Ϸվ

ճܲá - A9-0083/2020ճܲá
A9-0083/2020

MOLADHar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt chun críche Prótacail, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

22.4.2020-(07048/2015 – C9‑0195/2019 – )-***

An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht.
Rapóirtéir: Roberts Zīle

Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
A9-0083/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0083/2020
Díospóireachtaí :
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt chun críche Prótacail, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

(07048/2015 – C9‑0195/2019 – )

(մǾú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07048/2015),

ag féachaint don dréachtPhrótacal lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (07047/2015),

ag féachaint don dréachtChomhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mholdóiv, den pháirt eile,

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0195/2019),

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0083/2020),

1.ag tabhairt a toilithe do thabhairt chun críche an Phrótacail;

2.á threorú dá hUachtarán a seasamh a dhíriú chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Phoblacht na Moldóive.


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Cuirtear san áireamh sa Phrótacal seo a ghabhann leis an gComhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir AE agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive, aontachas na Cróite le AE ar an 1 Iúil 2013. Cuid de Chomhpháirtíocht an Oirthir de chuid AE agus de bheartas comharsanachta AE i gcoitinne is ea an Comhaontú féin. Gabhfaidh an comhaontú nua seo ionad na gcomhaontuithe déthaobhacha atá cheana ann maidir le seirbhísí aerthráchta idir Ballstáit AE agus an Mholdóiv.

Nós imeachta

Is é an Coimisiún a rinne an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta a chaibidliú faoi mar a d’údaraigh an Chomhairle i mí an Mheithimh 2011 agus síníodh an comhaontú an 26 Meitheamh 2012, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí, i gcomhréir le Cinneadh 2012/639/AE[1]. Ag leanúint as aontachas na Cróite leis an Aontas, rinneadh an Prótacal seo maidir le haontachas Phoblacht na Cróite, atá ag gabháil leis an gComhaontú sin, a shíniú an 22 Iúil 2015[2].

Chun an Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt chun críche, caithfidh an Chomhairle toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 2018 CFAE.

I gcomhréir le Rialacha 105 agus 114(5), (7) agus (8) de rialacha nós imeachta Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an coiste freagrach moladh a thíolacadh chun an gníomh molta a fhormheas nó a dhiúltú. Ansin glacfaidh Parlaimint na hEorpa cinneadh trí vótáil aonair, agus ní fhéadfar aon leasú ar an gComhaontú a chur síos. Ní bheidh leasuithe i gcoiste inghlactha ach amháin má tá sé mar aidhm acu an moladh atá molta ag an Rapóirtéir a fhreaschur.

Príomhfhorálacha an Chomhaontaithe

Ní athraíonn an Prótacal seo substaint an Chomhaontaithe um an gComhlimistéar Eitlíochta leis an Mholdóiv, ar cuid de bheartas comharsanachta AE é. Cuireann sé leis an bhforbairt ar an gcreat de chomhaontuithe aeriompair déthaobhacha idir Ballstáit AE agus an Mholdóiv, agus gabhann sé ionad an chreata sin, trí Chomhlimistéar Eitlíochta a bhunú idir AE agus a Chomhpháirtithe an Oirthir. Forálann sé d’oscailt an mhargaidh de réir a chéile ó thaobh rochtain ar bhealaí agus acmhainneachta de ar bhonn cómhalartach, áirithíonn sé machaire comhréidh do na hoibreoirí eacnamaíocha bunaithe ar phrionsabail AE agus forálann sé do reachtaíocht eitlíochta na Moldóive a ailíniú le reachtaíocht AE a mhéid a bhaineann le saincheisteanna amhail sábháilteacht, an tslándáil agus bainistiú aerthráchta.

Seasamh an Rapóirtéara

Cuirtear san áireamh sa Phrótacal seo aontachas na Cróite le AE agus ní dhéantar aon athrú ar shubstaint an Chomhaontaithe féin, a bhfuil toiliú molta cheana ag an Rapóirtéir ina leith sa mholadh ar leithligh, i bhfianaise an mhéid thuasluaite, molann an Rapóirtéir gur cheart do Choiste TRAN moladh fabhrach a thabhairt i leith thabhairt chun críche an Phrótacail.


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Prótacal lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus an Mholdóiv chun aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

ղí

07048/2015 – C9-0195/2019 –

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

11.12.2019

Coiste freagrach

Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

TRAN

19.12.2019

鲹óéí

Dáta an cheapacháin

Roberts Zīle

18.7.2019

Dáta a ghlactha

21.4.2020

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

47

0

0

𾱲í a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Marco Campomenosi, Ciarán Cuffe, Andor Deli, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Ismail Ertug, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Jens Gieseke, Elsi Katainen, Kateřina Konečná, Elena Kountoura, Julie Lechanteux, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Rovana Plumb, Tomasz Piotr Poręba, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Vera Tax, Barbara Thaler, István Ujhelyi, Petar Vitanov, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Clare Daly, Maria Grapini, Maximilian Krah

Dáta don chur síos

22.4.2020


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

47

+

ECR

Peter Lundgren, Tomasz Piotr Poręba, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

GUE/NGL

Clare Daly, Kateřina Konečná, Elena Kountoura

ID

Marco Campomenosi, Maximilian Krah, Julie Lechanteux, Philippe Olivier, Lucia Vuolo

NI

Mario Furore

PPE

Magdalena Adamowicz, Andor Deli, Gheorghe Falcă, Jens Gieseke, Benoît Lutgen, Marian‑Jean Marinescu, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Barbara Thaler, Elissavet Vozemberg‑Vrionidi, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska

RENEW

José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan‑Christoph Oetjen, Dominique Riquet

S&D

Andris Ameriks, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Maria Grapini, Bogusław Liberadzki, Rovana Plumb, Vera Tax, István Ujhelyi, Petar Vitanov

VERTS/ALE

Ciarán Cuffe, Karima Delli, Anna Deparnay‑Grunenberg, Tilly Metz

0

-

0

0

Eochair do na siombailí:

+:i bhfabhar

-:i gcoinne

0:staonadh

An nuashonrú is déanaí: 7 Bealtaine 2020
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais