An Ciste um Aistriú Cóir
Is ionstraim airgeadais laistigh den Bheartas Comhtháthaithe é an Ciste um Aistriú Cóir arb é is aidhm leis tacaíocht a thabhairt do chríocha a bhfuil dúshláin mhóra shocheacnamaíocha os a gcomhair mar gheall ar an aistriú i dtreo neodracht aeráide. Leis an gCiste um Aistriú Cóir, éascófar cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, a bhfuil sé mar aidhm leis go mbeidh an tAontas neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.
Bunús Dlí
Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24Meitheamh2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir.
dzٳé
Tá an Ciste um Aistriú Cóir ar cheann de phríomhuirlisí an Aontais Eorpaigh chun tacú le réigiúin san aistriú i dtreo neodracht aeráide faoi 2050.
An 11Nollaig2019, ghlac an Coimisiún Eorpach , ina leagtar amach treochlár i dtreo beartas fáis nua don Aontas. Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip agus d’fhonn cuspóir neodracht aeráide AE a bhaint amach ar bhealach éifeachtach agus cothrom, mhol an Coimisiún Eorpach go gcruthófaí Sásra um Aistriú Cóir, lena n-áirítear Ciste um Aistriú Cóir. Dúirt sé gur cheart don Chiste um Aistriú Cóir díriú ar na réigiúin agus ar na hearnálacha is mó a ndéanann an t-aistriú difear dóibh mar gheall ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise, lena n-áirítear gual, móin agus scealla ola, agus ar phróisis thionsclaíocha atá dian ar gháis cheaptha teasa.
Trí cholún atá sa sásra:
- An Ciste um Aistriú Cóir;
- Scéim thiomnaithe faoin gclár InvestEU;
- Saoráid iasachta don earnáil phoiblí arna soláthar ag an mBanc Eorpach Infheistíochta chun infheistíochtaí breise a spreagadh sna réigiúin lena mbaineann.
Go príomha, soláthrófar deontais leis an gCiste um Aistriú Cóir. Déantar infheistíochtaí príobháideacha a bhrú isteach sa scéim thiomnaithe um aistriú faoi InvestEU. Ba cheart go ndéanfadh gníomhaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta maoiniú poiblí a ghiaráil.
An tacaíocht arna soláthar tríd an gCiste um Aistriú Cóir, beidh sí dírithe ar éagsúlú eacnamaíoch na gcríoch is mó a mbíonn tionchar ag aistriú aeráide agus ar athsciliú agus ar chuimsiú gníomhach oibreoirí agus cuardaitheoirí poist na gcríoch sin. Beidh critéir incháilitheachta le haghaidh infheistíochtaí faoin dá cholún eile de chuid an Chiste um Aistriú Cóir níos leithne chun tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aistriú fuinnimh freisin.
ܲóí
Tá an Ciste um Aistriú Cóir ina phríomhuirlis chun tacú leis na críocha ina n-imreoidh an t-aistriú i dtreo neodracht aeráide an tionchar is mó agus chun méadú ar éagothromaíochtaí réigiúnacha a chosc. Is iad na príomhchuspóirí atá aige tionchar an aistrithe a mhaolú trí mhaoiniú a thabhairt d’éagsúlú agus do nuachóiriú an gheilleagair áitiúil agus trí na hiarmhairtí diúltacha ar an bhfostaíocht a mhaolú. Chun a chuspóirí a bhaint amach, tacóidh an Ciste um Aistriú Cóir le hinfheistíochtaí i réimsí amhail nascacht dhigiteach, teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain, laghdú astaíochtaí, athghiniúint suíomhanna tionsclaíocha, athoiliúint oibrithe agus cúnamh teicniúil.
Cuirtear an Ciste um Aistriú Cóir chun feidhme faoi rialacha bainistíochta comhroinnte, rud a chiallaíonn go mbeidh dlúthchomhar le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ann. Chun rochtain a fháil ar thacaíocht an Chiste um Aistriú Cóir , beidh ar na Ballstáit pleananna críochacha um aistriú cóir a chur isteach. Leagtar amach sna pleananna sin na réimsí sonracha idirghabhála, bunaithe ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an aistrithe. Go háirithe, ní mór a chur san áireamh sna pleananna sin na caillteanais post a bhfuiltear ag súil leo agus athrú ó bhonn ar phróisis táirgthe na saoráidí tionsclaíocha leis na déine is airde gás ceaptha teasa.
Buiséad agus rialacha airgeadais
Cuireann an Ciste um Aistriú Cóir tacaíocht ar fáil do na Ballstáit go léir. Tá na critéir leithdháilte bunaithe ar astaíochtaí tionsclaíocha i réigiúin ina bhfuil déine ard carbóin, fostaíocht i dtionscal agus i mianadóireacht guail agus ligníte, táirgeadh móna agus scealla ola, agus leibhéal na forbartha eacnamaíche. Na Ballstáit sin nár thug gealltanas go fóill maidir le cur chun feidhme chuspóir na neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050, ní bhronnfar orthu ach 50% den leithdháileadh atá beartaithe acu. Déantar leibhéal cómhaoinithe AE na dtionscadal a shocrú i gcomhréir leis an gcatagóir réigiúin ina bhfuil na tionscadail sin suite. I gcás na réigiún lagfhorbartha, tá sé socraithe ag 85% ar a mhéad, 70%igcás na réigiún trasdula agus 50%igcás na réigiún níos forbartha.
Tá buiséad iomlán EUR17.5billiún ag an gCiste um Aistriú Cóir don tréimhse 2021-2027. Maoinítear EUR7.5billiún faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil agus maoinítear EUR10mbilliún breise faoi NextGenerationEU.
Is féidir leis na Ballstáit an leithdháileadh a dhéanann siad ar an gCiste um Aistriú Cóir a chomhlánú leis na hacmhainní a leithdháiltear faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus.
Ról Pharlaimint na hEorpa
Le linn na caibidlíochta ar thogra an Chiste um Aistriú Cóir, bhí imní ar leith ar Pharlaimint na hEorpa faoin tionchar socheacnamaíoch a bheidh ag an aistriú i dtreo geilleagar a bheadh neodrach ó thaobh na haeráide de agus mhol sí bearta chun cuidiú leis an bpróiseas a chur i gcrích gan tuilleadh éagothromaíochtaí idir réigiúin agus gan aon duine a fhágáil ar lár.
Mhol Parlaimint na hEorpa go leathnófaí raon feidhme na ngníomhaíochtaí is féidir a mhaoiniú faoin gCiste um Aistriú Cóir, chun go n-áireofar micrifhiontair, ollscoileanna agus institiúidí poiblí taighde, chomh maith leis an nuálaíocht dhigiteach agus gníomhaíochtaí i réimsí an oideachais agus an chuimsithe shóisialta. Leis sin, chuirfí ar chumas réigiún, daoine, fiontar agus geallsealbhóirí eile dul i ngleic go héifeachtach le hiarmhairtí sóisialta, fostaíochta, eacnamaíocha agus comhshaoil an aistrithe chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de. Ina theannta sin, mhol Parlaimint na hEorpa sraith eisiamh do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe, ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le gné shóisialta an chiste.
In 2020, mhol Parlaimint na hEorpa go leithdháilfí buiséad i bhfad ní b’airde ar an gCiste um Aistriú Cóir. Leis sin, bhíothas in ann aistrithe ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus a dhéanamh ar bhonn deonach. Mhol Parlaimint na hEorpa freisin go gcuirfí isteach ‘Sásra do Luaíocht Ghlas’, lena ndéanfaí maoiniú breise a leithdháileadh ar na Ballstáit a laghdaíonn a gcuid astaíochtaí gáis ceaptha teasa ar ráta níos tapúla ná mar a rabhthas ag súil leis.
Ghlac an Pharlaimint téacs críochnaitheach an rialacháin lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir go foirmiúil an 18 Bealtaine agus ghlac an Chomhairle é i vótáil an 7 Meitheamh 2021. Síníodh an gníomh deiridh an 24 Meitheamh agus foilsíodh é in an Aontais Eorpaigh an 30 Meitheamh 2021.
Frédéric Gouardères