Ϸվ

Tairiscint i gcomhair rúin - B10-0075/2025Tairiscint i gcomhair rúin
B10-0075/2025

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚINmaidir le bréagaisnéis agus falsú staire na Rúise chun údar a thabhairt lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine

20.1.2025-()

chun an díospóireacht maidir leis an ráiteas ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a thabhairt chun críche
de bhun Riail136(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Rasa Juknevičienė, Michael Gahler, Andrzej Halicki, Sebastião Bugalho, David McAllister, Siegfried Mureşan, Željana Zovko, Isabel Wiseler‑Lima, Nicolás Pascual de la Parte, Mika Aaltola, Krzysztof Brejza, Daniel Caspary, Sandra Kalniete, Seán Kelly, Ondřej Kolář, Łukasz Kohut, Andrey Kovatchev, Miriam Lexmann, Antonio López‑Istúriz White, Danuše Nerudová, Mirosława Nykiel, AnaMiguel Pedro, Paulius Saudargas, Davor Ivo Stier, Michał Szczerba, Alice Teodorescu Måwe, Ingeborg TerLaak, Matej Tonin, Pekka Toveri, Inese Vaidere, Milan Zver
thar ceann an Ghrúpa PPE

Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúinRC-B10-0074/2025

Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
B10-0075/2025
Téacsanna arna gcur síos :
B10-0075/2025
Díospóireachtaí :
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

10‑0075/2025

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le bréagaisnéis agus falsú staire na Rúise chun údar a thabhairt lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine

()

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin agus leis an Rúis,

ag féachaint don dearbhú uaithi maidir leis an 23 Lúnasa a fhorógairt mar Lá Eorpach Cuimhneacháin d’Íospartaigh an Naitsíochais agus an Stailíneachais[1],

ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le cuimhneachán stairiúil, lena n-áirítear na rúin uaithi an 2 Aibreán 2009 maidir le coinsias Eorpach agus an t-ollsmachtachas[2], an 19 Meán Fómhair 2019 maidir leis an tábhacht a bhaineann le cuimhneachán Eorpach do thodhchaí na hEorpa[3], agus an 15 Nollaig 2022, 90 bliain tar éis Holodomor: An t-ollmharú tríd an ocras a aithint mar chinedhíothú[4],

ag féachaint do Rún 1481 ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an 26 Eanáir 2006 maidir leis an ngá atá le cáineadh idirnáisiúnta ar choireanna réimeas ollsmachtach Cumannach,

ag féachaint do ráiteas Uimh. 3078-IX óVerkhovna Rada na hÚcráine an 2 Bealtaine 2023 maidir le húsáid a bheith á baint ag réimeas polaitiúil Chónaidhm na Rúise as idé-eolaíocht an Rúis-fhaisisteachais agus ag cáineadh bhunghnéithe agus chleachtais na hidé-eolaíochta sin mar phrionsabail ollsmachtacha agus mhíchaidreamhacha,

ag féachaint do Rún Comhreathach 9 ó Chomhdháil na Stát Aontaithe an 7 Feabhra 2023 dar teideal ‘Denouncing the horrors of socialism’ [Uafáis an tsóisialachais a cháineadh],

ag féachaint do Riail136(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.de bhrí go bhfuil comóradh 86 bliana á dhéanamh i mbliana ar Chomhaontú Molotov-Ribbentrop agus ar na prótacail rúnda a ghabhann leis, lena ndeacaigh Stailín agus Hitler i mbun comhcheilge chun an Eoraip a roinnt ina réimsí tionchair idir dhá réimeas ollsmachtacha, an Ghearmáin Naitsíoch agus an tAontas Sóivéadach, agus lenar réitíodh an bealach do thús an Dara Cogadh Domhanda, agus, dá bharr sin, don mhéid gan fasach a d’fhulaing daoine agus do thíortha san Eoraip a bheith á bhforghabháil ar feadh na mblianta fada a bhí le teacht;

B.de bhrí, faoin dlí idirnáisiúnta, go raibh prótacail rúnda Chomhaontú Molotov-Ribbentrop ar neamhní ab initio, toisc gur shárú tromchúiseach iad ar an toirmeasc ar an bhfogha, a bunaíodh le Conradh Ginearálta an 27 Lúnasa 1928 maidir le Diúltú don Chogaíocht mar Ionstraim Beartais Náisiúnta; de bhrí gur dhearbhaigh sínitheoirí an dá stát go raibh siad neamhbhailí in 1989, go háirithe Comhdháil APSS d’Ionadaithe na nDaoine an 24 Nollaig 1989, agus de bhrí go nglacann an comhphobal idirnáisiúnta i gcoitinne leis sin mar fhíric dhlíthiúil agus stairiúil sheanbhunaithe, lena n-áirítear i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine;

C.de bhrí gurbh ionann tabhairt i gcrích phrótacail rúnda Chomhaontú Molotov-Ribbentrop agus coir idirnáisiúnta in aghaidh na síochána, amhail cogadh foghach a phleanáil agus a thionscnamh, nach féidir aon údar a fháil ina leith sa dlí idirnáisiúnta;

D.de bhrí go bhfuil an 23 Lúnasa á chomóradh ó 2009 i leith mar Lá Cuimhneacháin Eorpach d’íospartaigh na réimeas ollsmachtach agus forlámhach uile ar leibhéal an Aontais;

E.de bhrí, tar éis an Dara Cogadh Domhanda, gur ghlac leath na hEorpa an tsaoirse agus an daonlathas, agus gur fhan an leath eile taobh thiar den Chuirtín Iarainn agus faoi rialú an Aontais Shóivéadaigh ollsmachtaigh agus a réimeas cumannach satailíte, rud a dheighil an mhór-roinn ar feadh leathchéad bliain go dtí gur chlis ar an Aontas Sóivéadach; de bhrí go bhfuil iarmhairtí na deighilte sin fós ann sa lá atá inniu ann;

F.de bhrí gur cuireadh na deicheanna milliún duine chun báis agus go ndearnadh géarleanúint pholaitiúil orthu agus go ndearna na Sóivéadaigh ainghníomhartha orthu le linn an Dara Cogadh Domhanda agus ina dhiaidh, agus idir 18 agus 20 milliún acu á gcoinneail mar phríosúnaigh i gcampaí saothair éigeantais ar a dtugtaí Gulaganna, agus idir 1.5 agus 2 mhilliún acu siúd nár tháinig slán[5], gur díbríodh 6 mhilliún acu le forneart agus gur cuireadh beagnach 5 mhilliún acu faoi chois go polaitiúil le struchtúir slándála, agus 1 mhilliún acu ar a laghad curtha chun báis[6]; de bhrí, in 1932 agus 1933, ar chríoch Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine, go ndearna ceannaireacht réimeas ollsmachtach Bolshevik cinedhíothú, ar ar tugadh an Holodomor, i gcoinne cuid de ghrúpa náisiúnta na hÚcráine, agus bás líon measta 4.5 milliún duine ar a laghad mar thoradh air[7];

G.de bhrí nach ndearna an Rúis a ról a aithint maidir le tús a chur leis an Dara Cogadh Domhanda agus nár ghlac sí lena freagracht as ainghníomhartha a rinneadh i gcríocha a bhí faoi fhorghabháil ag an Aontas Sóivéadach; de bhrí, murab ionann agus na coireanna a rinne réimeas na Naitsithe, nach raibh na coireanna a rinne deachtóireachtaí cumannacha san Eoraip sa 20ú haois ina n-ábhar do mheasúnú agus cáineadh iomlán dlíthiúil agus polaitiúil idirnáisiúnta agus gur rannchuidigh sé sin le hionstraimiú na staire faoi riail Vladimir Putin sa Rúis;

H.de bhrí gur in 2025 atá comóradh 80 bliain á dhéanamh ar dheireadh an Dara Cogadh Domhanda; de bhrí go bhfuil Cónaidhm na Rúise, arb í an stát comharbachta APSS í, ag iarraidh monaplacht a dhéanamh ar an mbua ar an Naitsíochas agus go bhfuil cultas ‘bua’ cruthaithe aici chun Rúisigh a shlógadh go hidé-eolaíoch chun leanúint den chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go ndearnadh uirlis bholscaireachta cogaidh de Lá Bhua an 9 Bealtaine sa Rúis;

I.de bhrí go leanann an Rúis, arb í an stát í a mhaíonn gurb ise atá ag coinneáil an Aontais Shóivéadaigh agus Impireacht na Rúise ar bun agus gurb ise atá ina comharba orthu ag an am céanna, de bheith ag maíomh go bhfuil raon eisiach tionchair aici ar a stáit chomharsanachta agus go ndiúltaíonn sí go gníomhach dá gceannasacht, dá bhféiniúlacht náisiúnta agus dá gceart chun bheith ann, rud a bhuanaíonn oidhreacht Chomhaontú Molotov-Ribbentrop agus a thugann beo athuair d’uaillmhian shárach an choncais impiriúil; de bhrí, roimh an ionradh iomlán ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, gur chuir an Rúis a héilimh faoi bhráid na Stát Aontaithe agus thíortha ECAT go dtabharfaí aitheantas dá leasanna eisiacha san Úcráin agus i dtíortha iar-Shóivéadacha, i dtíortha a bhí faoi fhorghabháil na Sóivéadach agus i dtíortha satailíte Sóivéadacha;

J.de bhrí gurb é an toradh a bhí ar bheartas coilíneach impiriúil leanúnach na Rúise ná fogha míleata i gcoinne na Seoirsia in 2008, forghabháil na Crimé agus tús an chogaidh in Donbas in 2014 agus gurbh é a tháinig as ar deireadh ná cogadh foghach iomlán neamhdhleathach gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine a thosaigh an 24 Feabhra 2022, agus sceimhliú chórasach ar phobal sibhialtach na hÚcráine, scriosadh a bonneagair straitéisigh agus coireanna á ndéanamh in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh ar léiriú soiléir iad ar intinn ghéinicídeach i leith mhuintir na hÚcráine[8];

K.de bhrí go mbíonn an Rúis ag bagairt fogha míleata go leanúnach ar thíortha an Aontais, agus bagairtí núicléacha san áireamh, ag díriú go háirithe ar na tíortha a bhí faoi fhorghabháil nó faoi rialú indíreach Mhoscó roimhe seo, agus go bhfuil ionsaithe déanta aici i gcoinne daoine aonair ar chríoch an Aontais; de bhrí go bhfuil ionsaithe hibrideacha á seoladh ag an Rúis i gcoinne Bhallstáit AE agus go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil sí ag cur isteach ar phróisis dhaonlathacha AE; de bhrí go bhfuil fianaise ann freisin go bhfuil trasnaíocht agus cúbláil ar bun ag an Rúis i roinnt mhaith tíortha daonlathacha, chomh maith le tacaíocht phraiticiúil á tabhairt aici d’fhorsaí antoisceacha agus radacacha chun díchobhsú an Aontais a chur chun cinn;

L.de bhrí go raibh an Rúis ag baint úsáid as stair fhalsaithe mar casus belli, agus coireanna Sóivéadacha á gceilt go córasach aici agus bréagaisnéis stairiúil á scaipeadh aici chun údar a thabhairt lena fogha i gcoinne a stát comharsanachta; de bhrí go bhfuil an stair ionstraimithe ag réimeas Putin mar iarracht dílseacht mhuintir na Rúise a dhaingniú trí chumha a chruthú do mhórgacht mhaíte na hImpireachta Sóivéadaí, trí stair na Rúise agus na hÚcráine a fhalsú, trí dhiúltú do bheartas Khrushchev coireanna Stailíneacha a aithint agus a cháineadh, trí chúlú ar aitheantas agus cáineadh Gorbachev ar Chomhaontú Molotov-Ribbentrop agus trí chliseadh an Aontais Shóivéadaigh a dhearbhú mar an tragóid ba mhó dar thit amach sa chéad roimhe sin; de bhrí go bhfuil leachtanna cuimhneacháin Holodomor á leagan ag an Rúis agus go bhfuil séadchomharthaí díchoimisiúnaithe in ómós do Lenin á n-athbhunú aici i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil[9];

M.de bhrí go raibh an Rúis ag cur bac ar thaighde stairiúil, ag diúltú rochtain a thabhairt ar chartlanna Sóivéadacha, agus géarleanúint á déanamh aici ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair chun coireanna Sóivéadacha a imscrúdú agus a mheasúnú, chomh maith le coireanna arna ndéanamh ag an réimeas reatha; de bhrí go bhfuil géarleanúint á déanamh faoi reachtaíocht na Rúise orthu siúd atá ag iarraidh an fhírinne a insint faoi na coireanna sin, lena n-áirítear Comhshocrú Molotov-Ribbentrop agus an cogadh foghach atá ar siúl i gcoinne na hÚcráine;

N.de bhrí, maidir le ceilt agus glóiriú coireanna Sóivéadacha, lena n-áirítear údar iomlán a thabhairt do Chomhshocrú Molotov-Ribbentrop agus do ghníomhartha foghacha a rinneadh ina dhiaidh sin, na héilimh ar limistéar leasa eisiach a chuimsíonn críoch uile an iar-Aontais Shóivéadaigh agus impireacht shárach na Rúise, mar aon le béim a leagan ar ardcheannas agus misean eisiach stát na Rúise agus ar dhiúltú don daonlathas, do chearta an duine agus don smacht reachta mar luachanna coimhthíocha an Iarthair, más fíor, gur príomhcholúin idé-eolaíocht an Rúis-fhaisisteachais (‘domhan na Rúise’) anois iad, atá taobh thiar de chogaí foghacha agus beartais ionsaitheacha na Rúise chomh maith lena feachtais bhréagaisnéise agus a gníomhaíochtaí cogaíochta hibridí i gcoinne AE agus thíortha eile an Iarthair;

O.de bhrí, i roinnt Ballstát, go bhfuil toirmeasc dlí ar idé-eolaíochtaí agus siombailí cumannacha agus Naitsíocha, chomh maith le siombailí fhogha leanúnach na Rúise;

P.de bhrí, ó 2023 i leith, go ndéanann Parlaimint na hEorpa comóradh bliantúil ar íospartaigh olldíbirtí Sóivéadacha, trí ómós a thabhairt d’ainmneacha na ndaoine a díbríodh ó thailte a bhí faoi fhorghabháil Shóivéadach agus trí na hainmneacha sin a léamh;

1.ag aithint fhreagracht chomhroinnte Ghearmáin na Naitsithe agus an Aontais Shóivéadaigh araon as tús a chur leis an Dara Cogadh Domhanda agus é mar aidhm acu an Eoraip a roinnt ina dhá réimse tionchair eisiaigh de chuid an dá réimeas ollsmachtacha, ar bhonn Chomhaontú Molotov-Ribbentrop agus na bprótacal rúnda a ghabhann leis;

2.ag cáineadh na gcleachtas agus na n-éileamh ar bhunú limistéar leasa eisiach a dhéanfadh dochar do cheannasacht agus iomláine chríochach na stát, mar chleachtais agus éilimh nach réitíonn leis an dlí idirnáisiúnta, ar i gcomhréir leis atá sé de cheart ceannasach ag gach stát a ráthaíochtaí slándála a roghnú, lena n-áirítear comhghuaillíochtaí cosanta, agus na modhanna chun folláine a phobail a áirithiú; á mheabhrú nach bhféadfadh aon bhreithniú ar cibé cineál, bíodh sé polaitiúil, eacnamaíoch, míleata nó eile, a bheith ina bhonn cirt leis an bhfogha;

3.á mheabhrú gurbh é an Dara Cogadh Domhanda an choinbhleacht ba mharfaí agus ba bhrúidiúla i stair an duine; ag aithint go ndearna na Sóivéideaigh forghabháil mar thoradh air agus go ndearnadh ollchoireanna i gcoinne na ndaoine agus na náisiún a bhí faoi smacht na hImpireachta Sóivéadaí; ag cur béim ar an bhfíoras gur príomhchoinníoll é an easpa saoirse ó phionós chun na coireanna sin a chosc go héifeachtach agus ag tabhairt dá haire gur féidir leis na coireanna sin tarlú arís eile mar gheall ar shaoirse ó phionós i gcás coireanna nach ndéantar measúnú ina leith;

4.á chur in iúl gur oth léi nár aithin Cónaidhm na Rúise coireanna Sóivéadacha ar leibhéal an stáit, gur dhiúltaigh sí d’iarrachtaí a rinne ceannairí Sóivéadacha roimhe seo coireanna Stailíneacha a aithint agus a cháineadh, nár dhiúltaigh sí dá stair impiriúil ná dá cur chuige coilíneach i leith a stát agus a náisiún comharsanachta, cur chuige as ar eascair cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus bagairtí cogaidh i gcoinne dhaonlathais an Iarthair;

5.ag cáineadh go neamhbhalbh ionradh na Rúise ar an Úcráin, gníomhartha foghacha eile amhail forghabháil agus ionghabháil chríoch na hÚcráine, coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna atá déanta ag an Rúis san Úcráin, fhuadach agus díbirt éigeantach leanaí na hÚcráine chuig Cónaidhm na Rúise, an bheartais maidir le muintir na hÚcráine a dhídhaonnú agus dhiúltú a bhféiniúlachta náisiúnta;

6.ag cáineadh fhalsú agus shaobhadh córasach na staire arna dhéanamh ag an gCreimil agus a seach-ionadaithe, a úsáidtear mar arm i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, arb é is aidhm dóibh údar a thabhairt lena coireanna agus caitheamh i ndiaidh an impiriúlachais a chur chun cinn in aigne dhaonra na Rúise agus a lucht tacaíochta go hidirnáisiúnta; ag cáineadh na n-ionsaithe ar imeachtaí comórtha, cultúrtha agus oideachais atá tiomnaithe do chuimhne íospartaigh na gcoireanna a rinne APSS;[10]

7.á athdhearbhú go n-aithníonn sí olldíbirtí Sóivéadacha agus an córas príosúin Gulag mar choir in aghaidh an chine dhaonna agus an Holodomor mar chinedhíothú i gcoinne mhuintir na hÚcráine; á mheas gur chinedhíothú í díbirt phobal Tatarach uile na Crimé in 1944; á mheas, thairis sin, gur chinedhíothú iad coireanna a rinneadh le linn ionradh an Airm Dheirg ar an tSiléis Uachtarach in 1945, ar a dtugtar Tragóid na Siléise Uachtaraí ;

8.ag moladh tionscnaimh reachtacha, taidhleoireachta, thionscnaimh na sochaí sibhialta, agus tionscnaimh eile atá dírithe ar thaighde agus meastóireacht a dhéanamh ar choireanna an ollsmachtachais san Eoraip, iad a aithint agus feasacht a mhúscailt ina leith, go háirithe na coireanna siúd a rinne réimis Naitsíocha agus chumannacha; ag spreagadh taighde acadúil agus oideachas ar stair agus ar chultúr Oirthear na hEorpa, agus ar choilíneachas na Rúise ón 18ú haois go dtí an 21ú haois;

9.á iarraidh go músclófaí feasacht ar stair na gcoireanna ollsmachtacha Naitsíocha agus cumannacha agus go ndéanfaí í a lánpháirtiú go córasach i gcuraclaim scoile i mBallstáit uile an Aontais; á chur in iúl gur geal léi Faireachlann Chomhairle na hEorpa um Stair a Mhúineadh san Eoraip agus á mholadh go léireofaí léi an gá atá le heolas ar choireanna Sóivéadacha agus cumannacha a mhéadú ar fud na hEorpa, i bhfianaise na bréagaisnéise stairiúla a scaipeann Cónaidhm na Rúise agus a seach-ionadaithe;

10.á iarraidh ar Bhallstáit uile an Aontais measúnú soiléir agus ar bhonn prionsabail a dhéanamh ar na coireanna agus ar na gníomhartha foghacha a rinne na réimis ollsmachtacha chumannacha agus réimeas na Naitsithe; á iarraidh go gcáinfí coireanna cumannacha Sóivéadacha ar an leibhéal idirnáisiúnta, laistigh de na Náisiún Aontaithe mar shampla;

11.á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do thionscadail stairiúla chuimhne agus chuimhneacháin na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, chun feabhas a chur ar thacaíocht d’institiúidí cuimhne agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, go háirithe ardáin Eorpacha trastíre amhail an tArdán Eorpach um Chuimhne agus um Choinsias agus an Líonra Eorpach don Chuimhneachán agus don Dlúthpháirtíocht, agus toscaire speisialta a bhunú don chuimhneachán Eorpach agus don ollsmachtachas a chosc;

12.á chur in iúl gur oth léi an úsáid leanúnach a bhaintear as siombailí réimeas ollsmachtach i spásanna poiblí agus á iarraidh go gcuirfí toirmeasc ar fud an Aontais ar an úsáid a bhaintear as siombailí na Naitsithe agus as siombailí cumannacha Sóivéadacha araon chomh maith le siombailí d’fhogha leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl go dtacaíonn sí le cuimhneachán uile-Eorpach a thógáil d’íospartaigh réimis ollsmachtacha an 20ú haois sa Bhruiséil;

13.ag tabhairt freagra ar achainí Verkhovna Rada na hÚcráine trí idé-eolaíocht impiriúil náisiúnach, beartas agus cleachtais réimeas reatha na Rúise (Rúis-fhaisisteachais) a cháineadh go neamhbhalbh, ar idé-eolaíocht, beartas agus cleachtais iad lena gcuirtear chun cinn fogha míleata na Rúise, a hiarrachtaí dúshlán a thabhairt do shlándáil agus ord na hEorpa agus a bagairtí go ndéanfaí tuilleadh fogha i gcoinne na hEorpa agus go ndíothófaí luachanna Eorpacha an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta; á chur i bhfáth go bhfuil an idé-eolaíocht, an beartas agus na cleachtais sin neamh-chomhoiriúnach leis an dlí idirnáisiúnta;

14.á iarraidh an athuair go mbunófaí binse idirnáisiúnta speisialta chun coir an fhogha i gcoinne na hÚcráine a phionósú, lena bhféadfaí deireadh a chur leis an tsaoirse ó phionós agus aghaidh a thabhairt ar an easpa meastóireachta soiléire ar fhogha agus ainghníomhartha impiriúlacha leanúnacha Sóivéadacha agus na Rúise i gcoinne a comharsana agus leis an idé-eolaíocht uile is bonn leis na gníomhartha sin;

15.á chur in iúl go dtacaíonn sí le hiarrachtaí na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (ICC) coireanna cogaidh, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus, b’fhéidir, cinedhíothú a ionchúiseamh mar chuid de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag cáineadh go láidir cásanna neamh-chomhoibrithe le ICC i bhforghníomhú barántas gabhála;

16.á iarraidh ar an Aontas dlús a chur leis an taighde ar theicneolaíochtaí nua tionchair hibridigh a úsáideann an Rúis mar stát is ionsaitheoir agus gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh chun iad a chomhrac; ag tathant ar AE mapáil ghníomhaíochtaí AE atá ann cheana a thabhairt chun críche maidir leis an mbréagaisnéis agus an chumarsáid straitéiseach a chomhrac chun úsáid éifeachtúil acmhainní agus comhordú a áirithiú, agus chun caochspotaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint inár gcur chuige maidir le cur i gcoinne bhréagaisnéis na Rúise;

17.á mheabhrú gur bagairt shistéamach í an trasnaíocht eachtrach nach mór a chomhrac go bríomhar; á thabhairt chun suntais nach saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus leis an tslándáil amháin iad an chogaíocht hibrideach agus ionramháil agus trasnaíocht eachtrach ar fhaisnéis, ach go gcuireann siad fíor-bhonn ár ndaonlathas i mbaol; ag tathant ar institiúidí AE cur chuige trasearnála buan a ghlacadh chun ionramháil agus trasnaíocht eachtrach ar fhaisnéis a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil comhar agus comhordú feabhsaithe le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo ríthábhachtach chun ionstraimiú na staire agus scaipeadh na bréagaisnéise a chomhrac;

18.á chur i bhfios go láidir nár cheart go gceadófaí don Rúis ná dá hionadaithe gnéithe neamhréitithe de stair dhéthaobhach agus réigiúnach a ionstraimiú chun bac a chur ar an toil fíor-athmhuintearas a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi aon iarrachtaí a dhéanann Úcráin agus na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na hábhair sin atá ar feitheamh, mar shampla sléacht Volhynia, de mheon an athmhuintearais dhílis, dhínit an duine, na fírinne stairiúla agus an dea-chaidrimh comharsanachta, agus ag spreagadh na n-iarrachtaí sin; á chreidiúint, le dea-thoil an dá pháirtí lena mbaineann, go leigheasfaidh próiseas foighneach athmhuintearais na créachtaí a rinneadh san am a chuaigh thart; á chur in iúl gur geal léi, i bhfianaise na bprionsabal thuasluaite, na dearbhuithe a rinne rialtais na Polainne agus na hÚcráine le déanaí maidir le toiliú thaobh na hÚcráine leanúint d’uaigheanna Polannacha a oscailt ar chríoch na hÚcráine agus adhlacadh díniteach a chur ar fáil do na híospartaigh; á chur in iúl go bhfuil súil aici go bhféadfaí tús a chur arís le hoscailt na n-uaigheanna chomh luath le hearrach 2025;

19.á chreidiúint nach féidir deireadh a chur le hoidhreacht mhillteach Chomhshocrú Molotov-Ribbentrop ach amháin nuair is féidir le náisiúin cheannasacha atá i gcomharsanacht na Rúise a bhfuil mianta Eora-Atlantacha acu, amhail an Úcráin, an Mholdóiv agus an tSeoirsia, a roghanna beartais eachtraigh a chur chun feidhme faoi shaoirse gan cur isteach nó gan bhac;

20.á chreidiúint go mbeadh tionchar dearfach ag lánpháirtiú mear Eora-Atlantach na hÚcráine agus tíortha eile sa réigiún ar chlaochlú na Rúise trína léiriú do dhaonra na Rúise nach mbaineann na tíortha sin le réimse tionchair na Rúise a thuilleadh agus trí shampla spreagúil den rathúnas agus den fhorbairt dhaonlathach a chur ar fáil atá bunaithe ar luachanna Eorpacha maidir le cearta an duine agus an tsíocháin, lena bhféadfaí saothrú na dea-bhaile eacnamaíche agus sóisialta a chur in ionad shaothrú na glóire impiriúla cumhach;

21.á áitiú gurb é bua iomlán míleata na hÚcráine an t-aon bhealach i dtreo na síochána inbhuanaithe san Eoraip agus i dtreo dheireadh fhonn díoltais ionsaitheach Chónaidhm na Rúise, ós rud é nach amháin go gcuirfidh sé deireadh le fulaingt na hÚcráine, ach go gcuideoidh sé freisin leis an Rúis a meon agus a hidé-eolaíocht impiriúil a thabhairt suas, rud lena gcuirfí deiseanna ar fáil d’athrú daonlathach sa Rúis agus i dtíortha forlámhacha eile freisin amhail an Bhealarúis;

22.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an Uachtarán, chuig rialtas agus Verkhovna Rada na hÚcráine agus chuig údaráis na Rúise.

An nuashonrú is déanaí: 23 Eanáir 2025
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais