leis an tslándáil a chothabháil agus ar a gealltanais a urramú faoi Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, faoi Chairt Pháras don Eoraip Nua agus faoi Mheabhrán Bhúdaipeist;
  • á mheas go ndéanann ionradh na Rúise ar an Úcráin ionsaí ní hamháin ar thír cheannasach ach freisin ar phrionsabail agus ar shásra an chomhair agus na slándála san Eoraip agus ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, mar a shainítear i gCairt na Náisiún Aontaithe;
  • á iarraidh ar institiúidí an Aontais Eorpaigh oibriú ionsar stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas Eorpach a thabhairt don Úcráin, i gcomhréir le hAirteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar bhonn tuillteanais, agus, idir an dá linn, leanúint den obair i dtreo a comhtháthaithe i margadh aonair an Aontais Eorpaigh ar nós an Chomhaontaithe Comhlachais;
  • á chur in iúl gur geal léi glacadh mear smachtbhannaí ag an gComhairle, ach á áitiú gur gá smachtbhannaí diana breise a ghlacadh.

Choinnigh Parlaimint na hEorpa súil ghéar ar an staid san Úcráin agus ghlac sí seasamh polaitiúil i sraith ú, go háirithe i ú a glacadh an 7Aibreán2022, inar iarr sí, i measc nithe eile, an méid a leanas:

  • bearta pionósacha breise, lena n-áirítear trádbhac iomlán láithreach ar allmhairí ola, guail, breosla núicléach agus gáis ón Rúis, lena ngabhann plean chun slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais agus tréigean iomlán phíblínte gáis Nord Stream1 agus2 a áirithiú;
  • leithlisiú taidhleoireachta na Rúise, lena n-áirítear í a eisiamh ó G20 agus ó eagraíochtaí iltaobhacha eile amhail Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Interpol, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, UNESCO agus eagraíochtaí eile;
  • bainc na Rúise a eisiamh ó chóras SWIFT agus cosc a chur ar shoithí Rúiseacha teacht isteach in go dtí uiscí teorann AE agus teacht chun duga i gcalafoirt AE;
  • deireadh a chur le comhar le cuideachtaí Rúiseacha maidir le tionscadail núicléacha atá ann cheana agus tionscadail núicléacha nua agus deireadh a chur le comhar eolaíoch le cuideachtaí fuinnimh na Rúise.

Le linn díospóireachtaí agus malartuithe parlaiminteacha rialta le hUachtarán an Choimisiúin, leis an Ardionadaí agus leis na Coimisinéirí, díríodh ar bhearta chun fogha na Rúise a chomhrac agus ar thacaíocht taidhleoireachta, mhíleata agus dhaonnúil an Aontais don Úcráin. I measc na saincheisteanna eile a pléadh bhí éifeachtacht na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise agus úsáid shócmhainní reoite na Rúise, conas an ceartas agus an chuntasacht a bhaint amach i leith coireanna idirnáisiúnta, chomh maith le leanaí ón Úcráin á ndíbirt go neamhdhleathach agus a n-aistriú le forneart chuig an Rúis. Ghlac Parlaimint na hEorpa sraith ú maidir leis na hábhair sin.

I ú cuimsitheach uaithi an 29 Feabhra 2024, d’athdhearbhaigh Parlaimint na hEorpa go dtacaíonn sí le cabhair mhíleata a chur ar fáil go comhsheasmhach don Úcráin chomh fada agus is gá agus i cibé foirm is gá chun go mbeidh an Úcráin in ann an bua a fháil, gan srianta féin-fhorchurtha ar chúnamh míleata. Thacaigh sí go háirithe leis an togra gur cheart do Bhallstáit uile an Aontais agus do chomhghuaillithe ECAT tacú leis an Úcráin go míleata agus gan níos lú ná 0.25% dá OTI in aghaidh na bliana. Chuir an Pharlaimint i bhfios go láidir freisin gur infheistíocht gheostraitéiseach in Eoraip aontaithe agus láidir í ballraíocht na hÚcráine in AE. D’iarr sí go neartófaí smachtbhannaí, go háirithe trí thoirmeasc a thabhairt isteach ar allmhairí úráiniam agus miotalóireachta ón Rúis chuig an Aontas, chomh maith le comhoibriú le hearnáil núicléach na Rúise agus Rosatom. Iarradh sa ú go gcuirfí trádbhac iomlán láithreach ar allmhairiú táirgí talmhaíochta agus iascaigh ón Rúis isteach san Aontas, chomh maith le breoslaí iontaise agus gás nádúrtha leachtaithe a iompraítear ar muir trí phíblínte, agus an chaidhp phraghais ar tháirgí peitriliam na Rúise a laghdú tuilleadh i gcomhar le comhpháirtithe G7 chun stop a chur le maoiniú chogadh na Rúise le hairgead an Aontais. D’athdhearbhaigh na 𾱲í freisin go dtacaíonn an Pharlaimint leis an bplean síochána a chuir Uachtarán na hÚcráine i láthair. Cuireadh i bhfios go láidir sa téacs freisin a phráinní atá sé córas fónta dlí a bhunú lena bhféadfar sócmhainní na Rúise atá faoi úinéireacht stáit, arna reo ag an Aontas, a choigistiú, agus iad a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí éagsúla ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear atógáil na tíre agus cúiteamh d’íospartaigh ionsaí na Rúise.

Maidir le conair aontachais na hÚcráine leis an Aontas, ghlac an Pharlaimint seasamh láidir go luath ina leith, agus í ag tacú le stádas mar iarrthóir a thabhairt don Úcráin agus le próiseas méadaithe AE atá bunaithe ar thuillteanas. Ghlac ceannairí ghrúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa (dzá na nUachtarán) áٱ𲹲 an 9Meitheamh2022 inar iarr siad go láidir ar an gComhairle Eorpach stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas a thabhairt don Úcráin.

Tá íobairtí agus athléimneacht mhuintir na hÚcráine aitheanta ag an bParlaimint freisin. Tar éis Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta iomráiteach de chuid Pharlaimint na hEorpa a bhronnadh ar an stiúrthóir scannán Oleh Sentsov ón Úcráin in2018, bronnadh an Duais in2022 ‘ar mhuintir cróga na hÚcráine, a ndearna a n-uachtarán, ionadaithe tofa agus an tsochaí shibhialta ionadaíocht orthu’.

Ó 2022 i leith, tá dlús curtha ag Parlaimint na hEorpa le cúnamh teicniúil agus cabhair chomhchineáil do pharlaimint na hÚcráine, an Verkhovna Rada, go háirithe i réimsí TF, na cumarsáide, an chúnaimh dhlíthiúil agus an aistriúcháin. Tá roinnt uirlisí cumarsáide forbartha aige freisin, amhail an suíomh gréasáin , atá ar fáil i mBéarla agus in Úcráinis.

Tá sraith gníomhaíochtaí nithiúla déanta ag an bParlaimint freisin chun teagmháil a dhéanamh le sochaí shibhialta agus daonra na hÚcráine agus chun tacú leo. Mar shampla, d’oscail sí mol sochaí sibhialta le haghaidh na hÚcráine i bhfoirgneamh Stáisiún na hEorpa sa Bhruiséil agus sheol sí tionscnamh dar teideal Gineadóirí Dóchais, faoinar sí gineadóir an 8Nollaig2022 agus sheol sí seacht ngineadóir go díreach chuig an Verkhovna Rada.

B. Comhar idirpharlaiminteach

De bharr gur bhris cogadh iomlán amach agus gur tugadh stádas oifigiúil mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas don Úcráin, tá idirphlé níos déine agus níos mó cuairteanna pearsanta ann ar gach leibhéal, lena n-áirítear idir ceannairí an dá pharlaimint, grúpaí polaitiúla, coistí parlaiminteacha agus comhlachtaí ábhartha eile, agus laistigh den Choiste Parlaiminteach Comhlachais idir AE agus an Úcráin.

An 1Aibreán2022, bhí Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, ar an gcéad cheannaire AE a thug cuairt ar an Úcráin ó tharla ionradh na Rúise. Thug sí cuairt ar Chív, áit ar sí leis an Verkhovna Rada agus ar bhuail sí leis an Uachtarán Zelenskyy, leis an bPríomh-Aire Denys Shmyhal agus le hionadaithe ó ghrúpaí polaitiúla an Verkhovna Rada. Chun Lá Státacht na hÚcráine a chomóradh an 28Iúil2022, labhair an tUachtarán Metsola leis an Verkhovna Rada le teachtaireacht físeáin inar athdhearbhaigh sí na gealltanais a thug an tAontas chun cabhrú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine. An 5MeánFómhair2022, thug Príomh-Aire na hÚcráine, Denys Shmyhal, ar Pharlaimint na hEorpa agus bhuail sé leis an Uachtarán Metsola agus le ceannairí na ngrúpaí polaitiúla, agus an 14MeánFómhair2022, d’fhreastail bean chéile an Uachtaráin Zelenskyy, Olena Zelenska, ar an díospóireacht maidir leis an aitheasc ar Staid an Aontais le linn sheisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg.

an tUachtarán Zelenskyy ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa le linn shearmanas bronnta Dhuais Sakharov an 14Nollaig2022, agus ar an lá céanna, an tUachtarán Metsola leis an Verkhovna Rada faoin dul chun cinn atá déanta ag an Úcráin mar thír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas. An 9Feabhra2023, thionóil an Pharlaimint (suí foirmiúil) ar fhreastail an tUachtarán Zelenskyy féin air. An 4Márta2023, ghlac an tUachtarán Metsola páirt in Lviv agus bhuail sé le pearsana lena n-áirítear an tUachtarán Zelenskyy, Spéicéir an Verkhovna Rada Ruslan Stefanchuk agus an Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí Andriy Kostin don Úcráin.

An 2Nollaig2022, thug toscaireacht de chomhaltaí Choiste Gnóthaí Eachtracha Pharlaimint na hEorpa agus a Fhochoiste um Shlándáil agus um Chosaint cuairt ar Chív chun bualadh le príomhoifigigh agus comhaltaí Verkhovna Rada na hÚcráine. An 20Feabhra2023, thug seisear comhaltaí den Choiste Speisialta um an Trasnaíocht Eachtrach ar na Próisis Dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear an Bhréagaisnéis, agus um Neartú an Ionracais, na Trédhearcachta agus na Cuntasachta i bParlaimint na hEorpa (ING2) cuairt ar Chív. Bhí dianchlár cruinnithe acu, dírithe ar thrasnaíocht eachtrach, ar bhréagaisnéis agus ar thacaíocht an Aontais don Úcráin i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise agus stádas na hÚcráine mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas. An 22 agus an 23Deireadh Fómhair2023, thug toscaireacht ón bhFochoiste um Chearta an Duine (DROI) cuairt ar réigiún Chernihiv agus ar Chív chun páirt a ghlacadh sa phlé ar cheartas agus ar chuntasacht agus ar an gclár oibre comhroinnte maidir le cearta an duine le pobail áitiúla, lena n-áirítear íospartaigh agus finnéithe, Verkhovna Rada na hÚcráine, Oifig an Uachtaráin, an tIonchúisitheoir Ginearálta, agus ionadaithe na sochaí sibhialta. Thug comhaltaí den Choiste um Fhorbairt Réigiúnach (REGI) cuairt ar an Úcráin ón 30Deireadh Fómhair go dtí an 1Samhain2023 chun plé a dhéanamh ar théarnamh agus atógáil na hÚcráine, ar a conair i dtreo aontachas leis an Aontas agus ar na hathchóirithe gaolmhara.

An 25-26 Márta 2024, thug toscaireacht traschoiste cuairt ar Chív le haghaidh cainteanna le hionadaithe ardleibhéil ó rialtas na hÚcráine, Cathaoirleach agus ceannaireacht Verkhovna Rada na hÚcráine agus grúpaí na sochaí sibhialta maidir le dlús a chur le tacaíocht an Aontais.

ճáԾ Coiste Parlaiminteach Comhlachais idir AE agus an Úcráin (CPC) le chéile go rialta ó cuireadh tús le hionradh iomlán na Rúise. Tionóladh an 13ú cruinniú de PAC — cruinniú urghnách — an 24Márta2022, agus 𾱲í de Pharlaimint na hÚcráine ag freastal go cianda air, agus glacadh áٱ𲹲 comhpháirteach. Tionóladh gnáthchruinnithe PAC idir an AE agus an Úcráin in Strasbourg i mí an Mheithimh 2022 (féach an áٱ𲹲 comhpháirteach) agus i mí Iúil 2023 (féach an áٱ𲹲 comhpháirteach). Thug roinnt toscaireachtaí ad hoc ón Verkhovna Rada cuairt ar Pharlaimint na hEorpa, agus tháinig Biúró PAC, atá comhdhéanta de chomhchathaoirligh agus leaschathaoirligh PAC, le chéile go rialta freisin.

Ar thionscnamh an Uachtaráin Metsola agus an Spéicéara Stefanchuk, thionóil an dá pharlaimint a gcéad chruinniú idirchoiste riamh an 12Aibreán2023 chun treisiú leis an teagmháil idir na coistí parlaiminteacha i ndáil leis an gconair a roghnaigh an Úcráin ionsar lánpháirtíocht Eorpach agus i ndáil le clár oibre comhchuibhithe reachtaigh na hÚcráine.

Leagadh amach an creat dlíthiúil do ghníomhaíochtaí tacaíochta agus fothaithe acmhainneachta Pharlaimint na hEorpa sa Mheabhrán Tuisceana, a síníodh leis an Verkhovna Rada an 3Iúil2015 agus a ndearnadh an athnuachan is déanaí air an 28 Samhain 2023 (áٱ𲹲 ó Chomhdháil na nUachtarán), agus sa Chomhaontú Comhair Riaracháin, a shínigh Ard-Rúnaithe an dá reachtas i míanMhárta2016.

Mar chuid dá gníomhaíochtaí tacaíochta don daonlathas san Úcráin, tá Parlaimint na hEorpa i mbun clár forleathan fothaithe acmhainneachta a chur chun feidhme i gcomhair an Verkhovna Rada. Cuireann na hiarrachtaí sin leis na moltaí a tarraingíodh suas idir mí MheánFómhair2016 agus mí Feabhra2017 le linn an mhisin measúnaithe ar riachtanais a rinne Pat Cox, iar-Uachtarán de chuid Pharlaimint na hEorpa a bhfuil dlúthbhaint aige fós le cur chun feidhme na moltaí agus le hobair leantach orthu.

In2017, sheol Parlaimint na hEorpa próiseas idirphlé polaitiúil agus idirghabhála ar a dtugtar Idirphlé Jean Monnet. Bíonn Spéicéir an Verkhovna Rada agus ceannairí na ngrúpaí polaitiúla rannpháirteach go rialta in Idirphlé Jean Monnet leis an Úcráin sa phlé a bhaineann le cur chun feidhme na moltaí sin, chomh maith le hathchóiriú inmheánach an Verkhovna Rada.

Mar réamh-mheas ar uaillmhian an Verkhovna Rada bogadh i dtreo clár oibre réamhaontachais, tá Parlaimint na hEorpa ag infheistiú i gcláir fothaithe acmhainneachta agus sheol sí sraith seimineár ar líne le déanaí do Chomhaltaí de Pharlaimint na hÚcráine. Díríonn siad sin ar chomhchuibhiú dlíthiúil, ar dhea-chleachtais i bpróisis reachtacha, agus ar eitic agus coinbhleacht leasa. Tá an dá pharlaimint ag comhoibriú níos dlúithe freisin ar chlár oibre an digitithe, ar an acmhainneacht fadbhreathnaitheachta straitéisí agus ar sheirbhísí aistriúcháin. Tá sásra tábhachtach parlaiminteach forbartha ag Parlaimint na hEorpa a bheidh comhtháite in inniúlachtaí rialaithe agus maoirseachta an Verkhovna Rada agus beidh sé mar aidhm aige grinnscrúdú a dhéanamh ar na cistí seachtracha a fhaigheann an Úcráin. Tá obair sa réimse seo á maoirsiú ag Michael Gahler, príomhfheisire ainmnithe le haghaidh tacaíocht daonlathais.

C. Breathnóireacht toghcháin

Is bunchloch an daonlathais chomhdhlúite iad saorthoghcháin chóra. Sheol Parlaimint na hEorpa misin bhreathnóireachta chun na hÚcráine in2014 agus in2015 i gcomhair na dtoghchán uachtaránachta, an olltoghcháin agus na dtoghchán áitiúil, agus i gcomhair na dtoghchán uachtaránachta agus an olltoghcháin in2019.

Thug an tAontas agus Parlaimint na hEorpa aird ar leith ar thoghcháin sna críocha atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, go háirithe na toghcháin do Dhúma na Rúise i mí Mheán Fómhair2021 a raibh baint ag an gCrimé faoi fhorghabháil leo. Sa an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i bhfios go láidir nach n-aithníonn an tAontas na toghcháin, mar a thugtar orthu, a ndéantar iad a reáchtáil ar leithinis na Crimé atá faoi fhorghabháil.

De réir Bhunreacht na hÚcráine, tá gnáththoghcháin pharlaiminteacha le reáchtáil i bhfómhar2023, toghcháin uachtaránachta in earrach2024 agus toghcháin áitiúla i bhfómhar2025. Mar sin féin, ní féidir toghcháin a reáchtáil agus an dlí airm i bhfeidhm. Beidh dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ag baint leis na chéad toghcháin tar éis an chogaidh, ós rud é go ndearnadh damáiste do chuid shuntasach den bhonneagar toghcháin agus gur easáitíodh na milliúin vótálaithe laistigh den tír nó lasmuigh di.

Tá tús curtha cheana féin leis an obair chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an chogaidh ar thoghthóirí agus ar bhonneagar toghcháin na hÚcráine agus chun ullmhú don tírdhreach nua toghcháin. Tá cúnamh á fháil ag údaráis toghcháin na hÚcráine ón gcomhphobal idirnáisiúnta chun vótáil lasmuigh den tír a eagrú. Rinne Parlaimint na hEorpa idirphlé toghchánach parlaiminteach ar an ábhar seo a reáchtáil ag deireadh mhí na Bealtaine2023, i gcomhar le IDEA Idirnáisiúnta agus leis an bhForas Idirnáisiúnta do Chórais մDz󳦳á, lena gcuirtear cúnamh toghcháin ar mhórscála ar fáil don Úcráin agus lena gcabhraítear leis an tír an tsamhail is fearr a chinneadh don vótáil lasmuigh den tír, agus béim á leagan ar dhídeanaithe ón Úcráin thar lear.

An Mholdóiv

An 27Meitheamh2014, shínigh AE agus an Mholdóiv , lena n-áirítear comhaontú domhain cuimsitheach saorthrádála (DCFTA), a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil2016. Neartaíodh ceangail pholaitiúla agus eacnamaíocha na Moldóive le AE leis an gcomhaontú. Rinneadh leis plean athchóirithe a leagan amach i réimsí atá ríthábhachtach i dtaca le dea-rialachas agus forbairt eacnamaíoch chomh maith leis an gcomhar i roinnt earnalácha a neartú. Trí shíniú an chomhaontaithe, thug an Mholdóiv gealltanas i leith a beartais intíre a athchóiriú ar bhonn dhlíthe agus chleachtais AE. Sainítear an treochlár le haghaidh chur chun feidhme an chomhaontaithe comhlachais i gclár oibre comhlachais, ar comhaontaíodh an leagan is déanaí de – – i mí Lúnasa2022. Is é an tAontas Eorpach príomh-chomhpháirtí trádála na Moldóive go mór fada, arb ionann é agus58.8% d’onnmhairí na tíre agus 43.9% dá hallmhairí. Is é an t-infheisteoir is mó sa tír é freisin.

Ó tháinig léirscaoileadh víosaí i bhfeidhm i gcomhair tréimhsí gearrfhanachta i mí Aibreáin2014, thaistil níos mó ná 2.5milliún saoránach ón Moldóiv a bhfuil pas bithmhéadrach acu go dtí Limistéar Schengen gan víosa, rud a chothaigh turasóireacht, caidreamh gnó agus teagmhálacha duine le duine.

I mí an Mheithimh2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Plean an Aontais don Téarnamh Eacnamaíoch don Mholdóiv, lena gcuirtear EUR600milliún i leataobh chun tacú le téarnamh socheacnamaíoch na tíre tar éis COVID-19, chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chothú agus chun leas a bhaint as acmhainneacht eacnamaíoch neamhshaothraithe na tíre.

Bhuaigh Páirtí Gníomhaíochta agus Dlúthpháirtíochta (PAS) an Uachtaráin Maia Sandu, atá ar son an Aontais Eorpaigh, bua iontach i luaththoghcháin pharlaiminteacha an 11Iúil2021. D’fhormheas parlaimint a raibh PAS i gceannas uirthi ceapachán Natalia Gavrilița mar Phríomh-Aire agus d’fhormhuinigh sí a clár uaillmhianach chun an tír iar-Shóivéadach a tharraingt as géarchéim fhada pholaitiúil eacnamaíoch agus í a thabhairt níos gaire don Aontas – an tosaíocht is mó dá beartas eachtrach – tríd an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv a chur chun feidhme go hiomlán. An 10Feabhra2023, d’éirigh an Príomh-Aire Gavrilița as oifig agus formheasadh Dorin Recean mar Phríomh-Aire nua. Athraíodh an rialtas freisin. Tá clár oibre ar son an Aontais á shaothrú i gcónaí ag an rialtas reatha, le béim nua ar an tslándáil náisiúnta agus ar dhlús a chur le cur chun feidhme na n-athchóirithe mar chuid den phróiseas chun dul isteach san Aontas. I mí Eanáir 2024, d’éirigh an Leas-Phríomh-Aire agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Nicu Popescu as oifig agus tháinig iar-Leas-Uachtarán na Parlaiminte, Mihai Popșoi, ina ionad. Ina theannta sin, cruthaíodh post nua mar Leas-Phríomh-Aire Lánpháirtíochta Eorpaí. Ceapadh Cristina Gherasimov sa phost agus is í an príomh-idirbheartaí do phróiseas aontachais na Moldóive leis an Aontas Eorpach.

Mar gheall ar ghaireacht na Moldóive don Úcráin, tá sí an-leochaileach d’ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá sé seo tar éis dul i bhfeidhm go mór ar an tír. Sa chomhthéacs sin, ghlac an Mholdóiv céim stairiúil chun iarratas foirmiúil a dhéanamh ar bhallraíocht san Aontas an 3Márta2022. Tugadh stádas mar iarrthóir di ag , lenar cuireadh tús le céim straitéiseach nua sa chaidreamh idir an tAontas agus an Mholdóiv.

I bhfianaise an chogaidh san Úcráin, tá an tAontas Eorpach ag seasamh i ndlúthpháirtíocht leis an Moldóiv. Ó mhí Dheireadh Fómhair2021 i leith, tá breis agus soláthartha ag an tír, i bhfoirm deontas agus iasachtaí. Tá an tAontas ag iarraidh athléimneacht, slándáil, cobhsaíocht, geilleagar agus slándáil fuinnimh na Moldóive a neartú, comhar maidir le slándáil agus cosaint a fheabhsú, agus tacú le hiarrachtaí na Moldóive athchóirithe a chur chun feidhme agus teacht isteach san Aontas. I mí Eanáir2022, mhol an Coimisiún pacáiste um chúnamh macrairgeadais ar luach EUR150milliún don Mholdóiv (ar eisíocadh dhá thráinse díobh in2022-2023), agus an 24Eanáir2023, mhol sé an méid sin a mhéadú suas le EUR145mhilliún. Tá íocaíocht an chúnaimh macrairgeadais ag brath ar chlár CAI agus ar bhearta beartais a comhaontaíodh sa a chur chun feidhme.

Roimh chruinniú mullaigh an Chomhphobail Pholaitiúil Eorpaigh sa Mholdóiv an 1Meitheamh2023, Uachtarán an Choimisiúin Ursula vonderLeyen go mbeadh an Coimisiún ag tabhairt níos mó tacaíochta don Mholdóiv agus go ndéanfadh sé suas le EUR1.6billiún in infheistíocht tríd an Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta don Mholdóiv.

Ag cruinniú an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha i bParlaimint na hEorpa an 28Meitheamh2023, , a bhfuil cúig thosaíocht aige:

  • forbairt eacnamaíoch agus nascacht;
  • tacú le hathchóirithe agus acmhainneacht riaracháin a fhorbairt maidir le conair na Moldóive i dtreo an Aontais;
  • fuinneamh;
  • áԻá;
  • an bhréagaisnéis a chomhrac agus cumarsáid straitéiseach.

I ndáil leis sin, tá sé molta ag an gCoimisiún a chúnamh don Mholdóiv a neartú tríd an athbhreithniú meántéarma ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil, le EUR600milliún faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) atá le hathdháileadh ar chláir chun tacaíocht a mhéadú do thíortha eile i gcomharsanacht oirthear an Aontais, lena n-áirítear an Mholdóiv, idir 2024 agus 2027.

Tá údaráis na Moldóive ag cur dlús anois lena n-iarrachtaí athchóirithe chun na naoi gcoinníoll a leagtar amach sa maidir le hiarratas na Moldóive ar bhallraíocht san Aontas a chur chun feidhme agus chun na cuspóirí a leagtar amach sa Chlár Oibre Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv a chomhlíonadh, ar clár oibre é atá fós ina spreagadh d’athchóirithe agus d’ailíniú le acquis an Aontais. Leis na moltaí atá sa , tugtar treoir freisin d’iarrachtaí athchóirithe agus comhfhogasaithe na tíre.

Tionóladh an an 7Feabhra2023 sa Bhruiséil. Le linn an chruinnithe sin, d’athdhearbhaigh an tAontas agus an Mholdóiv go bhfuil siad tiomanta dá gcomhlachas polaitiúil a neartú agus a gcomhtháthú eacnamaíoch a dhoimhniú. Beidh an 8ú cruinniú den Chomhairle Comhlachais ar siúl an 21 Bealtaine 2024 i gCísineá.

Thuairiscigh an Coimisiún go hoifigiúil ar an dul chun cinn a rinne an Mholdóiv an 8Samhain2023, mar chuid dá phacáiste um méadú. sé go gcuirfeadh an Chomhairle tús le caibidlíocht aontachais leis an Moldóiv agus go nglacfadh an Chomhairle na creataí caibidlíochta a luaithe a bheadh príomhbhearta áirithe glactha ag an Moldóiv.Chinn an Coimisiún gur comhlíonadh sé cinn de na naoi gcoinníoll. an cinneadh stairiúil . D’iarr sí ar an gComhairle an creat caibidlíochta a ghlacadh a luaithe a ghlacfar na trí chéim ábhartha a leagtar amach sna moltaí ón gCoimisiún. I mí an Mhárta 2024, mar chuid de don Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, d’aithin an Coimisiún go raibh ocht gcinn de na naoi gcoinníoll sin comhlíonta ag an Moldóiv, agus gur gá di leanúint de dhul chun cinn suntasach a dhéanamh i dtrí réimse; athchóiriú ar an gceartas, comhrac an éillithe, agus dí-olagarcú.

I mí Feabhra2023, chuir an Rúis dlús lena cogaíocht hibrideach i gcoinne na Moldóive agus ó shin i leith tá sí ag déanamh iarracht gan náire rialtas na Moldóive atá ar son an Aontais a dhíchobhsú agus úsáid á baint aici as a fórsaí ionadacha chun cibirionsaithe a dhéanamh, bréagaisnéis a scaipeadh, corraíl shóisialta a chur chun cinn agus cur isteach ar phróisis toghcháin. In ainneoin gur gearradh téarma príosúnachta 15 bliana ar an olagarc éalaitheach, Ilan Shor, agus gur Shor, tá a lán tionchair fós aige sa Mholdóiv agus leanann sé d’iarracht a dhéanamh an tír, agus rialtas na tíre atá ar son na hEorpa, a dhíchobhsú. Dhearbhaigh an tUachtarán Sandu go poiblí gur cothaíodh comhcheilg a d’fhágfadh go mbeadh coup armtha ann, a raibh tacaíocht na Rúise aige, a raibh sé mar aidhm leis í féin agus a rialtas a threascairt. Mar fhreagairt ar na hiarrachtaí sin, threisigh an tAontas a chomhar leis an Moldóiv maidir le slándáil agus cosaint, go háirithe trí a imscaradh, trína chúnamh a dhúbailt faoin t agus trí dhaoine aonair a raibh an tír á díchobhsú acu. Cuireadh Idirphlé Ardleibhéil Bliantúil Polaitiúil agus Slándála idir an tAontas agus an Mholdóiv ar bun agus dírítear leis ar thacaíocht ón Aontas do shlándáil agus do chosaint na Moldóive, i bhfianaise ghníomhaíochtaí agus bhagairtí hibrideacha na Rúise. Ina theannta sin, seoladh i mí Iúil 2022 mar fhreagairt ar rioscaí méadaithe slándála inmheánaí, amhail gáinneáil ar airm thine, smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhrugaí, etc. Tá an tAontas ag leanúint de thacaíocht a chur ar fáil le linn 2024.

An 1Meitheamh2023, reáchtáil údaráis na Moldóive an dara cruinniú mullaigh den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach in Bulboaca. .

Tá réigiún scaúaíoch na Tras-dnístria, a ’fó neamhspleáchas go haontaobhach in 1990, fós ina dhúshlán mór don Mholdóiv, go háirithe i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin, mar gheall ar láithreacht thrúpaí na Rúise agus ar spleáchas na Moldóive ar leictreachas ón Tras-dnístria. Cé go bhfuil an próiseas caibidlíochta 5+2 maidir leis an gcoinbhleacht sa Thras-dnístria a réiteach de facto ina stad ó2022 i leith, t leanann an tAontas de thacaíocht a thabhairt do réiteach cuimsitheach, síochánta a bheidh bunaithe ar cheannasacht agus ar iomláine chríochach na Moldóive, le stádas speisialta don Thras-dnístria. Ina theannta sin, tá an caidreamh idir réigiún féinrialaitheach Gagauzia agus an rialtas láir i gCísineá tar éis éirí níos déine fós le hionradh na Rúise ar an Úcráin, agus leanfaidh sé de bheith ina dhúshlán.

Bliain thábhachtach toghcháin a bheidh in 2024, agus beidh mar chuid di, a bheidh ar siúl ag an am céanna san fhómhar, mar a ’fó an tUachtarán Maia Sandu. Meastar go leanfaidh an Rúis agus a fórsaí ionadacha de bhrú leanúnach a chur ar an Moldóiv, agus go rachaidh bagairtí hibrideacha in olcas roimh na toghcháin.

A. Seasamh Pharlaimint na hEorpa

I ú ó Pharlaimint na hEorpa an 20Deireadh Fómhair2020, aithníodh na feabhsuithe arna ndéanamh ag an Moldóiv maidir le caighdeáin dhaonlathacha a chur chun cinn agus an t-éilliú a chomhrac, agus á iarraidh an athuair go mbeadh breithiúna neamhspleácha neamhchlaonta ann. Mí tar éis don Mholdóiv a hiarratas ar bhallraíocht san Aontas a chur isteach, ghlac Parlaimint na hEorpa inar iarr sí ar institiúidí an Aontais stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas a thabhairt don Mholdóiv agus an tír a lánpháirtiú i margadh aonair an Aontais. D’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún freisin an cúnamh airgeadais agus teicniúil don Mholdóiv a mhéadú tuilleadh, lena n-áirítear trí thogra nua maidir le cúnamh macra-airgeadais, trí bhearta iompair agus léirscaoilte trádála, agus trí thacaíocht leanúnach do bhainistiú dídeanaithe agus d’obair dhaonnúil.

Ar ghlacadh a an 19Bealtaine2022, d’iarr Parlaimint na hEorpa arís eile go mbronnfaí stádas tír is iarrthóir ar an Moldóiv. Sa tuarascáil, chuir sí i bhfios go láidir go ndearnadh roinnt céimeanna tábhachtacha chun na hathchóirithe a chur chun feidhme, ach go raibh gá le i bhfad níos mó oibre fós a dhéanamh, go háirithe chun na príomhinstitiúidí stáit a neartú. Rinne an iarraidh sin arís i maidir le stádas mar iarrthóir na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia.

Tar éis an mhéadaithe ar na bagairtí hibrideacha atá roimh an Moldóiv i gcomhthéacs chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ghlac Parlaimint na hEorpa inar athdhearbhaigh sí go dtacaíonn sí go buanseasmhach le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na tíre le linn na tréimhse dúshlánaí seo, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle Eorpach tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Aontas faoi dheireadh 2023, ar chomhlíonadh na naoi gcoinníoll.

Roimh thíolacadh phacáiste an Choimisiúin um méadú agus in oirchill chruinniú na Comhairle Eorpaí i mí na Nollag, ghlac Parlaimint na hEorpa inar athdhearbhaigh sí a tiomantas do bhallraíocht na Moldóive san Aontas amach anseo agus inar iarr sí an athuair go gcuirfí tús leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Moldóiv roimh dheireadh na bliana.

B. Comhar idirpharlaiminteach

Ó thús an chogaidh san Úcráin, tá Parlaimint na hEorpa ag tacú go buanseasmhach leis an Moldóiv agus ag léiriú dlúthpháirtíocht bhuanseasmhach léi. An 18Bealtaine2022, ar chuireadh ón Uachtarán Metsola, agus an cogadh san Úcráin fós faoi lán seoil. Thug an tUachtarán Metsola cuairt ar an Moldóiv an 11Samhain2022 chun bualadh leis an Uachtarán Sandu, leis an iar-Phríomh-Aire Gavrilița agus le Spéicéir Pharlaimint na Moldóive Igor Grosu, agus chun aitheasc a thabhairt os comhair Pharlaimint na Moldóive. Le linn a cuairte, d’athdhearbhaigh sí go láidir tacaíocht Pharlaimint na hEorpa do bhallraíocht na Moldóive san Aontas. Ar imeall an 7ú cruinniú den Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv, bhuail an tUachtarán Metsola leis an iarPhríomh-Aire Gavrilița (an 6Feabhra2023). An 21Bealtaine2023, bhuail an tUachtarán Metsola leis an bPríomh-Aire Recean, den chéad uair, agus leis an Spéicéir Grosu nuair a thug sí cuairt ar Chísineá i gcomhthéacs thionól na saoránach dar teideal ‘Tionól Náisiúnta um an Moldóiv san Aontas’, a ghairm an tUachtarán Sandu. Ag cruinniú an Chomhphobail Pholaitiúil Eorpaigh in Bulboaca an 1Meitheamh2023, d’iarr an tUachtarán Metsola go gcuirfeadh an tAontas tús le caibidlíocht aontachais leis an Moldóiv faoi dheireadh 2023, agus is éard a rinne an tUachtarán Sandu le linn an chruinnithe mullaigh ná mianta a tíre i leith na hEorpa a chur in iúl agus an cuspóir a bhí leagtha síos ag an Moldóiv di féin dul isteach san Aontas faoi 2030 a athdhearbhú.

Bhuail an tUachtarán Metsola leis an Spéicéir Grosu arís ag Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil an 5Iúil2023, nuair a thug toscaireacht ó Pharlaimint na Moldóive cuairt staidéir ar an bParlaimint maidir le próiseas aontachais leis an Aontas, arna eagrú ag an nGrúpa um Thacaíocht don Daonlathas agus um Chomhordú մDz󳦳á i bParlaimint na hEorpa.

Tá an-aird tugtha ag coistí Pharlaimint na hEorpa ar an staid sa Mholdóiv, agus thaistil roinnt toscaireachtaí chun na tíre in 2022 agus 2023. I mí na Bealtaine2023, chuaigh toscaireacht ón bhFochoiste um Shlándáil agus Cosaint chuig an Moldóiv agus chuig an Rómáin chun cuairt a thabhairt ar Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh chuig Poblacht naMoldóiveagus chuig an Úcráin agus ar Mhisean Comhpháirtíochta an Aontais i bPoblacht na Moldóive. I mí Feabhra2023, bhuail comhaltaí den Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus den Choiste um an mBuiséad lena gcomhghleacaithe ón Moldóiv chun plé a dhéanamh ar an gcaidreamh trádála idir an tAontas agus an Mholdóiv agus ar thacaíocht bhuiséadach an Aontais don Mholdóiv i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. An tseachtain chéanna, reáchtáladh Tionól Euronest i gCísineá agus d’fhreastail toscaireacht mhór ó Pharlaimint na hEorpa air.

I mí an Mhárta agus i mí Aibreáin2022, chuir an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Fochoiste um Shlándáil agus um Cosaint a gcéad toscaireacht chuig an Moldóiv ó thosaigh an cogadh, mar chomhartha ar dhlúthpháirtíocht agus tacaíocht d’aon toil an Aontais don Mholdóiv. I mí an Mheithimh2023, chuaigh comhaltaí ón gCoiste um Fhorbairt chuig an Moldóiv freisin chun scrúdú a dhéanamh ar staid na ndídeanaithe Úcránacha atá á n-óstáil ansin.

Faoi Airteagal440 den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv, rinneadh Coiste Parlaiminteach Comhlachais (CPC) a bhunú. Tionóladh an chéad chruinniú CPC an 16Deireadh Fómhair2014 agus rinneadh an 14ú cruinniú a thionól i gCísineá an 29 Samhain 2023. Thacaigh CPC go láidir le conair lánpháirtithe na Moldóive san Aontas ó rinne an tír iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí an Mhárta2022.

Tá Parlaimint na hEorpa tar éis an Mholdóiv a shainaithint mar thír tosaíochta dá cuid oibre tacaíochta daonlathais agus tá raon leathan gníomhaíochtaí á chur chun feidhme aici le Parlaimint na Moldóive, ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal riaracháin araon. Tá an creat do na gníomhaíochtaí sin ar fáil sa Mheabhrán Tuisceana a shínigh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, David Sassoli agus Spéicéir Pharlaimint na Moldóive, Igor Grosu i mí na Samhna2021. Comhlánaítear an Meabhrán Tuisceana sin le treochlár.

Díríonn roinnt de ghníomhaíochtaí Pharlaimint na hEorpa sa Mholdóiv ar chúnamh do bhearta chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus an chur isteach eachtraigh ar phróisis dhaonlathacha (á an Triantáin don Daonlathas), ar chultúr idirphlé agus díospóireacht pholaitiúil a chur chun cinn i bParlaimint na Moldóive (Idirphlé Jean Monnet), agus ar fhothú acmhainneachta ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal riaracháin araon.

C. Breathnóireacht toghcháin

Sheol Parlaimint na hEorpa toscaireacht chuig an Misean Idirnáisiúnta Breathnóireachta Toghchán, faoi stiúir Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ESCE-ODIHR), chun faireachán a dhéanamh ar thoghcháin pharlaiminteacha na Moldóive an 11Iúil2021. Thug na breathnóirí dá n-aire gur riar maith, saor agus iomaíoch a bhí sna toghcháin sin ar an iomlán, in ainneoin roinnt easnamh nach mór aghaidh a thabhairt orthu sna toghcháin a bheidh ann amach anseo.

I mí na Nollag2022, ghlac Parlaimint na Moldóive Cód մDz󳦳á nua ina dtugtar aghaidh ar phríomhmholtaí arna n-eisiúint ag eagraíochtaí saineolaithe idirnáisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear Coimisiún na Veinéise. ճáԾ an cód nua sin i bhfeidhm an 1Eanáir2023. Clúdaíonn sé na moltaí a rinne Toscaireacht Bhreathnóireachta մDz󳦳á Pharlaimint na hEorpa, a raibh Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha, David McAllister, i gceannas uirthi.

Chuir Parlaimint na hEorpa Toscaireacht Breathnóireachta մDz󳦳á chuig an Misean Idirnáisiúnta Breathnóireachta Toghchán (I-EOM), faoi stiúir Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ESCE-ODIHR), chun faireachán a dhéanamh ar na toghcháin réigiúnacha a bhí ar siúl an 5agus an 19Samhain2023. Deis a bhí ann éifeachtacht agus forfheidhmiú an Chóid մDz󳦳á a mheas, ós rud é gurb iad na toghcháin áitiúla sin na chéad toghcháin a reáchtáladh faoi na rialacha nua. D’ainneoin an fheachtais theannasaigh agus na n-imthosca eisceachtúla a bhí ann mar gheall ar chogaíocht hibrideach na Rúise agus ar an Rúis a chur isteach arís agus arís eile ar phróiseas toghcháin na Moldóive, dúirt toscaireacht I-EOM go raibh na toghcháin síochánta agus gur bainistíodh go héifeachtúil iad, gur oibrigh an riarachán toghcháin go trédhearcach agus go gairmiúil agus go raibh iarrthóirí, den chuid is mó, in ann dul i mbun feachtais gan bhac agus gur chuir siad roghanna malartacha ar leith ar fáil do vótálaithe. Mhol Ceann Thoscaireacht Breathnóireachta մDz󳦳á Pharlaimint na hEorpa, José Ramón Bauzá Díaz, nár cheart na cinntí arna ndéanamh ag an nóiméad deireanach chun iarrthóirí a eisiamh, amhail an cinneadh a rinneadh i leith an pháirtí Șansă (a bhfuil baint aige leis an olagarc éalaitheach Ilan Shor), a bheith ina fhasach marthanach agus nár cheart déanamh amhlaidh ach i gcás ábhair imní thromchúiseacha maidir le bagairtí ar an tslándáil náisiúnta. Chuir sé in iúl freisin go dtacaíonn sé, thar ceann na Toscaireachta, le Poblacht na Moldóive a bheith ag cur athchóirithe daonlathacha chun feidhme in ainneoin na staide éigeandála atá ann mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ar an gcogadh hibrideach arb é is aidhm dó institiúidí daonlathacha na Moldóive a dhíchobhsú.

An Bhealarúis

Leis na deicheanna de bhlianta anuas, bhí an caidreamh a bhí ag AE leis an mBealarúis casta ar uairibh, de bharr sáruithe seasta ar chearta an duine agus ar chearta sibhialta sa tír. Idir2014 agus2020, áfach, ba chosúil go raibh dearcadh níos oscailte ag an mBealarúis i leith an Aontais agus i leith bheartas Chomhpháirtíocht an Oirthir. ճáԾ feabhas beag ar a caidreamh le tíortha an Iarthair agus bhí ról tábhachtach aici mar óstach do na cainteanna faoin ngéarchéim san Úcráin, a raibh an tAontas ina idirghabhálaí iontu. Mar fhreagairt air sin, ghabh AE air féin beartas ‘rannpháirtíochta criticiúla’ leis an mBealarúis a chur i gcrích, mar a leagtar amach i g ón gComhairle an 15Feabhra2016, ar dá réir a leanfaidh na céimeanna nithiúla atá glactha ag an mBealarúis chun cearta bunúsacha, an smacht reachta, cearta an duine – lena n-áirítear saoirse cainte, saoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán – agus cearta saothair a chumhdach, de bheith ina gcritéir riachtanacha chun beartas AE sa todhchaí i leith na tíre sin a mhúnlú. Rinneadh na caibidlíochtaí maidir le comhpháirtíocht soghluaisteachta a thabhairt chun críche in2017, agus tháinig comhaontú um éisiúint víosaí a éascú agus comhaontú um athligean isteach i bhfeidhm an 1Iúil2020 agus é mar chuspóir acu teagmhálacha idirphearsanta a chothú.

Ar an drochuair, in ainneoin gur atosaíodh an tIdirphlé maidir le Cearta an Duine idir an tAontas agus an Bhealarúis, gur bunaíodh Grúpa Comhordaithe idir an tAontas agus an Bhealarúis in2016 a bhfuil saineolaithe sinsearacha ann agus gur glacadh plean gníomhaíochta maidir le cearta an duine do2016-2019, agus d’ainneoin a rannpháirtíocht ghníomhach i gcruinnithe déthaobhacha agus iltaobhacha Chomhpháirtíocht an Oirthir, níor chloígh an Bhealarúis lena tiomantas maidir le cearta an duine. Tá sí ar an aon tír ar mhór-roinn na hEorpa atá fós ag gabháil de phionós an bháis a chur i bhfeidhm, lena ndéantar í a eisiamh de jure ó Chomhairle na hEorpa. Bíonn díospóireachtaí maidir le moratóir a chur i bhfeidhm ar phionós an bháis ar siúl go rialta d’fhonn go bhféadfaí deireadh a chur leis ach is léir nach bhfuil sa méid sin ach cur i gcéill, ós rud é nach ndearnadh aon ghníomhaíocht nithiúil ina leith sin go dtí seo.

Rinne an tAontas cáineadh géar ar an gcniogbheartaíocht fhoréigneach a rinneadh ar lucht agóide síochánta i mí Feabhra agus i mí an Mhárta2017. Cuireadh isteach ar an olltoghchán a reáchtáladh an 18Samhain2019 i ngeall ar roinnt míchleachtas agus easnamh, ar dá mbarr a ceileadh aon ionadaíocht pharlaiminteach ar an bhfreasúra. Mheas an comhphobal idirnáisiúnta nach raibh an toghchán uachtaránachta a reáchtáladh an 9Lúnasa2020 saor ná cóir, le géarleanúint chórasach á déanamh roimh an toghchán ar chomhaltaí an fhreasúra, agus cniogbheartaíocht bhrúidiúil ina dhiaidh sin ar agóideoirí síochánta, ar ionadaithe an fhreasúra agus ar iriseoirí nárbh fhacthas a leithéid riamh i stair na tíre. Mar thoradh air sin, d’fhorchuir an tAontas i gcoinne233 dhuine aonair agus37 n-eintiteas atá freagrach as an gcalaois toghcháin agus as an gcur faoi chois foréigneach, nó a bhí comhpháirteach iontu, agus i gcogadh foghach gan údar gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine a éascú, agus chuir sé in iúl go raibh sé réidh le tuilleadh bearta sriantacha a dhéanamh i gcoinne eintitis an réimis agus ardoifigigh an réimis. Leis an 12ú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise a glacadh an 19 Nollaig 2023, díríodh freisin ar 12 oifigeach ón mBealarúis a bhfuil nasc acu le hinstitiúidí míleata-tionsclaíocha na Bealarúise. I measc na ndaoine atá faoi smachtbhannaí, tá comhaltaí de Choiste Slándála na Bealarúise agus den Choiste Míleata-Tionsclaíoch Stáit a chuidíonn le soláthar a dhéanamh d’Fhórsaí Armtha na Rúise.

Mar thoradh ar ghlacadh na g, lena leagtar amach beartas nua an Aontais i leith na Bealarúise, rinne an tAontas an comhar déthaobhach le húdaráis na Bealarúise ar an leibhéal lárnach a laghdú a mhéid is féidir, mhéadaigh sé a thacaíocht do mhuintir agus do shochaí shibhialta na Bealarúise, agus rinne sé a chúnamh airgeadais déthaobhach a athchalabrú dá réir sin. Leis na DzԳúí ón gComhairle, cuirtear rannpháirtíocht pholaitiúil bhreise, comhar earnálach agus cúnamh airgeadais an Aontais don Bhealarúis faoi réir urraim réimeas na Bealarúise do phrionsabail an daonlathais, an smachta reachta agus chearta an duine agus do phróiseas polaitiúil inchreidte cuimsitheach as a n-eascraíonn saorthoghcháin chóra faoi bhreathnóireacht ESCE/ODIHR.

Mar fhreagairt ar ghníomhaíocht an Aontais, ghlac réimeas na Bealarúise bearta i mí na Samhna 2020 chun leibhéal a rannpháirtíochta i mbeartas Chomhpháirtíocht an Oirthir a laghdú. I mí an Mheithimh 2021, chinn sé a rannpháirtíocht i gComhpháirtíocht an Oirthir, agus i struchtúir eile atá ann cheana, amhail an tIdirphlé maidir le Cearta an Duine idir an tAontas agus an Bhealarúis agus an Grúpa Comhordaithe idir an tAontas agus an Bhealarúis, a chur ar fionraí go hiomlán. Ag an am céanna, d’athghair Lukashenko a ionadaithe don Aontas ar ais go Mionsc le haghaidh comhairliúchán, agus ‘mhol’ sé d’Ambasadóir an Aontais chun na Bealarúise an tír a fhágáil.

Tá staid na himeartha maidir le sáruithe leanúnacha ar chearta an duine ag réimeas Lukashenka fós criticiúil. De réir an , i mí an Mhárta 2024, bhí os cionn 1400 príosúnach polaitiúil sa tír. Chomh maith le príosúnaigh pholaitiúla á gcoinneáil i ndálaí mídhaonna, lena n-áirítear gaibhniú fadtéarmach i seomraí leithlisithe mar modh chun iad a chur faoi bhrú síceolaíoch, coinnítear siar comhfhreagras príosúnach polaitiúil freisin, diúltaítear rochtain dóibh ar chógais agus ar chúram sláinte agus diúltaítear dóibh teagmháil a dhéanamh le baill teaghlaigh agus dlíodóirí. Faoi láthair tá cúigear príosúnach polaitiúil á gcoinneáil i ngaibhniú aonair ar feadh níos mó ná bliain amháin, de shárú follasach ar chaighdeáin idirnáisiúnta. Ina theannta sin, leanann an réimeas de ghéarleanúint agus ionchúiseamh a dhéanamh ar ghnáthshaoránaigh a ghlac páirt sa ghluaiseacht agóide in 2020 nó a cháineann Aliaksandr Lukashenka, faoin leithscéal ‘antoisceachas agus sáruithe ar an ord poiblí’, mar a thugtar air.

Is ábhar imní iad na leasuithe ar reachtaíocht na Bealarúise a shínigh Aliaksandr Lukashenka an 30 Nollaig 2023 maidir leis an meath atá tagtha ar shaoirse coinsiasa agus creidimh sa Bhealarúis. Leis an reachtaíocht nua, forchuirtear clárú éigeantach eagraíochtaí reiligiúnacha, cé go bhfuil na forais dhlíthiúla chun clárú a dheonú fós neamhbheacht. Mar gheall ar an sainiú doiléir ar na coinníollacha, éascaítear deireadh éasca a chur le haon institiúid reiligiúnach faoin leithscéal ‘míchlú a tharraingt ar an mBealarúis, onóir náisiúnta a uirísliú nó gníomhaíochtaí antoisceacha a dhéanamh.’ Thairis sin, ní cheadaítear ach do shaoránaigh na Bealarúise a bheith i gceannas ar eagraíocht den sórt sin. Ó 2020 i leith, rinne an réimeas géarleanúint ar suas le seachtó cléireach nó cuireadh iallach orthu an tír a fhágáil.

I mí Eanáir 2024, shínigh Aliaksandr Lukashenka dlí nua lena dtugtar díolúine ar feadh an tsaoil dó ó ionchúiseamh coiriúil agus lena gcuirtear cosc ar cheannairí an fhreasúra atá ar deoraíocht seasamh i dtoghcháin uachtaránachta amach anseo. Níl cead seasaimh ach ag saoránaigh na Bealarúise a raibh buanchónaí orthu sa tír ar feadh 20 bliain ar a laghad agus nach raibh cead cónaithe acu i dtír eile riamh.

Sna a glacadh an 19 Feabhra 2024, cuirtear in iúl gur cúis mhór imní di an staid maidir le cearta an duine atá ag dul in olcas sa Bhealarúis agus cáintear na feachtais ghéarleanúna agus imeaglaithe leanúnacha i gcoinne gach cuid de shochaí na Bealarúise, an leibhéal cur faoi chois nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, agus na srianta ar rannpháirtíocht pholaitiúil. Leagtar béim sna DzԳúí ón gComhairle freisin ar a dhiongbháilte atá an tAontas leanúint de thacaíocht a thabhairt do shochaí shibhialta na Bealarúise, agus is díol sásaimh di gur bunaíodh Grúpa Comhairleach an Aontais i gcomhar le fórsaí daonlathacha na Bealarúise agus leis an tsochaí shibhialta.

An 26 Feabhra 2024, chinn an Chomhairle síneadh a chur leis na go dtí an 28 Feabhra 2025. Tá na smachtbhannaí dírithe ar 37 n-eintiteas agus ar 233 dhuine aonair, Aliaksandr Lukashenka san áireamh. Ag an am céanna, mar fhreagairt ar rannpháirtíocht Mhionsc i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ghlac an Chomhairle lena ndéantar an Conradh um Chairt Fuinnimh idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus aon eintiteas dlítheanach atá faoi úinéireacht nó faoi rialú saoránach nó náisiúnach de Chónaidhm na Rúise nó de Phoblacht na Bealarúise a chur ar fionraí.

Reáchtáladh toghcháin pharlaiminteacha an 25 Feabhra 2024 faoi dhálaí eagla agus iomaíochta polaitiúla éagóraí. Ar bhonn an Dlí ‘Maidir le Leasuithe ar Chód մDz󳦳á Phoblacht na Bealarúise’ a glacadh an 16 Feabhra 2023, athraíodh noirm an chóid toghcháin chun cosc a chur ar aon fhórsa polaitiúil freasúra agóid a dhéanamh i gcoinne réimeas Lukashenka. Mar thoradh air sin, ní raibh na dintiúir ‘athchlárúcháin’ ach ag ceithre pháirtí pholaitiúla as cúig pháirtí dhéag.

Is iad an Bhealarúis agus an Rúis na tíortha iar-Shóivéadach is mó atá fite fuaite ina chéile, lena n-áirítear i réimse an chomhair mhíleata agus cosanta. In 2023, rinne an Bhealarúis agus an Rúis na ‘Príomhthreoirlínte maidir le Cur Chun Feidhme Fhorálacha an Chonartha maidir le Stát de chuid an Aontais a Bhunú le haghaidh 2021-2023’ agus 28 gclár earnála an Aontais a chur chun feidhme, arb é is aidhm dóibh reachtaíocht an dá thír a chomhoiriúnú i réimsí éagsúla an gheilleagair, an ghnó, na margaí airgeadais agus fuinnimh, an iompair, agus an bheartais thionsclaíoch agus an bheartais talmhaíochta. In 2022, tháinig an dá thír ar chomhaontú faoi chlár um chomhar míleata-teicniúil go dtí 2025 lena ndéantar foráil maidir le roinnt gníomhaíochtaí, lena n-áirítear taighde agus forbairt chomhpháirteach ar shamhlacha nua arm agus trealaimh mhíleata agus ar tháirgí dé-úsáide chomh maith le nuachóiriú a dhéanamh ar na cinn atá ann cheana.

Ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine i mí Feabhra 2022, tá tacaíocht á tabhairt ag an mBealarúis don Rúis agus fanann sí i ndlúthchomhar léi. Cé nach bhfuil an Bhealarúis rannpháirteach go díreach sa chogadh, tá tearmann á thabhairt aici do suas le 30000 trúpa na Rúise agus tá armlón agus trealamh míleata á soláthar aici don Rúis. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur cheadaigh an Bhealarúis d’fhórsaí armtha na Rúise diúracáin Iskander - a úsáidtear chun ionsaithe aeir a dhéanamh ar an Úcráin - a imlonnú ar a críoch agus saoráidí oiliúna aerchosanta agus aerfhórsa a choinneáil ar bun sa Bhealarúis. Tar éis foirceadal míleata nua a ghlacadh i mí Eanáir 2024, imlonnaíodh airm núicléacha oirbheartaíochta na Rúise ar chríoch na Bealarúise i mí an Mhárta 2024. I mí Aibreáin 2024, rinne Fórsaí Armtha na Bealarúise druileanna míleata in aice le teorainneacha na hÚcráine, na Polainne agus na Liotuáine gar do na cathracha Gomel agus Grodno.

A. Seasamh Pharlaimint na hEorpa

Roimh thoghchán uachtaránachta calaoiseach an 9Lúnasa2020, rinne Parlaimint na hEorpa roinnt ú a ghlacadh agus cáineadh á dhéanamh aici ar an mBealarúis mar gheall ar phríosúnaigh pholaitiúla, srianta ar shaoirse na meán agus ar an tsochaí shibhialta, a mainneachtain cearta an duine a urramú, lena n-áirítear pionós an bháis atá fós i bhfeidhm, agus a toghcháin pharlaiminteacha lochtacha. I , chuir Parlaimint na hEorpa in iúl go dtacaíonn sí le rannpháirtíocht chriticiúil AE leis an mBealarúis, fad is go bhfuil sé sin ag brath ar bhearta nithiúla á ndéanamh i dtreo an daonlathaithe agus i dtreo urraim do shaoirsí bunúsacha agus do chearta an duine. Go háirithe, d’iarr sí ar an mBealarúis a bheith rannpháirteach i moratóir domhanda ar phionós an bháis mar an chéad chéim ionsar dheireadh buan a chur leis. I , rinne Parlaimint na hEorpa cáineadh arís ar chiapadh agus ar choinneáil iriseoirí agus eagraíochtaí meán neamhspleácha agus d’iarr sí an athuair go neartófaí an urraim do phrionsabail an daonlathais, don smacht reachta, agus do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha.

Mar fhreagairt ar an toghchán uachtaránachta calaoiseach an 9Lúnasa2020, agus ar an gcniogbheartaíocht bhrúidiúil a rinneadh ina dhiaidh sin in aghaidh fórsaí daonlathacha, ghníomhaithe na sochaí sibhialta, saor-cheardchumann, na meán neamhspleách agus agóideoirí síochánta, ghlac Parlaimint na hEorpa rúin maidir leis an staid sa Bhealarúis agus . Sna rúin sin, chuir an Pharlaimint i bhfios go láidir gur sárú mínáireach ar na caighdeáin uile a aithnítear go hidirnáisiúnta a bhí sa toghchán agus gur mheas tromlach de mhuintir na Bealarúise gurb í Sviatlana Tsikhanouskaya, iarrthóir an fhreasúra aontaithe, fíor-Uachtarán toghaí na Bealarúise. D’iarr na 𾱲í go gcuirfí smachtbhannaí AE go pras ar na hoifigigh atá freagrach as calaois toghcháin agus as cur faoi chois, lena n-áirítear an t-iarUachtarán, Aliaksandr Lukashenka. Chuir siad in iúl go dtacaíonn siad leis an gComhairle Comhordúcháin a bhunaigh Sviatlana Tsikhanouskaya mar ionadaíocht eatramhach do na daoine a raibh athrú daonlathach á éileamh acu. D’athdhearbhaigh an Pharlaimint na seasaimh sin ar bhonn prionsabail i maidir leis an gcaidreamh leis an mBealarúis.

Ina theannta sin, rinne an Cathaoirleach ar Thoscaireacht Pharlaimint na hEorpa don chaidreamh leis an mBealarúis (D-BY) agus an Buanrapóirtéir maidir leis an mBealarúis roinnt ráitis chomhpháirteacha a eisiúint inar chuir siad in iúl gur saoth leo an staid maidir le cearta an duine sa tír atá ag dul in olcas i gcónaí agus ina ndearna siad cáineadh ar fhorghabháil leanúnach na cumhachta ag Lukashenka. I mí na Nollag2020, rinne Parlaimint na hEorpa misean aimsithe fíoras a sheoladh chuig an mBealarúis chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais fhórsaí daonlathacha na Bealarúise agus meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh Parlaimint na hEorpa tacú leo, ar an leibhéal riaracháin agus ar an leibhéal polaitiúil araon. Ba shiombalach an misean seo le Seachtain Dhuais Sakharov2020, a thug onóir d’fhreasúra daonlathach na Bealarúise. Mar thoradh air sin, sheol Parlaimint na hEorpa ardán i gcoinne sáruithe ar chearta an duine a bheith saor ó phionós sa Bhealarúis faoi choimirce a Fochoiste um Chearta an Duine agus i gcomhar leis an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus le D-BY. Anuas air sin, tá raon leathan gníomhaíochtaí tacaíochta don daonlathas molta ag an nGrúpa um Thacaíocht don Daonlathas agus um Chomhordú մDz󳦳á, ar gníomhaíochtaí iad atá saincheaptha do ghníomhaithe daonlathacha na Bealarúise.

I maidir leis an gcur faoi chois córasach sa Bhealarúis agus na hiarmhairtí a bheadh aige sin ar shlándáil AE tar éis d’údaráis na Bealarúise eitleán sibhialtach de chuid AE a fhuadach, cháin Parlaimint na hEorpa na sáruithe forleathana ar chearta an duine sa Bhealarúis agus ionstraimiú uafásach na himirce neamhdhleathaí ag réimeas Aliaksandr Lukashenka chun an tAontas a dhíchobhsú. Athdhearbhaíodh na seasaimh sin i maidir leis an staid sa Bhealarúis tar éis bliain amháin d’agóidí agus de chur faoi chois foréigneach na n-agóidí sin agus, tar éis rabharta nua gabhálacha, i maidir le hionchúiseamh an fhreasúra agus coinneáil ceannairí ceardchumann sa Bhealarúis, i maidir leis an gcur faoi chois leanúnach atá á dhéanamh ar an bhfreasúra daonlathach agus ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis, i maidir le tuilleadh cur faoi chois breise i gcoinne mhuintir na Bealarúise, go háirithe cásanna Andrzej Poczobut agus Ales Bialiatski, agus i maidir leis an íde mhídhaonna arna tabhairt do cheannaire mór le rá an fhreasúra, Viktar Babaryka, agus maidir lena chur san ospidéal. I maidir leis an gcaidreamh leis an mBealarúis, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántas a eisiúint chun Lukashenka a ghabháil, i bhfianaise ról a réimis i ndíbirt neamhdhleathach agus síolteagasc leanaí Úcránacha.

I maidir le héifeachtacht smachtbhannaí, d’athdhearbhaigh Parlaimint na hEorpa go gcáineann sí rannpháirtíocht na Bealarúise san ionradh ar an Úcráin agus d’iarr sí go gcuirfí caidhpeanna praghais agus méide ar allmhairí leasachán ón Rúis agus ón mBealarúis chuig an Aontas. Ní mór smachtbhannaí agus bearta sriantacha i gcoinne réimeas Lukashenka a ailíniú leo siúd i gcoinne na Rúise. Bhí ú ina dhiaidh sin an 14 Nollaig 2023 dírithe ar staid phríosúnach polaitiúil na Bealarúise, Mikola Statkevich, buaiteoir Dhuais Sakharov 2020, arna choinneáil gan rochtain ar chúram sláinte. D’iarr Parlaimint na hEorpa go scaoilfí saor gach príosúnach polaitiúil agus go gcuirfí deireadh leis an gcur faoi chois atá á dhéanamh ar shaoránaigh na Bealarúise agus, ag an am céanna, d’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn sí go láidir le fórsaí daonlathacha na Bealarúise. I ú uaithi an 16 Eanáir 2024, ba dhíol sásaimh do na 𾱲í an cinneadh comhar trasteorann leis an Rúis agus leis an mBealarúis a chur ar fionraí. Tar éis ollghabhálacha a bhí dírithe ar 200 ball teaghlaigh príosúnach polaitiúil ar chúisimh an ‘antoisceachais’ i mí Eanáir 2024, d’iarr an Pharlaimint go gcuirfí dlús leis na smachtbhannaí i gcoinne réimeas na Bealarúise i ú maidir leis an rabharta nua ollghabhálacha sa Bhealarúis de ghníomhaithe ón bhfreasúra agus dá mbaill teaghlaigh, a glacadh an 8 Feabhra 2024. D’éiligh na 𾱲í freisin go ndéanfaí tuilleadh doiciméadaithe ar sháruithe ar chearta an duine sa Bhealarúis trí shásra neamhspleách a dhéanamh den scrúdú arna dhéanamh ag OHCHR. Thairis sin, i ú an 29 Feabhra 2024 maidir leis an ngá atá le tacaíocht bhuanseasmhach ón Aontas don Úcráin, tar éis 2 bhliain de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, athdhearbhaítear an iarraidh go ndéanfaí tuilleadh oibre maidir le binse speisialta a chur ar bun chun coir an fhogha faoin Úcráin arna déanamh ag ceannairí na Rúise agus ag a gcomhghuaillithe, lena n-áirítear an réimeas sa Bhealarúis, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Cháin an Pharlaimint go láidir freisin rannpháirtíocht na Bealarúise i sibhialtaigh na hÚcráine, go háirithe leanaí, á ndíbirt le forneart chuig an Rúis, chuig críocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach ag an Rúis, agus chuig an mBealarúis.

B. Comhar idirpharlaiminteach

Níl caidreamh oifigiúil ag Parlaimint na hEorpa le Parlaimint na Bealarúise, i ngeall ar mhainneachtain na tíre arís agus arís eile saorthoghcháin chóra a reáchtáil agus caighdeáin idirnáisiúnta maidir leis an daonlathas agus an smacht reachta a chomhlíonadh, mar a léiríodh leis an rabharta nua agóidí agus an cur faoi chois a tharla go tréan i ndiaidh olltoghchán calaoiseach an 18Samhain2019 agus thoghchán uachtaránachta an 9Lúnasa2020. Ar an gcaoi chéanna, níor iarradh ar Chomhaltaí Pharlaimint na Bealarúise a bheith rannpháirteach i dTionól Parlaiminteach Euronest, ós rud é go bhfuil comhlíonadh chaighdeáin ESCE ina réamhchoinníoll do ligean isteach. É sin ráite, tugadh cuireadh go rialta d’ionadaithe d’fhórsaí daonlathacha na Bealarúise freastal ar imeachtaí Thionól Parlaiminteach Euronest.

Ina theannta sin, déanann Parlaimint na hEorpa, trí D-BY, dlúth-idirphlé gníomhach a choinneáil le hionadaithe fhórsaí daonlathacha na tíre, le heagraíochtaí neamhrialtasacha neamhspleácha agus le gníomhaithe na sochaí sibhialta, lena n-áirítear comhaltaí na Comhairle Comhordúcháin agus na Comh-Aireachta Idirthréimhsí Aontaithe a bhunaigh Sviatlana Tsikhanouskaya. Tionóltar cruinnithe D-BY go rialta sa Bhruiséil agus in Strasbourg chun an fhorbairt ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Bhealarúis a phlé agus measúnú a dhéanamh ar an staid pholaitiúil agus eacnamaíoch sa tír, mar aon leis na forbairtí is déanaí maidir leis an daonlathas, sáruithe ar chearta an duine agus an smacht reachta. Thaistil D-BY chuig Mionsc i mí an Mheithimh2015 agus i mí Iúil2017, mar ab amhlaidh lena Bhiúró i mí Dheireadh Fómhair2018 agus i mí Feabhra2020. I mí an Mheithimh2022, chuir D-BY misean ad hoc chuig Vilnias chun bualadh le hionadaithe fórsaí daonlathacha agus na sochaí sibhialta atá ar deoraíocht agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an staid ag an teorainn idir an tAontas agus an Bhealarúis. Cuireadh misean ad hoc D-BY chuig Vilnias i mí na Bealtaine 2023 chun measúnú a dhéanamh ar an mbagairt ó réimeas Lukashenka ar shlándáil na hEorpa, chomh maith le tionchar na Rúise ar an mBealarúis. Bhí misean ad hoc eile chuig Beirlín agus Vársá ar siúl ón 18 go dtí an 21 Nollaig 2023 chun plé a dhéanamh le hionadaithe fhórsaí daonlathacha na Bealarúise ar an straitéis is fearr le glacadh i bhfianaise thoghcháin pharlaiminteacha agus áitiúla mhí Feabhra 2024 sa Bhealarúis, staid dheoraithe na Bealarúise i dtíortha an Aontais agus éifeachtacht smachtbhannaí an Aontais arna bhforchur ar réimeas Lukashenka.

Idir an 11 agus an 14 Márta 2024, eagraíodh an feachtas dlúthpháirtíochta leis an mBealarúis #EPSTANDSBYYOU chun feasacht a mhúscailt faoi staid phríosúnaigh pholaitiúla na Bealarúise. Mar bheart siombalach tacaíochta, shínigh na 𾱲í 600 cárta poist do phríosúnaigh pholaitiúla sa Bhealarúis. ճáԾ an feachtas sin sna sála ar an gcéad tionscnamh den sórt sin i mí na Nollag 2022 a raibh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, rannpháirteach ann.

Ar ócáid Lá Saoirse na Bealarúise an 25 Márta, rinne an Cathaoirleach ar an Toscaireacht don chaidreamh leis an mBealarúis, an Feisire Juozas Olekas, agus Buanrapóirtéir Pharlaimint na hEorpa maidir leis an mBealarúis, an Feisire Petras Auštrevičius, áٱ𲹲 comhpháirteach a fhoilsiú inar cuireadh in iúl gur cúis mhór imní don Pharlaimint táthcheangal de facto na Rúise ar cheannasacht na Bealarúise i raon leathan réimsí. Ba shaoth leo fulaingt phríosúnaigh pholaitiúla na Bealarúise ar caitheadh go mídhaonna leo agus chuir siad in iúl go dtacaíonn an Pharlaimint go buanseasmhach le hiarrachtaí na Comh-Aireachta Idirthréimhsí faoi stiúir Svetlana Tsikhanouskaya chun Bealarúis shaor agus dhaonlathach a bhaint amach.

C. Breathnóireacht toghcháin

Ní bhfuair Parlaimint na hEorpa cuireadh ón mBealarúis chun breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin ó2001. Mar is gnách sna cásanna sin, braitheann Parlaimint na hEorpa ar an meastóireacht a dhéanann Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa agus Tionól Parlaiminteach ECSE/ODIHR sa tír. Ar an drochuair, níor tugadh cuireadh do na breathnóirí idirnáisiúnta sin breathnóireacht a dhéanamh ar thoghchán uachtaránachta an 9Lúnasa2020 ach oiread, in ainneoin an ghealltanais a thug réimeas na Bealarúise roimhe sin go dtabharfaí cuireadh dóibh.

An 8 Eanáir 2024, ’fó Mionsc go hoifigiúil go raibh cinneadh déanta aige gan cuireadh a thabhairt do ESCE breathnóireacht a dhéanamh ar na toghcháin pharlaiminteacha agus áitiúla a tionóladh an 25 Feabhra. Rinne toscaireacht Eagraíocht Comhair Shang-hai agus parlaiminteoirí ó Eagraíocht Chonradh na Comhshlándála, ar comhghuaillíocht mhíleata idir-rialtasach í atá comhdhéanta de shé iar-stát Shóivéadacha san Eoráise, breathnóireacht ar na toghcháin. De réir údaráis na Bealarúise, b’ionann an ráta vótála agus 73.09%.

Sa áٱ𲹲 comhpháirteach maidir le ‘toghcháin’ pharlaiminteacha 2024 sa Bhealarúis, arna eisiúint ag Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha (AFET) i bParlaimint na hEorpa, David McAllister, Cathaoirleach D-BY, Jozuas Olekas, agus Buanrapóirtéir na Parlaiminte maidir leis an mBealarúis, Petras Auštrevičius, tugadh chun suntais nach bhféadfaí toghcháin arna reáchtáil i dtimpeallacht shriantach agus dhiansmachtúil den sórt sin a mheas mar shaorthoghcháin chóra, agus iarradh ar an Aontas, ar a Bhallstáit, agus ar an bpobal idirnáisiúnta gan aitheantas a thabhairt do dhlisteanacht na ndaoine aonair ‘a toghadh’ sa bhallóid.

De réir ESCE, ní raibh aon cheann de na toghcháin a reáchtáladh sa Bhealarúis ó 1995 i leith i gcomhréir le caighdeáin dhaonlathacha idirnáisiúnta. An oíche roimh na toghcháin thuasluaite, d’iarr ODIHR ar Mhionsc na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá air mar chomhalta de ESCE a urramú agus chuir sé in iúl gur cúis mhór imní dó géarleanúint agus coinneáil neamhdhleathach iriseoirí, chosantóirí chearta an duine agus chomhaltaí an fhreasúra pholaitiúil sa Bhealarúis.

Radka Hejtmankova / Vanessa Cuevas Herman / Levente Csaszi