Ϸվ

ճܲá - A9-0087/2020ճܲá
A9-0087/2020

MOLADHar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne

23.4.2020-(14185/2019 – C9‑0191/2019 – )-***

An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht.
Rapóirtéir: Tomasz Piotr Poręba

Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
A9-0087/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0087/2020
Díospóireachtaí :
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (14185/2019 – C9‑2019 – )

(մǾú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14185/2019),

ag féachaint don dréacht-Chomhaontú maidir le Sábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (09702/2018),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal100(2) agus le hAirteagal218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0191/2019),

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0087/2020),

1.ag tabhairt a toilithe an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Dhaon-Phoblacht na Síne.

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Cuspóir an Chomhaontaithe

Is é is aidhm don Chomhaontú, maidir le comhar feabhsaithe i réimse dheimhniú tháirgí, chomhpháirteanna agus fhearais na haerloingseoireachta agus i bhformhaoirseacht ar tháirgeadh agus deimhniú comhshaoil, comhar feabhsaithe a chumasú agus faireachán a dhéanamh ina leith. Dhéanfadh sé sin sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a fheabhsú agus trádáil agus infheistíocht i dtáirgí aerloingseoireachta a éascú.

Leis an gComhaontú, léirítear struchtúr na gComhaontuithe Sábháilteachta Eitlíochta Déthaobhacha atá ann cheana ("BASAnna") idir an tAontas agus tríú tíortha (SAM, Ceanada agus an Bhrasaíl).

Príomhfhorálacha an chomhaontaithe

Faoi mar is amhlaidh i gcás na BASAnna atá ann cheana, tá an Comhaontú bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach chóras a chéile agus ar chomparáid idir difríochtaí rialála. Bíonn i gceist leis oibleagáidí agus modhanna chun comhar a bheith ann idir na húdaráis agus na gníomhairí teicniúla ionas gur féidir leis na gníomhairí teicniúla a ndeimhniú féin a eisiúint maidir leis an táirge aerloingseoireachta, an chomhchuid nó an fearas gan na measúnuithe go léir arna ndéanamh ag an údarás áitiúil a dhúbailt.

Sonraítear sa Chomhaontú go nglacfaidh gach páirtí le fionnachtana comhlíontachta mar thorthaí ar nósanna imeachta Údarás Inniúil an Pháirtí eile.

Déantar foráil sa Chomhaontú freisin do chóras leanúnach comhair agus comhairliúcháin a chuirtear i bhfeidhm trí bhíthin comhar feabhsaithe faoi chuimsiú iniúchtaí, cigireachtaí, fógraí agus comhairliúcháin thráthúla.

Leis an gComhaontú, bunaítear an Comhchoiste atá in ann leasuithe a ghlacadh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú. Mhol an Chomhairle an Coimisiún a údarú chun leasuithe beartaithe den sórt sin a fhormheas thar ceann an Aontais a mhéid atá na leasuithe sin comhsheasmhach le gníomhartha dlíthiúla ábhartha an Aontais agus faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear tuilleadh i gcinneadh na Comhairle maidir leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích.

Nós imeachta

Dheonaigh an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht an 7 Márta 2016.

Síníodh an Comhaontú an 20 Bealtaine 2019, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

Chun an Comhaontú a thabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, caithfidh an Chomhairle toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 2018 CFAE. Thíolaic an Chomhairle iarraidh le haghaidh fhormheas na Parlaiminte an 10 Nollaig 2019.

I gcomhréir le Rialacha 105 agus 114(5), (7) agus (8) de rialacha nós imeachta na Parlaiminte, déanfaidh an coiste freagrach moladh a thíolacadh chun an gníomh molta a fhormheas nó diúltú dó. Ansin glacfaidh an Pharlaimint cinneadh trí vótáil aonair. Ní bheidh leasuithe i gcoiste inghlactha ach amháin má tá sé mar aidhm acu an moladh atá molta ag an Rapóirtéir a fhreaschur.

Seasamh an Rapóirtéara

Leis an gComhaontú, tacófar le hearnáil aerloingseoireachta an Aontais Eorpaigh trí éascú a dhéanamh ar thrádáil in aerárthaí agus i dtáirgí gaolmhara mar gheall ar nósanna imeachta níos giorra agus níos simplí um cheadú táirgí, agus níos saoire dá bhrí sin agus glacadh éascaithe a bheith déanta ar fhionnachtana deimhniúcháin. Ina theannta sin, soláthrófar leis an gComhaontú creat do chomhar sábháilteachta eitlíochta leis an tSín, agus cuirfear le leibhéal na sábháilteachta eitlíochta sibhialta agus na comhoiriúnachta comhshaoil.

I bhfianaise na ráiteas thuas, molann an Rapóirtéir go dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú an Comhaontú a thabhairt chun críche. Ós rud é nach féidir leis teacht i bhfeidhm go dtí go dtabharfar chun críche é, bheadh sé an-inmhianaithe nach gcuirfidh an Chomhairle moill ar bhailchríoch a chur ar a nósanna imeachta a luaithe a bheidh a cinneadh glactha ag an bParlaimint.


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta

ղí

14185/2019 – C9-0191/2019 –

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

3.12.2019

Coiste freagrach

Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

TRAN

19.12.2019

鲹óéí

Dáta an cheapacháin

Tomasz Piotr Poręba

12.9.2019

Dáta a ghlactha

21.4.2020

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

47

0

0

𾱲í a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Marco Campomenosi, Ciarán Cuffe, Andor Deli, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Ismail Ertug, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Jens Gieseke, Elsi Katainen, Kateřina Konečná, Elena Kountoura, Julie Lechanteux, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Rovana Plumb, Tomasz Piotr Poręba, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Vera Tax, Barbara Thaler, István Ujhelyi, Petar Vitanov, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Clare Daly, Maria Grapini, Maximilian Krah

Dáta don chur síos

23.4.2020


VÓTÁLA CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

47

+

ECR

Peter Lundgren, Tomasz Piotr Poręba, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

GUE/NGL

Clare Daly, Kateřina Konečná, Elena Kountoura

ID

Marco Campomenosi, Maximilian Krah, Julie Lechanteux, Philippe Olivier, Lucia Vuolo

NI

Mario Furore

PPE

Magdalena Adamowicz, Andor Deli, Gheorghe Falcă, Jens Gieseke, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Benoît Lutgen, Marian-Jean Marinescu, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Barbara Thaler, Elissavet Vozemberg‑Vrionidi

RENEW

José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan‑Christoph Oetjen, Dominique Riquet

S&D

Andris Ameriks, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Maria Grapini, Bogusław Liberadzki, Rovana Plumb, Vera Tax, István Ujhelyi, Petar Vitanov

VERTS/ALE

Ciarán Cuffe, Karima Delli, Anna Deparnay‑Grunenberg, Tilly Metz

0

-

0

0

Eochair do na siombailí:

+:i bhfabhar

-:i gcoinne

0:staonadh

An nuashonrú is déanaí: 29 Aibreán 2020
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais